Preaseisiúint: Feachtas fuinniúil #LeChéile faoi lán seoil

Tá feachtas nua bríomhar #LeChéile faoi stiúir FHORAS NA GAEILGE faoi lán seoil anois ar na meáin shóisialta. Mar chuid den fheachtas seo tá ábhar spreagúil á sholáthair don phobal ar líne. Tá sé mar aidhm ag #LeChéile cúnamh a thabhairt do gach uile aoisghrúpa an Ghaeilge a úsáid sa bhaile agus ábhar siamsúil agus oideachasúil a chur ar fáil dóibh.

I measc bhuaicphointí #LeChéile ó cuireadh tús leis ar an 6 Aibreán:

  • Ghlac pearsana aitheanta seilbh ar ardáin Fhoras na Gaeilge lena gcomhairle a roinnt lena n-áirítear Máire Treasa Ní Cheallaigh (ag obair ó bhaile), Sadhbh Devlin (siamsaíocht do pháistí), Ógie Ó Céilleachair (scríbhneoireacht), Caoimhe Ní Chathail (faisean inbhuanaithe), Julie Anne de Brún (Séideán Sí) agus Jen Ní Ruiséil (ióga)
  • Chuir Aedín Ó Tiarnaigh tús le rannpháirtíocht na nGael ar fud na cruinne nuair a ghlac sí seilbh ar Instagram Fhoras na Gaeilge le hinsint dúinn faoi bhláthanna fiáine beo ón Ísiltír
  • I gcomhpháirt le Téarma.ie roinneadh sraith téarmaí tráthúla (scaradh sóisialta, féinleithlisiú agus éadaí scíthe ina measc)
  • Glacadh páirt i Lá Éigse Éireann (#PoetryDayIRL) ar an 30 Aibreán i gcomhpháirt le hÉigse Éireann. In measc na bhfilí a roinn dánta bhí Dairéna Ní Chinnéide, Joanne McCarthy, MacDara Ó Conaola agus Eoghan Ó Loideáin. Thar ceann Fhoras na Gaeilge, roinn an Príomhfheidhmeannach, Seán Ó Coinn, agus an file agus Eagarthóir Cúnta leis an nGúm, Aifric Mac Aodha, dánta ar an lá
  • Roinn foireann Fhoras na Gaeilge grianghraif chomh maith lena gcomhairle faoin bhfolláine, físeán faoin aireachas le Yoga le Nuala ina measc, mar chuid de Lá Náisiúnta na Folláine san Ionad Oibre 2020, #workwell20, ar an 1 Bealtaine.

Dúirt Clárbhainisteoir Cumarsáide, Feasachta agus Margaíochta Fhoras na Gaeilge, Anna Davitt, “Is cuma cén aois thú nó cá bhfuil tú lonnaithe, spás lárnach a bheidh sa haischlib #LeChéile dúinn ar fad a bhfuil Gaeilge againn le linn na géarchéime. Lámh chúnta a bheidh san ábhar spreagúil a bheidh á roinnt againn ó lá go lá, téarmaí cabhracha le húsáid inár gcomhráite laethúla ina measc. Tá deich bhfocal i bhfoirm GIF curtha againn le Instagram inniu mar chuid d’fheachtas #LeChéile le go mbeidh daoine in ann tacaíocht bhreise a thabhairt dá chéile trí Ghaeilge nuair atá cuid mhaith againn scartha óna chéile. Tá súil againn go gcuideoidh siad agus feachtas #LeChéile leo siúd a bhfuil Gaeilge acu chomh maith leo siúd a bhfuil spéis ach sa Ghaeilge nascadh le chéile le linn na tréimhse seo.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Tá an nuálaíocht agus an Ghaeilge comhtháite san fheachtas bhríomhar seo agus is ábhar misnigh dom rannpháirtíocht an phobail go dtí seo. Is láidre sinn ag tacú #LeChéile mar phobal agus tá mé ag súil go mór le tuilleadh comhpháirtíochta lenár dteachtaireacht a threisiú sna seachtainí romhainn.”

I measc bhuaicphointí #LeChéile atá fós le teacht beidh:

  • Inniu seoladh 10 bhfocal i bhfoirm GIF atá deartha ag DoodlesbyUm mar ghreamáin Ghaeilge d’úsáideoirí Instagram
  • Sraith físeán bunaithe ar an gclár teagaisc clúiteach Buntús Cainte de chuid an Ghúim
  • Sraith speisialta físeán What the Focal? ina bpléann Ciara Ní É cúrsaí teanga le Kevin Scannell i measc aíonna eile

Bí páirteach trí leas a bhaint as agus an haischlib #LeChéile agus cuir aithne ar phobal na Gaeilge trí muid a leanúint ar na meáin shóisialta. Agus bí linn ar ár gcainéal YouTube agus ar ár mblag!

Cliceáil ANSEO le breathnú ar ár bhfíseán le húsáid do chraoltaí, bhlaganna agus ar na meáin shóisialta.

CRÍOCH

Le breis eolais, íomhánna nó grianghraif is féidir teagmháil a dhéanamh le:

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht agus Feasacht, Foras na Gaeilge 

Teil: 00353 87 673 6175     Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie

Má tá fonn ar d’eagraíocht a bheith páirteach déan teagmháil linn ag eolas@forasnagaeilge.ie