Léiríonn buaicphointí 2019 éileamh níos mó ná riamh ar shuíomhanna foclóireachta Fhoras na Gaeilge

Tá lúcháir ar Fhoras na Gaeilge staitisticí maidir le buaicphointí 2019 a fhoilsiú inniu. Léiríonn na staitisticí cuid den tacaíocht a cuireadh ar fáil do réimse leathan earnálacha lena n-áirítear forbairtí ag leibhéal an phobail, foilsitheoireacht, gnó, na healaíona, agus óige.

Léiríonn anailís ar shuíomhanna foclóireachta Fhoras na Gaeilge gur thug níos mó cuairteoirí ná riamh cuairt ar na suíomhanna le 2.1m úsáideoir ag foclóir.ie (ardú 12% ar 2018) agus 1.8m úsáideoir ag teanglann.ie (ardú 29% ar 2018).

Ag labhairt faoi obair na bliana, dúirt príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Léiríonn an fás atá ag teacht go bliantúil ar úsáid foclóir.ie agus teanglann.ie an t-éileamh atá ar na suíomhanna sin i measc an phobail agus a thábhachtaí atá ár n-obair foclóireachta don phobal. Faoi láthair, táimid ag ullmhú do chéim stairiúil i gcur chun cinn na Gaeilge sa stát - is é sin foclóir ar líne a chur ar fáil mar leabhar. Táimid ag súil le bliain fhorásach in 2020 agus muid ag tacú leis an rialtas ó thuaidh Oifig an Choimisinéara a bhunú agus Straitéis don Ghaeilge a fhorbairt agus a chur chun cinn. Bunaithe ar aiseolas ón phobal beidh ár dTreo Straitéiseach 2021-2025 le foilsiú, agus lena dhéanamh níos éasca don phobal iarratas a dhéanamh, beidh ár gcóras iarratas ar dheontais a thabhairt ar líne den chéad uair. Beidh maoiniú á chur ar fáil againn d’Oireachtas na Gaeilge a bheidh á eagrú i mbliana i nGaillimh mar chuid de Ghaillimh 2020.”

“Chuir Foras na Gaeilge €4.6m ar fáil do na sé cheanneagraíocht Ghaeilge le tacú le forbairt na teanga ag leibhéal an phobail ar fud na tíre. As an mhaoiniú sin tá scéimeanna iontacha á bhforbairt – Gaelbhratach, Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, agus réimse leathan gníomhaíochtaí do dhaoine óga,” arsa Seán Ó Coinn, príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge.

Anuas ar bhuaicphointí 2019, tá áthas ar Fhoras na Gaeilge a fhógairt gur cheadaigh bord Fhoras na Gaeilge deontais dar luach €94,584 d’fhéilte trí Scéim na bhFeilte ag an gcéad chruinniú in 2020. I measc na bhféilte a thabharfaidh ardán náisiúnta agus idirnáisiúnta do na healaíona in 2020 beidh Féile na Mí, Féile na Bealtaine (Ciarraí), Scoil Samhraidh Mhic Reachtain (Béal Feirste) agus Cúirt 2020 - Féile Litríochta Idirnáisiúnta (Gaillimh).

Tuilleadh eolais:

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175   Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie