Scéim na nImeachtaí Óige 2021/2022

Is é 5pm Dé Aoine an 26 Márta 2021 an spriocdháta d'iarratais ar an scéim seo.

Tá maoiniú á chur ar fáil ag Foras na Gaeilge do chláir oiriúnacha imeachtaí óige de dhá sheisiún déag trí Ghaeilge don aos óg idir trí bliana agus ocht mbliana déag d’aois taobh amuigh den Ghaeltacht:

  • a bhfuil sé mar aidhm acu an Ghaeilge a threisiú trí mheascán d’imeachtaí;
  • nach imeachtaí cónaithe iad;
  • a bheidh á reáchtáil idir an 31 Lúnasa 2021 agus an 30 Meitheamh 2022;
  • nach féilte, comórtais, nó imeachtaí aon lae amháin iad.

Is le hairgead poiblí a bhronntar deontais, agus tá dualgais reachtúla ar Fhoras na Gaeilge luach ar airgead gach tionscadail mhaoinithe a dheimhniú.

Molann Foras na Gaeilge d’iarratasóirí cómhaoiniú a lorg le haghaidh tionscadal, nuair is cuí, agus comhoibriú le heagraíochtaí eile leis an luach is fearr a fháil ó dheontas Fhoras na Gaeilge.

Cuirimid fáilte faoi leith roimh iarratais ó eagraíochtaí atá lonnaithe i gceantair aitheanta i straitéisí nó i reachtaíocht rialtais.

Is gá foirm shínithe leictreonach agus na cáipéisí tacaíochta go léir a chur chuig oideachas@forasnagaeilge.ie faoin spriocdháta. Cuirimid fáilte roimh aon cheist maidir leis an scéim seo roimh an spriocdháta.

Treoirlínte Dhátheangacha_Bilingual Guidelines_Scéim na nImeachtaí Óige 2021-22

Foirm Iarratais Dhátheangach_Bilingual Application Form_Scéim na nImeachtaí Óige 2021-22

Guidance for Child Protection Policy Checklist_South

Guidance for Safeguarding Policy Checklist_North

Child Protection Policy Checklist_South

Safeguarding Policy Checklist_North