Cuireann an scéim seo an Ghaeilge achun cinn san Earnáil Phoiblí i dTuaisceart Éireann.
Cuireann an scéim seo an Ghaeilge achun cinn san Earnáil Phoiblí i dTuaisceart Éireann.
Cuireann an scéim seo cúrsaí Gaeilge ar fáil don Earnáil Phoiblí trí sholáthróir sainchúrsaí oiliúna Gaeilge.
Tacaíonn an scéim seo le fiontair thrádála bheaga agus mheánmhéide an Ghaeilge a chur chun cinn ina ngnólachtaí trí chomharthaíocht, pacáistíocht, suíomhanna gréasáin agus ábhar margaíochta clóite. Beidh gnólachtaí incháilithe i dteideal suas go 50% den chostas iomlán a lorg tríd an scéim seo.
Tacaíonn an scéim seo le deiseanna úsáide sa phobal trí mhaoiniú a chur ar fáil do ghrúpaí le clár gníomhaíochtaí a bhaineann le sainspéis atá acu a reáchtáil trí Ghaeilge.
Scéim sparánachta do dhaoine a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu agus ar mian leo freastal ar chúrsa i nGaeilge na hAlban i Sabhal Mòr Ostaig, an tEilean Sgitheanach, Albain.
Spriocdháta: Dé hAoine 5 Aibreán 2024, 5p.m.
Scéim Miondeontas Colmcille le haghaidh tionscnamh nó comhpháirtíocht le hAlbain a chur chun cinn.
Cuireann Foras na Gaeilge fáilte roimh eagraíochtaí ar mian leo iarratas a dhéanamh ar an gCiste Tionscadal. Is ciste é seo atá dírithe ar réimsí oibre agus tionscadail nach bhfuil clúdaithe faoi scéimeanna Fhoras na Gaeilge agus tá idir €1,000/£900 agus €12,000/£10,800 ar fáil mar dheontas.
Aidhm: Fáiltíonn Foras na Gaeilge roimh iarratais ó eagraíochtaí pobail ar Scéim Pobal Gaeilge. Tríd an scéim seo maoineoidh Foras na Gaeilge gréasán d’oifigigh forbartha Gaeilge phobalbhunaithe a fhostófar faoi stiúir coistí Gaeilge logánta ar feadh ceithre bliana ó Iúil 2016. Beidh feidhmeanna éascaithe agus gréasánaíochta ag na hoifigigh sin, mar aon le feidhmeanna a bhaineann le forais eile a fhorbairt ina mbeadh an Ghaeilge á húsáid agus á cur chun cinn ar leas an phobail sin.