I bhFómhar 2016 rinneadh comhdháil lae a reáchtáil i gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath chun comóradh a dhéanamh ar 90 bliain ó bunaíodh an Gúm in 1926. Thug idir scoláirí, bhaill foirne agus iarbhaill foirne an Ghúim cainteanna ar ghnéithe éagsúla d’oidhreacht agus de shaothair foilsithe an Ghúim le linn na tréimhse sin. Leagan iomlánaithe de na cainteanna sin atá sna haistí thíos agus réamhrá, aguisíní agus tagairtí curtha leo. Beidh an t-iomlán á fhoilsiú i bhfoirm leabhair amach anseo. Is é Máirtín Coilféir a chuir in eagar agus a rinne cúram den dearadh agus den leagan amach.
Is féidir éisteacht le taifead de na cainteanna ar an ardán SoundCloud.
www.soundcloud.com