Cláraigh anois

Register Now
image
image
image

Creidim Ionat

Tóg an chéad céim eile ar d’aistear leis an nGaeilge agus bí páirteach i bhfeachtas Creidim Ionat i mbliana!

Mairfidh an feachtas seo, a bhfuil páirt lárnach ag meantóirí agus a meantaithe ann, ar feadh ceithre seachtaine ón 8 Aibreán ar aghaidh. Beidh daoine aitheanta éagsúla faoi ghealltanas spriocanna pearsanta a bhaint amach, maidir leis an nGaeilge. Cláraigh lenár nuachtlitir le bheith ar an eolas faoi gach rud a bhaineann le Creidim Ionat,  lean an haischlib #CreidimIonat ar na meáin shóisialta, agus lean ardáin shóisialta Fhoras na Gaeilge.

image

Ranganna

Níl bealach ar bith níos fearr le tús a chur le d’aistear Creidim Ionat ná clárú le haghaidh ranganna Gaeilge ar líne. Ní fhéadfadh sé seo a bheith níos éasca, a bhuí lenár bpáirtithe Gael Linn agus Gaelchultúr, a chuirfidh ranganna Gaeilge ar fáil ag leibhéil éagsúla le linn an fheachtais.

Tosóidh ranganna Ghael Linn an tseachtain dar tús 8 Aibreán. Beidh siad ar siúl beo ar líne uair amháin in aghaidh na seachtaine ar feadh ceithre seachtaine ag cheithre leibhéal, tosaitheoirí, Gaeilge mheirgeach, meánleibhéal agus ardleibhéal, agus gach leibhéal ag díriú ar an nGaeilge comhrá, agus gan ach costas €5 an ceacht orthu. Clúdófar réimse leathan téamaí sna ranganna seo, an chlann, taisteal, siamsaíocht, agus ceol san áireamh. Faigh tuilleadh eolais faoi na ranganna a bheidh ar fáil agus faoin gcaoi le clárú leo ANSEO.

Is féidir tabhairt faoi chúrsaí féinstiúrtha i d’am féin le Gaelchultúr ar ranganna.com freisin. Déan tástáil ort féin le rang saor in aisce ar líne, agus úsáid ár gcód lascaine speisialta CREIDIM-2024 le lascaine 25% a fháil, agus lean ort ag foghlaim ag leibhéal atá oiriúnach duit féin.

Beidh an rang tástála ar ranganna.com ar siúl Dé Luain, 29 Aibreán agus is féidir spás a chur in áirithe air ANSEO.

image

Cláraigh anois

  • *Caithfear gach réimse le réiltín a líonadh isteach
image