Tacaíocht do na Meán

home_blank

Irisí agus Nuachtain

Tá trí scéim ag Foras na Gaeilge sa réimse seo:

Scéim le haghaidh Nuachtán ar Líne: Tá 328,311 úsáideoir uathúil faoi leith ag tuairisc.ie, de réir staitisticí a chuireadh ar fáil d’Fhoras na Gaeilge, a bhí reatha ar an 15 Nollaig, 2020. Cuireann Tuairisc.ie nuachtlitir laethúil leictreonach ar fáil. Seoladh aip nua i 2016.

Scéim le haghaidh Iris Stíle Mhaireachtála: De réir staitisticí a chuireadh ar fáil d’Fhoras na Gaeilge, bhí 68,416 cuairteanna ar leith chuig suíomh Nós i 2018, ardú 44% ar an mbliain roimhe sin. Reáchtáladh Gradaim Cheoil Nós dírithe ar nuacheol na Gaeilge den chéad uair in 2015. Tuilleadh eolais ar fáil anseo.

Scéim Irise Gaeilge: Tugann Comhar ardán d’iriseoireacht trí Ghaeilge in iris i bhfoirm cóipe crua agus ar líne. Seoladh irisleabhar piarmheastóireacht nua, COMHARTaighde le linn 2015.

Tugann Foras na Gaeilge faoi thionscadail éagsúla i gcomhar le hirisí agus le nuachtáin lena n-áirítear an forlíonadh speisialta An Ghaeilge agus 1916 a eisíodh leis The Irish Times i mí an Mhárta 2016, sraith colún, atá ar fáil anois mar ríomhleabhar, a foilsíodh faoin nGaeilge agus faoin bhféiniúlacht agus an iris Sult, a eisítear le The Irish Daily Mail le linn Sheachtain na Gaeilge.

Stáisiúin Raidió

Anuas air mhaoiniú d’irisí agus nuachtán maoíníonn Foras na Gaeilge dhá staisiún raidió pobail Ghaeilge tríd an Scéim Raidió Pobail.

Suíomh Tairsí don Ghaeilge

Is suíomh tairsí don Ghaeilge é gaeilge.ie atá á riar ag Foras na Gaeilge. Feidhmíonn an suíomh mar leathanach lamairne a threoraíonn cuairteoirí chuig réimse leathan seirbhísí, eagraíochtaí agus tionscadal a dtacaíonn Foras na Gaeilge leo. Tugann an suíomh ardán d’eagraíochtaí Gaeilge, gnéithe suimiúla, lena n-áirítear foilseacháin, foclóirí agus téarmaíocht, chomh maith leis na meáin shóisialta.

Anuas air seo, cuireann Foras na Gaeilge maoiniú ar fáil do Conradh na Gaeilge leis an ardán ilmheán, peig.ie, a fhorbairt. Déanann peig.ie folúntais, imeachtaí and scéalta nuachta a fhoilsiú, le tacú leis an bpobal fanacht thuas chun dáta leis na seirbhísí Gaeilge atá ar fáil dóibh.

Chomh maith leis na réimsí thuas, tá Foras na Gaeilge gníomhach i réimsí na léitheoireachta agus foilsitheoireachta agus na foclóireachta agus na téarmaíochta.