Pobal
2021
Scéim Deontas Cholmcille 2021
Tá an spriocdháta do Bhabhta 1 den scéim seo curtha siar go dtí an 16 Aibeán 2021.
Tá sé mar aidhm ag an scéim seo caidreamh a chothú idir pobail teanga Ghaeilge na hAlban agus na hÉireann agus Gaeilge na hAlban agus na hÉireann a neartú tríd an chaidreamh seo. Beidh dhá bhabhta den scéim deontas ann in 2021:
Léigh níos mó
Babhta 1
· Spriocdháta istigh (16 Aibreán 2021)
· Iarratais le haghaidh tionscadail a gcuirfear tús leo in 2021
· Uasteorainn €12,000/£10,800
Babhta 2
· Spriocdháta Dé Luain 17 Meán Fómhair 2021
· Iarratais le haghaidh tionscadail a gcuirfear tús leo in 2021/2022
· Uasteorainn €12,000/£10,800
Is féidir iarratas a dhéanamh ar suas le 80% de chostais uile an tionscadail. Tá an scéim oscailte d’eagraíocht ar bith atá i riocht an caidreamh a chur chun cinn, agus a bhfuil an cháipéisíocht chuí acu.
Tuilleadh Eolais
Treoir Scéim Deontas Cholmcille 2021
Foirm Iarratas Scéim Deontas Cholmcille 2021
Léigh níos lú
Stádas: OSCAILTE
2021
Scéim Sparánachta Cholmcille 2021
Scéim sparánachta do dhaoine a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu agus ar mian leo freastal ar chúrsa i nGaeilge na hAlban in 2021.
Léigh níos mó
Spriocdháta: 12.00 meánlae, Dé hAoine, 21 Feabhra 2021.
Foirm Iarratais Treoir Scéim Sparánachta Cholmcille 2021
Léigh níos lú
Stádas: DÚNTA
2017
Grúpaí le Gaeilge 2018
Tacaíonn an scéim seo le deiseanna úsáide sa phobal trí mhaoiniú a chur ar fáil do ghrúpaí le clár gníomhaíochtaí a bhaineann le sainspéis atá acu a reáchtáil trí Ghaeilge.
Spriocdháta: 1 Nollaig, Meánlae
Léigh níos mó
Coinníollacha na scéime
An grúpa
- Is coiste pobail an grúpa atá ag déanamh an iarratais. Caithfidh ainm an ghrúpa a bheith ag teacht le hainm chuntas bainc an ghrúpa. Níl eagrais reachtúla, údaráis áitiúla nó deontaithe reatha de chuid Fhoras na Gaeilge incháilithe le cur isteach ar an scéim seo. Beidh cóip de ráiteas bainc reatha an choiste ag teastáil.
- Tá ar a laghad cúigear sa ghrúpa.
- An Ghaeilge atá mar mheán cumarsáide ag an ngrúpa, ach is gníomhaíochtaí a bhaineann le sainspéis seachas an Ghaeilge féin atá beartaithe ag an ngrúpa sa chlár gníomhaíochtaí.
An clár gníomhaíochtaí
- Tá clár gníomhaíochtaí neamhbhrabúsach do dhaoine os cionn 18 mbliana d’aois beartaithe ag an ngrúpa.
- Tacaíonn an clár gníomhaíochtaí le bunaidhm na scéime (féach thuas).
Tuilleadh eolais/Foirm iarratais ar líne
Léigh níos lú
Stádas: DÚNTA
2016
Scéim Pobal Gaeilge
Aidhm: Fáiltíonn Foras na Gaeilge roimh iarratais ó eagraíochtaí pobail ar Scéim Pobal Gaeilge. Tríd an scéim seo maoineoidh Foras na Gaeilge gréasán d’oifigigh forbartha Gaeilge phobalbhunaithe a fhostófar faoi stiúir coistí Gaeilge logánta ar feadh ceithre bliana ó Iúil 2016. Beidh feidhmeanna éascaithe agus gréasánaíochta ag na hoifigigh sin, mar aon le feidhmeanna a bhaineann le forais eile a fhorbairt ina mbeadh an Ghaeilge á húsáid agus á cur chun cinn ar leas an phobail sin.
Léigh níos mó
Tá Scéim Pobal Gaeilge 2016 - 2020 dúnta.
Tuilleadh eolais:
Seol ríomhphost chuig spg@forasnagaeilge.ie
Tuilleadh eolais sna cáipéisí thíos:
Scéim Pobal Gaeilge Treoirlínte
Treoirlínte - Iarratais leictreonacha
Scéim Pobal Gaeilge Foirm Iarratais
Léigh níos lú
Stádas: Dúnta
Scéim Miondeontas Cholmcille le haghaidh tionscnamh nó comhpháirtíocht le hAlbain a chur chun cinn.
Is féidir cur isteach ar an scéim seo am ar bith: níl spriocdháta ag an scéim.
Léigh níos mó
Cúlra
Colmcille 1500
Ón 7 Nollaig 2020 go dtí an 7 Nollaig 2021, beidh comóradh ar 1500 bliain ó rugadh Naomh Colmcille, a bhunaigh Mainistir Oileán Í. Is siombail é Colmcille den chomhoibriú idir tíortha sna hoileáin seo. Chomh maith leis na gnáthchritéir, beidh fáilte roimh iarratais a thógann feasacht ar oidhreacht Naomh Colmcille agus a thugann daoine le chéile, go háirithe idir Éire agus Albain.
Tá trí scéim maoinithe ag Colmcille:
Má tá tú ag iarraidh tionscnamh a fhorbairt le comhpháirtí in Albain, nó a bhainfeas le Gaeilge na hAlban, tá an scéim miondeontas seo (scéim 1 thuas) ann le cuidiú le comhthionscnaimh agus comhpháirtíocht a fhorbairt. Nuair a bheidh an chomhpháirtíocht agus an plean tionscnaimh aontaithe faoin scéim miondeontas seois féidir iarratas a dhéanamh ar Scéim Deontas Cholmcille (scéim 2 thuas, príomhscéim deontas Cholmcille), a thugann leibhéal tacaíochta níos airde, má bhíonn sin de dhíth.
Má tá spéis agat iarratas a dhéanamh gabh chun cainte le hoifigigh Cholmcille ag Foras na Gaeilge sula líonfaidh tú foirm iarratais na scéime.
Scéim MDCC Treoir Gaeilge
Scéim Miondeontas Cholmcille - Foirm Iarratais
Scéim Miondeontas foirm dhátheangach glan
Léigh níos lú