Scéim na nImeachtaí Óige 2020/2021

Tá an spriodháta d'iarratais don scéim seo curtha siar go 12 meánlae ar an Luan an 27 Aibreán 2020.
Stádas
Dúnta
Dáta Deiridh
27 Aibreán 2020

Tá maoiniú á chur ar fáil ag Foras na Gaeilge do shraith d’imeachtaí Óige (ar a laghad 12 sheisiún i ngach sraith) oiriúnacha trí Ghaeilge don aos óg (3 bliana – 18 mbliana d’aois) taobh amuigh den Ghaeltacht:

  • a bhfuil sé mar aidhm acu an Ghaeilge a threisiú trí mheascán d’imeachtaí;
  • nach imeachtaí cónaithe iad;
  • a bheidh á reáchtáil idir an 31 Lúnasa 2020 agus an 03 Iúil 2021;
  • nach féilte, comórtais, nó imeachtaí aon lae amháin iad.

Is le hairgead mpoiblí a bhronntar deontais, agus tá dualgais reachtúla ar Fhoras na Gaeilge chun luach ar airgead gach tionscadail mhaoinithe a dheimhniú.

Molann Foras na Gaeilge d’iarratasóirí cómhaoiniú a lorg le haghaidh tionscadal, nuair is cuí, agus comhoibriú le heagraíochtaí eile leis an luach is fearr a fháil ó dheontas Fhoras na Gaeilge.

Cuirimid fáilte faoi leith roimh iarratais ó eagraíochtaí atá lonnaithe i gceantair aitheanta i straitéisí agus/nó i reachtaíocht Rialtais.

Cáipéisí:

Tabhair faoi deara go gcaithfidh gach iarratasóir an seicliosta um chumhdach cuí a chur isteach leisan iarratas, tá na seicliostaí ar fáil thíos;

Is gá cóip chrua shínithe a chur isteach chuig Foras na Gaeilge roimh an spriocdháta.

Má tá aon cheist agat faoi ghné ar bith de na critéir cháilitheacha, déan teagmháil le
Foras na Gaeilge. Tá an spriodháta d’iarratais curtha siar go 12 meánlae ar an Luan an 27 Aibreán 2020.