Feidhmeanna nua curtha le suíomhanna foclóireachta Fhoras na Gaeilge

Cuireadh feidhmeanna nua le suíomhanna foclóireachta Fhoras na Gaeilge ar an 28 Iúil 2016 lena n-áirítear cuardach sa Ghaeilge ar focloir.ie agus an Draoi Gramadaí ar teanglann.ie. 

 

Is féidir anois focal nó frása a chuardach in ábhar Gaeilge an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge agus gach amas den rud a chuardaíonn tú a fheiceáil má tá sé le fáil san Fhoclóir. Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais agus anseo le breathnú ar fhíseán a dhéanann cur síos ar an bhfeidhm nua.

Inneall idirghníomhach é An Draoi Gramadaí atá bunaithe ar an mBunachar Gramadaí a chuidíonn leat ainmfhocail agus aidiachtaí a chur le chéile go cruinn. Beidh patrúin ghramadaí eile á gcur leis de réir a chéile.

Is féidir tuilleadh eolais faoin obair a dhéanann Foras na Gaeilge i réimse na foclóireachta agus na téarmaíochta a fháil anseo.

Is féidir teagmháil dhíreach a dhéanamh le foireann an fhoclóra trí ríomhphost a sheoladh chuig aiseolas@focloir.ie nó trí ghlaoch ar 353 1 889 2800.