Scéim Tacaíochta Gnó 2020

Tacaíonn an scéim seo le fiontair thrádála bheaga agus mheánmhéide an Ghaeilge a chur chun cinn ina ngnólachtaí trí chomharthaíocht, pacáistíocht, suíomhanna gréasáin agus ábhar margaíochta clóite. Tá critéir agus sonraí uile na scéime san fhoirm in-íoslódáilte thíos.

Mar bhlaiseadh ar ghnólachtaí eile a úsáideann Gaeilge mar uirlis mhargaíochta, féach ar shamplaí atá ar Twitter agus ar YouTube

Tá an buiséad don scéim seo teoranta.  Glacfar agus déanfar measúnú ar iarratais go dtí go bhfuil an ciste caite.

 

Tabhair faoi deara, mar thoradh ar Rialachán Ginearálta Eorpach maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) ní féidir le Foras na Gaeilge a thuilleadh plé le tríú páirtithe, agus beidh gach teagmháil le hiarratasóirí amháin.

Le tuilleadh eolais a fháil agus le fáil amach an bhfuil do ghnólacht i dteideal maoiniú a fháil faoin scéim seo, déan teagmháil le Pádraig Ó Conghaile ag +353 1 6398463 nó cuir ríomhphost chuig stg@forasnagaeilge.ie.

Más mian leat iarratas a dhéanamh, léigh an seicliosta thíos roimh ré agus seol na trí cáipéisí seo a leanas ar ríomhphost chuig stg@forasnagaeilge.ie.

  1. Foirm iarratais

Léigh an fhoirm iarratais ina hiomláine go cúramach, comhlánaigh gach cuid di agus sínigh an conradh ar an leathanach deiridh. Tá an fhoirm iarratais le híoslódáil ón nasc thíos:

STG_2020_Foirm_Iarratais

  1. Dréachtchóip den dearadh agus an fhoclaíocht mholta

Cuir faoi iamh leis an bhfoirm iarratais dréacht den dearadh leis an bhfoclaíocht mholta mar atá ullmhaithe ag dearthóir gairmiúil. Is féidir leas a bhaint as na háiseanna agus seirbhísí tacaíochta saor in aisce seo nuair atá dréachtchóip á hullmhú:

  1. Meastacháin

Cuir leis an bhfoirm iarratais fosta, na meastacháin agus dearthóir nó ó sholáthraithe eile. Beidh tú i dteideal suas 50% den chostas iomlán a lorg tríd an scéim seo.

Cuir faoi iamh meastachán nó meastacháin le haghaidh chostas iomlán an tionscadail.