Glao ar iontrálacha – an Gradam Margaíocht le Gaeilge

16 Ean
 

Tá na Gradaim Mhargaíochta Uile-Éireann, atá á reachtáil ag an Institiúid Mhargaíochta, ag ceiliúradh ceithre bliana déag ar an bhfód i mbliana. Tá siad ag glacadh le hiontrálacha faoi láthair agus is é an dáta deiridh Déardaoin an 6 Feabhra 2020.

Faoi láthair táimid ag lorg iontrálacha don ghradam Margaíocht le Gaeilge, atá urraithe ag Foras na Gaeilge, an eagraíocht uile-Éireann a thacaíonn lenár dteanga náisiúnta agus a chuireann í chun cinn.

An Gradam Margaíocht le Gaeilge

Tá an t-idirdhealú ríthábhachtach sa mhargaíocht, agus is bealach an-láidir é úsáid na Gaeilge mar chuid den mhargaíocht le seasamh amach ón slua. Bíonn a lán comhlachtaí Éireannacha ag lorg bealaí le béim a chur ar a ndúchas agus ar luachanna a mbranda. Tá na moltóirí ag lorg samplaí de ghnólachtaí a bhain leas as an bhféidearthacht mhargaíochta a bhaineann leis an nGaeilge agus leis an dátheangachas, agus a d’úsáid seo le tacú le brandáil agus le suí a aimsiú sa mhargadh. Féadfaidh iontrálaithe a bheith ag úsáid na Gaeilge le custaiméirí nua a mhealladh, le cur le dílseacht custaiméirí, dea-thoil a fháil, buntáiste margaíochta a bhreith ar iomaitheoirí, nó a n-iarrachtaí maidir le caidreamh poiblí a fheabhsú.

 

Tuilleadh eolais ar fáil ag www.aimawards.ie nó is féidir teagmháil a dhéanamh le hAisling Ní Fhearraigh ag anifhearraigh@forasnagaeilge.ie.

Cuir d'ainm ar ár liosta poist

Cuir d'ainm ar ár liosta poist leis an nuacht is déanaí maidir le Foras na Gaeilge a fháil.