Ceolchoirm Oíche Chultúir, 16 Meán Fómhair: An Bóthar

Osclófar doirse Fhoras na Gaeilge ar Oíche Chultúir do thaibhiú beo de thionscadal An Bóthar: Amhráin ar Dhánta le Seán Ó Ríordáin, ar an 16 Meán Fómhair ó 8.00 p.m. i gCeannáras Fhoras na Gaeilge, 7 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath. 

Bhí Seán Ó Ríordáin (1916 -1977) ina ghuth dearscnach i bhfilíocht na Gaeilge sa 20ú haois, guth a dtugtar cluas dó go fóill. Déanann An Bóthar ceiliúradh ar a chomóradh céad bliain le hamhráin a cumadh ar rogha de dhánta an fhile uathúil seo a 'sheinn ar chláirseach ársa na ngnáthrudaí.' Eisithe mar EP i Márta 2016, seo deis annamh an tionscadal a fheiceáil ina steillebheatha ar stáitse. Cuirfear athleaganacha speisialta de cheol an EP chomh maith le hamhráin nua-chumtha i láthair ar an oíche.

An ceoltóir Bleá Cliathach Mark Lynch a cheap an tionscadal seo, ina nglacann na haíonna speisialta seo leanas páirt:

• Is ceoltóir agus údar é Marcus Mac Conghail. Bhain sé amach Gradam Filíochta Mhichíl Uí Airtnéide 2015 dá chnuasach Ceol Baile. Chomh maith le cumadh agus seinnt a chuid ceoil féin, is ball é den bhanna IMLÉ, a eiseoidh a gcéad albam go luath le Gael Linn.

• Tá an chéad albam le Ríona Sally Hartman, Big Starving Thing, a eisíodh i 2015, tar éis ardmholadh a thuilleadh, le Lyric FM ag glaoch 'a rising Star on the Irish scene' uirthi. I measc tionscadail eile tá sí mar príomhamhránaí leis an mbanna alt pop Monster Monster.

• Tá ardmheas ar shaothar Pearse McGloughlin, faoina ainm féin agus lena thionscnamh Idiot Songs, ar a ghlaoigh Tony Clayton- Lea san Irish Times 'a series of sonic gems...that breathe life and art into electronic music'.

• Tá Steve Lynch tar éis ceol a chumadh do líon ollmhór fógraí, scannáin agus cláracha teilifíse go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, ina measc scór An Klondike, agus Saving the Titanic a ainmníodh do ghradam IFTA.

Tá an EP ar fáil ar www.anbothar.com, iTunes agus Spotify.

Beidh fáilte roimh chách ar an oíche.

Tuilleadh eolais ar fáil ó eolas@forasnagaeilge.ie / 01 639 8400.