Scéim na gCompántas Drámaíochta 2020
Beidh Scéim na gCompántas Drámaíochta oscailte do ghrúpaí drámaíochta amaitéaracha agus proifisiúnta, grúpaí nua-bhunaithe san áireamh, ar mian leo drámaí Gaeilge nó dátheangacha a léiriú timpeall na tíre.
Díríonn an scéim seo ar chompántais drámaíochta Gaeilge a bhfuil sé mar aidhm acu drámaíocht na Gaeilge a chothú, a fhorbairt, agus a chur ar fáil d’earnáil na n-ealaíon, do phobal na Gaeilge, don mhórphobal, agus don earnáil oideachais. Lena chois sin, is ar fhorbairt pobail freastail agus féachána imeachtaí drámaíochta a dhíríonn an scéim seo.
Spriocdháta: 12 meán lae an 18 Deireadh Fómhair 2020
Cáipéisí:
Foirm Sainordú Íocaíochta 2020 CD
190912 Treoirlínte Critéir CD Gaeilge
190912 Treoirlínte Critéir CD Béarla 2020
Tabhair faoi deara go gcaithfidh gach iarratasóir an seicliosta um chumhdach cuí a chur isteach leis an iarratas, tá na seicliostaí ar fáil thíos:
190912 Seicliosta Cumhdach leanaí_ó dheas (3)