Funding Schemes

An Scéim d’Ionaid Phobail Ghaeilge 2022-2023

Is é an aidhm atá leis an scéim seo maoiniú a chur ar fáil d’ionaid phobail Ghaeilge ar fud na tíre, a chuideoidh ionaid a fhorbairt ar mhaithe leis an nGaeilge a chur chun cinn, a chothú agus a bhuanú ar bhonn pobail.

 

Beidh an scéim iomaíoch seo oscailte d’iarratasóirí áit ar bith in Éirinn taobh amuigh den Ghaeltacht oifigiúil.

 

Ní mór d’eagraíocht a dhéanfaidh iarratas a léiriú gurb í an Ghaeilge an teanga oibre agus chumarsáide maidir le reáchtáil an ionaid agus go mbeidh clár gníomhaíochtaí Gaeilge á éascú san ionad, a dhéanfaidh an Ghaeilge a chur chun cinn, a chothú agus a bhuanú ar bhonn pobail.

 

Faoin Scéim seo níl maoiniú ar fáil ach d’ ionaid phobail Ghaeilge. Is féidir maoiniú a chur ar fáil le haghaidh 50% ar a mhéad de chostais cláir gníomhaíochtaí Gaeilge agus 50% ar a mhéad de chostais reatha ionaid pobail Gaeilge.    

 

Tá suas le €720,000 de bhuiséad iomlán ag an scéim tacaíochta seo go dtí deireadh 2023.

 

Is é an spriocdháta le hiarratais a fháil 12 meán lae, an 16 Meitheamh 2022.

 

Má tá spéis agat iarratas a dhéanamh léigh na treoirlínte ar dtús sula gcomhlánóidh tú an fhoirm iarratais atá ar fáil thíos

 

Treoirlínte

Foirm Iarratais

An Ciste Tionscadal 2022

Cuireann Foras na Gaeilge fáilte roimh eagraíochtaí ar mian leo iarratas a dhéanamh ar an gCiste Tionscadal. Is ciste é seo atá dírithe ar réimsí oibre agus tionscadail nach bhfuil clúdaithe faoi scéimeanna Fhoras na Gaeilge agus tá idir €1,000/£900 agus €12,000/£10,800 ar fáil mar dheontas.

Scéim na nImeachtaí Óige 2024/2025

Tá maoiniú á chur ar fáil ag Foras na Gaeilge do chláir oiriúnacha imeachtaí óige de dhá sheisiún déag trí Ghaeilge don aos óg idir trí bliana agus ocht mbliana déag d’aois taobh amuigh den Ghaeltacht: