Téann Creidim Ionat i bhfeidhm go náisiúnta agus ar fud an domhain agus 4.3 milliún duine sroichte ag an tionscnamh de chuid Fhoras na Gaeilge

Creidim Ionat

Tá Creidim Ionat, tionscnamh de chuid Fhoras na Gaeilge, ag tarraingt chun críche, agus tá daoine ag iarraidh tuilleadh!  Is é Foras na Gaeilge an eagraíocht atá freagrach as an nGaeilge a chur chun cinn ar oileán na hÉireann, agus tá lúcháir orthu mar gheall ar an rannpháirtíocht, caidreamh agus dea-thoil a spreag an chomhpháirtíocht le RTÉ. 

Ghlac an pobal ar líne ó gach cearn den chruinne páirt i bhfeachtas Creidim Ionat. Tá Creidim Ionat tar éis dul i bhfeidhm ar dhaoine i gcéin is i gcóngar, le 4.3 milliún duine sroichte ar líne i dtrí thír is ochtú, a raibh de thoradh air trí mhilliún is ochtó imprisean agus 1.3 milliún amharc físeáin ar líne go dtí seo. 

Seoladh Creidim Ionat ar líne, ar an raidió agus ar an teilifís le tacaíocht ó RTÉ ar an 17 Deireadh Fómhair 2022. Ba é an aidhm leis an tionscnamh nuálach comhoibríoch feasacht leitheadach ar an nGaeilge a chothú. Ó seoladh é tá an pobal agus daoine cáiliúla ag tacú le chéile le heolas, leideanna agus spreagadh chun muinín a fháil le Gaeilge a labhairt.  

Le linn an fheachtais leanadh láithreoirí an phodchraolta Beo ar Éigean, Áine Ní Bhreisleáin, Sinéad Ní Uallacháin agus Siún Ní Dhuinn, agus iad ag déanamh meantóireachta ar agus ag tacú le triúr daoine cáiliúla ar a n-aistear Gaeilge, Michael Fry (fuirseoir), Marty Morrisey (láithreoir agus tráchtaire le RTÉ) agus Marrissa Carter (bunaitheoir agus príomhfheidhmeannach Carter Beauty), chun a spriocanna pearsanta teanga a bhaint amach laistigh de cheithre seachtaine.

Le linn Creidim Ionat bhronn Marty Morrissey gradam Uile-Réalta CLG-PWC as Gaeilge beo ar RTÉ a hAon, thug Marissa Carter ceacht smididh as Gaeilge ar Today RTÉ agus rinne Michael Fry sceitse grinn go hiomlán as Gaeilge. Le bheith in ann a spriocanna deiridh a chraoladh ar RTÉ 1 agus ar líne, thum ár meantaithe iad féin sa Ghaeilge ar feadh an bhealaigh, idir bheith ag léamh leabhair i nGaeilge lena bpáistí den chéad uair, agus chuairteanna ar an gCeathrú Ghaeltachta i mBéal Feirste, tob-Ghaeltacht i mBaile Átha Cliath agus ag Oireachtas na Samhna (an fhéile Ghaeilge bhliantúil is mó) i gCill Airne. 

Bhí na mílte daoine fud fad an domhain páirteach, ó áiteanna chomh fada ar shiúl leis an Astráil, an Spáinn, Ceanada, an Nua-Shéalainn, an Fhrainc, Nua-Eabhrac agus an Ghearmáin. Tá Creidim Ionat tar éis pobal Gaeilge beoga tacúil a nascadh le chéile ar na meáin shóisialta, ní hamháin in Éirinn, ach ar fud an domhain. Mhéadaigh líon na rannpháirtithe san fheachtas faoi stiúir meantóra/meantaí ó sheachtain go seachtain de réir mar a roghnaigh daoine comhpháirtí agus a shocraigh siad sprioc. Bhain na rannpháirtithe seo a spriocanna pearsanta teanga féin amach, amhail ordú a chur isteach as Gaeilge i mbialann sa Ghaeltacht, cluiche tomhais a imirt as Gaeilge, ceachtanna surfála a ghlacadh trí Ghaeilge agus úrscéal Gaeilge a léamh den chéad uair!

Dúirt Anna Davitt, Bainisteoir Margaíochta agus Cumarsáide, Foras na Gaeilge, “Tá lúcháir orainn leis an tionchar a bhí ag Creidim Ionat, ní hamháin in Éirinn, ach sroicheadh 4.3 milliún duine ar fud an domhain. B’ábhar mór sásaimh dúinn foghlaimeoirí a fheiceáil ag baint amach a spriocanna agus tarraingíodh aird, dáiríre, ar an méid is féidir a bhaint amach má chreideann tú ionat féin agus nuair a fhaigheann  spreagadh ó chainteoirí Gaeilge. Bhí sé go hiontach a leithéid de rannpháirtíocht a fheiceáil ar líne le corradh is ocht milliún is fiche imprisean ar an haischlib #CreidimIonat, agubhí an-ráchairt ar ár Giphys sainchoimisiúnaithe Creidim Ionat le haghaidh scagairí Instagram agus intleachta saorga a chruthaigh Saorla Róis.” 

Dúirt Niamh Ní Churnáin, Grúpcheannasaí Gaeilge, RTÉ, “Bhí mórtas ar RTÉ tacú le Foras na Gaeilge agus a bheith i gcomhpháirtíocht leo ar an tionscnamh faoi stiúir meantóirí thar a bheith tábhachtach seo. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le láithreoirí Beo ar Éigean RTÉ Sinéad, Áine agus Siún as an obair a dhein siad ina meantóirí agus molaim an misneach a bhí ag an triúr meantaithe, Michael, Marissa agus Marty s’againn féin. Cruthaíonn sé gur féidir le duine ar bith feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge ach tacaíocht agus sprioc ar leith a bheith acu. Cé go bhfuil an feachtas seo thart, bheinn ag tabhairt ugach do dhuine ar bith atá ag iarraidh cúpla focal a fhoghlaim coinneáil leis – Roghnaigh páirtnéir duit féin agus socraigh sprioc. Creidim Ionat.” 

Cé go bhfuil Creidim Ionat tagtha chun deiridh anois, is féidir leat fós clárú le haghaidh nuachtlitir Fhoras na Gaeilge chun an t-eolas is déanaí a fháil ar bhonn seachtainiúil faoin nGaeilge. Dóibh siúd a bhfuil spéis acu leanúint ar aghaidh lena n-aistear Gaeilge, nó tosú ar an gcúpla focal den chéad uair, tá uirlisí agus leideanna beo ar shuíomh gréasáin Fhoras na Gaeilge, www.forasnagaeilge.ie.

Críoch

Fiosruithe:

Anna Davitt, Foras na Gaeilge: adavitt@forasnagaeilge.ie / 087 673 6175

Loretta Ní Ghabháin, Lorg Media: loretta@lorgmedia.com / (091) 728 134/ 087 799 7981