Tá móramh ó thuaidh agus ó dheas anois i bhfabhar na Gaeilge
Preaseisiúint
Ipsos B&A agus Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath a stiúraigh An Suirbhé ar Dhearcthaí i leith na Gaeilge 2025 d’Fhoras na Gaeilge le maoiniú ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta i rith Shamhradh 2025. Tá an taighde seo bunaithe ar agallaimh aghaidh-ar-aghaidh le 1,498 duine fásta (1,000 i bPoblacht na hÉireann, 498 i dTuaisceart Éireann).
Ag ócáid in Óstán Buswell’s inniu sheol an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, An Suirbhé ar Dhearcthaí i leith na Gaeilge, 2025: Cumas, Úsáid agus Dearcthaí ar Oileán na hÉireann. Tá an foilseachán seo ar an tuarascáil is déanaí sa tsraith taighde is seanbhunaithe ar dhearcthaí an phobail ar oileán na hÉireann i leith na Gaeilge. Cuireann an taighde seo léargas uathúil agus mionsonraithe ar fáil ar dhearcthaí reatha an phobail agus ar chumas teanga ar oileán na hÉireann.
I measc na bpríomhthorthaí:
- Tá móramh soiléir sa dá dhlínse anois i bhfabhar na Gaeilge (78% PÉ agus 55% TÉ)
- Tá úsáid laethúil na Gaeilge níos airde ná mar a tuairiscíodh in 2013: (ardú de 3% in PÉ agus de 6% in TÉ) agus tá an Ghaeilge á labhairt níos minice i gCúige Mumhan, i gCúige Chonnacht agus i gCúige Uladh, ná in áiteanna eile sa tír.
- Is iad daoine 18-24 bliain d’aois an t-aoisghrúpa is mó i measc cainteoirí rialta sa dá dhlínse
- Todhchaí dhátheangach is ea an rogha is coitianta a roghnaigh freagróirí: le Béarla mar phríomhtheanga, agus tacaíocht do níos mó béime ar an nGaeilge (55% in PÉ agus 44% in TÉ)
- Tá an tacaíocht don Ghaelscolaíocht agus do mhúineadh na Gaeilge níos airde ná mar a tuairiscíodh sna suirbhéanna roimhe seo
- Tá freasúra don Ghaeilge níos ísle sa dá chuid den oileán i gcomparáid le torthaí a tuairiscíodh i suirbhéanna roimhe. Ba é tuairim an tromlaigh (60%) i measc freagróirí i dTuaisceart Éireann a bhfuil féiniúlacht Bhriotanach acu, agus ar bhonn ginearálta, a bhfuil féiniúlacht Phrotastúnach acu, nach bhfuil ‘tuairim faoi leith ar bith” acu faoin nGaeilge
- Tá cumas féintuairiscthe in PÉ níos ísle ná mar a tuairiscíodh in 2013, le níos mó freagróirí ag tuairisciú deacrachtaí measta leis an teanga. Ach tá bunchumas in TÉ níos airde ná mar a tuairiscíodh in 2013.
Arsa an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD:
Tá lúcháir orm an suirbhé seo a sheoladh inniu. Cuireann an saothar taighde seo eolas criticiúil ar fáil dúinn, idir dhearfach agus dhiúltach, agus beidh torthaí an tsuirbhé seo ina fhoinse luachmhar eolais agus fianaise do mo Roinn, d’Fhoras na Gaeilge, dár gcomhpháirtithe sa Roinn Pobal i dTuaisceart Éireann, agus d’eagraíochtaí eile Gaeilge agus muid ag pleanáil don Ghaeilge sna 10 mbliana atá amach romhainn. Beidh na torthaí ina bhfoinse luachmhar freisin agus an chéad straitéis Rialtais eile á forbairt nuair a thiocfaidh deireadh leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge in 2030.
Arsa Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán ó Coinn:
Ar an iomlán léiríonn an taighde seo bonn láidir tacaíochta don Ghaeilge ar fud an oileáin, agus beidh Foras na Gaeilge ag obair go dlúth lenár gcomhpháirtithe sa dá rialtas agus leis na Ceanneagraíochtaí Gaeilge leis an phróiseas seo a neartú, agus le leathnú a dhéanamh ar úsáid laethúil na teanga, agus ar dheiseanna le Gaeilge a fhoghlaim agus a fheabhsú.
Tugann an taighde léargas dearfach ar thuairimí an phobail i leith na Gaeilge ó dheas agus i measc freagróirí a bhfuil féiniúlacht Bhriotanach acu sa Tuaisceart – grúpa go ginearálta a bhfuil féiniúlacht Phrotastúnach, Aontachtach agus Dhílseach acu. Toradh dearfach a bhfuil feabhas mór air ó shuirbhé 2013.
Mar sin féin tá dúshláin romhainn ó dheas: Thug 50% de fhreagróirí ó dheas agus iad ag meas a gcuid Gaeilge féin, le fios gur beag a gcumas nó go bhfuil siad gan chumas sa Ghaeilge, toradh atá ina ábhar imní agus atá 7% níos airde ná mar a tuairiscíodh in 2013. Léiríonn sé seo gá práinneach leis na torthaí foghlama don Ghaeilge inár scoileanna a fheabhsú.
Críoch



Tuilleadh eolais:
Cáipéisí breise agus grafaicí
Tá an tuarascáil iomlán, achoimre fheidhmeach agus tuilleadh grafaicí ar fáil ANSEO
Grianghraif
Tá tuilleadh grianghraf ar fáil ó Maxwells/Foras na Gaeilge
Cúlra
Bunaíodh Foras na Gaeilge, an comhlacht atá freagrach as cur chun cinn na Gaeilge ar fud oileán na hÉireann, ar an dara lá de mhí na Nollag 1999.
Colin J. Flynn agus Noel Ó Murchadha ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, a rinne an staidéar i gcomhar le Ipsos B&A.
Foras na Gaeilge a choimisiúnaigh an staidéar le maoiniú ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta le linn shamhradh 2025.
Forbraíodh agus bunaíodh an ceistneoir ar cheistneoir a bhí ann cheana atá in úsáid ó na 1970í i leith, agus a oiriúnaíodh chun Tuaisceart Éireann a chur san áireamh agus chun comhthéacs beartais agus sochaí an lae inniu a léiriú.
Maidir leis na húdair
Ba é Colin J. Flynn chéad údar na tuarascála seo. Is Ollamh Cúnta sa Teangeolaíocht Fheidhmeach é i Scoil na nEolaíochtaí Teangeolaíochta, Urlabhra agus Cumarsáide i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.
Ba é Noel Ó Murchadha an Príomhthaighdeoir sa tionscadal seo. Is Ollamh Comhlach é san Oideachas Teanga i Scoil an Oideachais, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.