Bronnann An tAire Stáit Seán Kyne, T.D. an Séala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí

Máirt an 18 Deireadh Fómhair 2016

Bhronn Seán Kyne, T.D., Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, teastais ar 26 aistritheoir Gaeilge/Béarla chreidiúnaithe ag ócáid a reáchtáladh in oifigí Fhoras na Gaeilge i gCearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath.

Gealaraí 

Bronnadh an Séala Creidiúnaithe ar na haistritheoirí seo a leanas:

Síobhra Aiken, Gaillimh

Ailish Bhreathnach, Gaillimh

Deirdre Brophy, an Fhrainc

John Caulfield, Gaillimh

Michael Clarkson, Béal Feirste

John Dullea, an Bhruiséil

Ann Fleming, Gaillimh

Patricia Mac Eoin, Gaillimh

Darren Mac Uidheas, Gaillimh

Eoin McEvoy, Baile Átha Cliath

Kieran Murphy, Ard Mhacha

Muireann Bheaglaoich, Cill Dara

Clíona Chatháin, Corcaigh

Úna Chatháin, Baile Átha Cliath

Hanna Dhoimhín, Dún na nGall

Treasa Dhonnchú, an Mhí

Bríd Fhlathúin, Gaillimh

Pádraigín Ghallchóir, Maigh Eo

Aoife Ghloinn, Baile Átha Cliath

Treasa Lochlainn, an Iarmhí

Katie Loinsigh, Corcaigh

Sinéad Néill, Sligeach

Áine Nualláin, Baile Átha Cliath

Freda Nic Giolla Chatháin, Maigh Eo

Seán Ó Gallchobhair, Corcaigh

Eimear Chathasaigh, Corcaigh

Chuir Foras na Gaeilge tús leis an gCóras Creidiúnaithe in 2006. Is córas láidir creidiúnaithe é seo, ina n-áirítear castacht na gcanúintí éagsúla, béarlagair nua-aimseartha agus teicniúil, agus prós agus cumarsáid oifigiúil. Cinntíonn an Córas Crediúnaithe, na caighdeáin is airde i dtionscal na haistritheoireachta agus cosnaítear cáil na n-aistritheoirí cumasacha. Mar sin, ról lárnach ag an gCóras i bhforbairt leanúnach na Gaeilge. 194 aistritheoir creidiúnaithe faoin gcóras go dtí seo. Is é an tAonad Aistriúcháin agus Ateangaireachta in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, a reáchtáil an scrúdú is deireanaí i mbliana le haghaidh an tSéala Creidiúnaithe thar ceann Fhoras na Gaeilge.

liosta aistritheoirí ar bronnadh Séala an Aistriúcháin orthu go dtí seo ar fáil anseowww.forasnagaeilge.ie/seala