Nuair a Imreoidh mé don Chontae
Creidim Ionat
Tionscadal de chuid Fhoras na Gaeilge i gcomhar le RTÉ is ea Creidim Ionat, lena n-iarrtar ar gach duine a bhfuil suim acu sa Ghaeilge sprioc teanga a roghnú agus a bhaint amach le cabhair ó mheantóir agus ón réimse leathan acmhainní atá ar fáil cheana. D’fhéadfadh na spriocanna a bheith chomh simplí le roinnt nathanna cainte nua a úsáid, amhrán Gaeilge a fhoghlaim, nó leabhar Gaeilge a léamh. Tá Foras na Gaeilge, an comhlacht poiblí atá freagrach as cur chun cinn na Gaeilge ar fud na hÉireann, i mbun cainteoirí Gaeilge a spreagadh chun iad féin a chur chun cinn mar mheantóirí d’fhonn tacú le meantaithe sprioc teanga a bhaint amach.
An tAmhrán
Bhí an léiritheoir agus láithreoir raidió le RTÉ 2FM, Aindriú de Paor, ina mheantóir ar The 2 Johnnies, mar chuid den fheachtas, agus iad ar aistear teanga chun leagan Gaeilge dá n-amhrán mór le rá ‘When I Play For County’ a thaifeadadh.
Treoir:
-
- Léigh an leagan Gaeilge (íoslódáil anseo). Léigh os ard gach véarsa in éindí leis na daltaí agus cleachtaigí an fuaimniú/foghraíocht. Abair leis na daltaí nóta a dhéanamh d'aon fhocal nach bhfuil ar eolas acu.
- Éist leis an amhrán thuas. Bain triail as an gcurfá a chanadh le chéile gan an ceol ar dtús, agus lean ar aghaidh ón bpointe sin!
- Tar éis roinnt cleachtaidh, can an t-amhrán iomlán le chéile.
- Abair linn conas ar éirigh libh! Uaslódáil bhur leagan do na meáin shóisialta leis an #CreidimIonat.