NAOMH COLM CILLE LE SOILSIÚ INNIU: LAS COINNEAL AG 5.21PM

Inniu, Dé Máirt an 7 Nollaig 2021, tá Colmcille 1500 á chomóradh, cuimhneachán 1,500 bliain ó bhreith Naomh Colm Cille, agus comóradh domhanda a oidhreachta. Is é Coinneal Cholm Cille an t-ainm a tugadh ar thionscadal soilsithe a rinneadh a choimisiúnú go speisialta, ina dteilgfear íomhánna ar fhoirgnimh shuntasacha ar fud na hÉireann agus na hAlban. Tarraingíonn na híomhánna cumhachtacha seo aird ar na dlúthnaisc chultúrtha idir Éire agus Albain, naisc a neartaíodh le linn ré Cholm Cille agus a leanann ar aghaidh go fóill. Óna áit bhreithe go dtí láthair a uaighe ar Oileán Í, agus ó Bhallaí Dhoire go Teach Laighean, tugann na soilsithe ómós cuí dár naomhphátrún, Colm Cille.

Is é an clár comhpháirtíochta Colmcille, arna reáchtáil ag Foras na Gaeilge agus Bòrd na Gàidhlig, a nascann pobail Ghaeilge na hÉireann agus Ghaeilge na hAlban le chéile, a thugann urraíocht do Cholmcille 1500 agus a dhéanann é a éascú, le tacaíocht na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Rinne pobail agus eagraíochtaí éagsúla ar fud na hÉireann, na hAlban agus níos faide i gcéin an bhliain a cheiliúradh ar a lán dóigheanna. Dhírigh cuid acu ar oidhreacht spioradálta agus reiligiúnach an naoimh; bhí spéis ag cuid acu i ngné na staire agus na seandálaíochta; agus beidh cuid eile ag ceiliúradh na nasc teanga agus cultúrtha idir na Gaeil ar fud na cruinne.

 

I measc na dtionscadal agus na gcoimisiún beartaithe do Cholmcille 1500 tá na nithe seo a leanas:

 

  • Coinneal Cholm Cille - Foirgnimh ar fud na hÉireann agus na hAlban soilsithe le híomhánna a dhéanann ceiliúradh ar na naisc chultúrtha idir Éire agus Albain. Tá rannpháirtíocht oscailte do chách agus sinn ag tabhairt cuireadh don phobal coinneal a lasadh do Cholm Cille ag 5.21 p.m. anocht.
  • I bpóstaer speisialta comórtha tá Éire agus Albain agus taispeántar príomhláithreacha a bhaineann le Colm Cille. Cuireann an póstaer i gcuimhne dúinn na naisc dhoimhne idir an dá náisiún labhartha Gaeilge, nasc a neartaigh Colm Cille le linn a shaoil féin tá 1,500 bliain ó shin, agus a mhaireann inniu. Beidh an póstaer ar fáil in eagrán an lae inniu de The Irish Times.
  • Is duine de phríomh-urlabhraithe cheol agus fhilíocht Ghaeilge na hAlban é Marcas Mac an Tuairneir, agus tugann sé le chéile comhoibrithe Gaelacha fá choinne sraith de dhánta físe i nGaeilge na hAlban, Gaeilge na hÉireann agus Manainnis.
  • I measc saothair choimisiúnaithe eile tá dealbh le John McCarron, úrscéal do dhéagóirí le Feargal Ó Béarra, scannán le Déirdre Ní Mhathúna agus mír aithrise ar shaol Cholm Cille le Clamairí Ard Mhacha.

 

Tá an mór-amhránaí agus cumadóir amhrán, Pádraigín Ní Uallacháin, i ndiaidh amhrán a chumadh dar teideal Colm Bán na Síochána, a dhíríonn ar an aistear a rinne Colm Cille go hAlbain agus a shaol ar deoraíocht. Ag tionlacan an amhráin tá Fin Moore ar phíb bheag na hAlban, Dónal O’Connor ar an fhidil agus Macdara Ó Graham.

Arsa Pádraigín Ní Uallacháin, “Is é is mó a spreag mé fá scéal Cholm Cille na téamaí ceangal, deoraíocht agus ionracas. Tagraítear dó seo uilig san amhrán: an nasc idir Éire agus Albain, obair agus ealaín, idir bhealaí cearta agus neamheiticiúla. Tá téama na síochána agus na deoraíochta ann chomh maith, agus an seasamh a bhí aige ag tacú le healaíontóirí a linne, filí agus maisitheoirí san áireamh. Aithním ann fear cineálta, cróga, ealaíonta, umhal a raibh grá domhain aige d’Éirinn agus d’Albain – fear déanta síochána a rinne meancóga, a d’aithin a laigí agus a ghlac freagracht as a ghníomhartha. Leoga, eiseamláir dár n-aimsir féin.” 

 

Arsa Tristan Rosenstock, Comhordaitheoir Cholmcille 1500, “Bí linn agus las coinneal do Cholm Cille ag 5.21 p.m. anocht, rud a chuireann i gcuimhne dúinn bliain a bhreithe, agus sinn uilig ag ceangal le chéile le solas a chaitheamh ar a oidhreacht bhuan.”

 

Lean sinn ag #Colmcille1500 ar Instagram, YouTube agus Twitter inniu, agus roinn do chuid íomhánna féin le bheith páirteach agus solas buan Cholm Cille a chomóradh.