Tacaíocht Oideachais

Ionadaíocht

Cuireann Foras na Gaeilge an Ghaeilge chun cinn i ngach gné den réimse oideachais agus tacaímid le foghlaim agus úsáid na Gaeilge mar phróiseas fadsaoil. Glacann Foras na Gaeilge le hionadaíocht ar fhóraim éagsúla agus cuirtear aighneachtaí faoi bhráid choistí agus fhóraim rialtais a bhfuil téarmaí tagartha oideachasúla acu. Tá ról tacaíochta agus comhairliúcháin ag Foras na Gaeilge ar choistí comhairleach na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM), na Comhairle Curaclaim, Scrúdacháin agus Measúnaithe (CCSM), na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG), agus Comhairle na Gaelscolaíochta (CnaG).

Scéimeanna agus Tionscadail

Tacaíonn Foras na Gaeilge le hiomad tionscnamh oideachais lena n-áirítear, Gaelbhratach i gcomhair le Gael Linn agus Scéim Scoláireachtaí Gaeltachta. Cuirtear deontais ar fáil do naíscoileanna tríd an  Infheistíochta do Bhunú Soláthar Réamhscolaíochta. Tá dhá mhór-scéim de chuid Fhoras na Gaeilge a dhíríonn ar réimse an oideachais agus na hóige i. Scéim na gCampaí Samhraidh agus Scéim na nImeachtaí Óige. D’fhreastail na scéimeanna seo ar thuairim agus 9,000 duine óg fud fad an oileáin le linn 2015. Tá tuilleadh eolais ar fáil faoi na scéimeanna anseo.

Tacaíocht agus Acmhainní Oideachais

Is féidir cur isteach ar thacaíocht do mhúineadh na Gaeilge don bhunleibhéal agus don iar-bhunleibhéal. Tabhair fógra seachtaine le do thoil. Déanfar gach iarracht freastal ar an bpobal ach a dhóthain stoic a bheith ann. Is féidir tuilleadh eolais faoi na hacmhainní seo a fháil trí ríomhphost a sheoladh chuig oideachas@forasnagaeilge.ie.