An Scéim d’Ionaid Phobail Ghaeilge 2022-2023

Is é an aidhm atá leis an scéim seo maoiniú a chur ar fáil d’ionaid phobail Ghaeilge ar fud na tíre, a chuideoidh ionaid a fhorbairt ar mhaithe leis an nGaeilge a chur chun cinn, a chothú agus a bhuanú ar bhonn pobail.   Beidh an scéim iomaíoch seo oscailte d’iarratasóirí áit ar bith in Éirinn taobh amuigh den Ghaeltacht oifigiúil.   Ní mór d’eagraíocht a dhéanfaidh iarratas a léiriú gurb í an Ghaeilge an teanga oibre agus chumarsáide maidir le reáchtáil an ionaid agus go mbeidh clár gníomhaíochtaí Gaeilge á éascú san ionad, a dhéanfaidh an Ghaeilge a chur chun cinn, a chothú agus a bhuanú ar bhonn pobail.   Faoin Scéim seo níl maoiniú ar fáil ach d’ ionaid phobail Ghaeilge. Is féidir maoiniú a chur ar fáil le haghaidh 50% ar a mhéad de chostais cláir gníomhaíochtaí Gaeilge agus 50% ar a mhéad de chostais reatha ionaid pobail Gaeilge.       Tá suas le €720,000 de bhuiséad iomlán ag an scéim tacaíochta seo go dtí deireadh 2023.   Is é an spriocdháta le hiarratais a fháil 12 meán lae, an 16 Meitheamh 2022.   Má tá spéis agat iarratas a dhéanamh léigh na treoirlínte ar dtús sula gcomhlánóidh tú an fhoirm iarratais atá ar fáil thíos   Treoirlínte Foirm Iarratais
Stádas
Dúnta
Dáta Deiridh
16 Meitheamh 2022

Is é an aidhm atá leis an scéim seo maoiniú a chur ar fáil d’ionaid phobail Ghaeilge ar fud na tíre, a chuideoidh ionaid a fhorbairt ar mhaithe leis an nGaeilge a chur chun cinn, a chothú agus a bhuanú ar bhonn pobail.

 

Beidh an scéim iomaíoch seo oscailte d’iarratasóirí áit ar bith in Éirinn taobh amuigh den Ghaeltacht oifigiúil.

 

Ní mór d’eagraíocht a dhéanfaidh iarratas a léiriú gurb í an Ghaeilge an teanga oibre agus chumarsáide maidir le reáchtáil an ionaid agus go mbeidh clár gníomhaíochtaí Gaeilge á éascú san ionad, a dhéanfaidh an Ghaeilge a chur chun cinn, a chothú agus a bhuanú ar bhonn pobail.

 

Faoin Scéim seo níl maoiniú ar fáil ach d’ ionaid phobail Ghaeilge. Is féidir maoiniú a chur ar fáil le haghaidh 50% ar a mhéad de chostais cláir gníomhaíochtaí Gaeilge agus 50% ar a mhéad de chostais reatha ionaid pobail Gaeilge.    

 

Tá suas le €720,000 de bhuiséad iomlán ag an scéim tacaíochta seo go dtí deireadh 2023.

 

 

Is é an spriocdháta le hiarratais a fháil 12 meán lae, an 16 Meitheamh 2022.

 

Má tá spéis agat iarratas a dhéanamh léigh na treoirlínte ar dtús sula gcomhlánóidh tú an fhoirm iarratais atá ar fáil thíos