Funding Schemes

Scéim na gCampaí Samhraidh 2025

Tá maoiniú á chur ar fáil ag Foras na Gaeilge do champaí samhraidh oiriúnacha trí Ghaeilge don aos óg (3 bliana – 18 mbliana d’aois):

  • a bhfuil sé mar aidhm acu an Ghaeilge a threisiú trí mheascán d’imeachtaí;
  • nach campaí cónaithe iad;
  • a mhairfidh 5 lá;
  • a mhairfidh ar a laghad 4.5 uair an chloig gach lá;
  • a bheidh á reáchtáil idir an 23 Meitheamh agus an 29 Lúnasa 2025.

Is scéim neamhbhrabúsach í seo chun táillí an champa a choinneáil íseal do na daoine óga.

Is le hairgead poiblí a bhronntar deontais, agus tá dualgais reachtúla ar Fhoras na Gaeilge chun luach ar airgead gach tionscadail mhaoinithe a dheimhniú.

Molann Foras na Gaeilge d’iarratasóirí cómhaoiniú a lorg le haghaidh tionscadal, nuair is cuí, agus comhoibriú le heagraíochtaí eile leis an luach is fearr a fháil ó dheontas Fhoras na Gaeilge.

Cuirimid fáilte faoi leith roimh iarratais ó eagraíochtaí atá suite i gceantair aitheanta i straitéisí agus/nó i reachtaíocht rialtais.

Má tá aon cheist agat faoi ghné ar bith de na critéir cháilitheacha, déan teagmháil le Foras na Gaeilge roimh an spriocdháta hAoine, 14ú Márta 2025 ag 5.00pm.

Scéim Miondeontas Colmcille

Tá an Scéim Miondeontas ann le cuidiú comhthionscnaimh agus comhpháirtíocht a fhorbairt idir lucht labhartha Gaeilge na hÉireann agus Gaeilge na hAlban.

 

 

Scéim Tionscadal Colmcille 2025

Tá maoiniú á chur ar fáil ag Foras na Gaeilge trí Scéim Tionscadal Colmcille le cuidiú le hiarratasóirí caidreamh a chothú idir pobail teanga Ghaeilge na hAlban agus Ghaeilge na hÉireann agus an dá theanga seo a neartú tríd an chaidreamh.

Spriocdháta: Dé hAoine an 22 Samhain 2024

Scéim Tacaíochta Fuinnimh

Tá ciste fógartha ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán le tacaíocht éigeandála aon-uaire a chur ar fáil d’eagrais phobail agus dheonacha in earnáil na Gaeilge le dul i ngleic leis an ardú atá tagtha ar chostais fuinnimh le bliain anuas.

An Ciste Tionscadal 2023

An Ciste Tionscadal 2023, Is ciste é seo atá dírithe ar réimsí oibre agus tionscadail nach bhfuil clúdaithe faoi scéimeanna Fhoras na Gaeilge.