Scéim Comhionannais an Fhorais Teanga

Ceanglaíonn Alt 75 d’Acht Thuaisceart Éireann 1998 ar údaráis phoiblí, agus iad ag comhlíonadh a bhfeidhmeanna a bhaineann le Tuaisceart Éireann, aird chuí a thabhairt ar an ngá atá le comhionannas deiseanna a chur chun cinn agus aird a thabhairt ar a inmhianaithe atá sé dea-chaidrimh a chur chun cinn thar raon catagóirí atá leagtha amach san acht.

Tá Scéim Comhionannais ullmhaithe ag an bhForas Teanga (Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise) ina leagtar amach conas a bheartaíonn an 2 eagraíocht dualgais reachtúla Alt 75 a chomhlíonadh. D’fhaomh Coimisiún Comhionannais Thuaisceart Éireann an Scéim i Samhain 2025. Mar thoradh ar an bhfaomhadh, tá Foras na Gaeilge ag ullmhú iniúchadh neamhionannais agus Plean Gníomhaíochta Comhionannais a fhoilseofar in 2026. Cuimseoidh an Plean Gníomhaíochta dualgais Alt 75 ó thuaidh agus dualgais na hearnála poiblí ó dheas i leith an chomhionannais araon.

Seo na treoracha má tá léitheoir scáileáin in úsáid agat:

  • Oscail an Scéim Comhionannais in Acrobat Reader.
  • Téigh chuig Read out loud agus roghnaigh Activate read out loud.