Trí leabhar nua do pháistí atá foilsithe ag an nGúm foilsithe ag an Aire Calleary
Sheol an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary, trí leabhar nua do pháistí atá foilsithe ag an nGúm ag ócáid in Óstán Ghleann an Iolair mar chuid d’Oireachtas na Samhna tráthnóna inniu.
Ba iad na leabhair a seoladh ná:
- Julian an Mhaighdean Mhara, le Jessica Love, arna aistriú ag Gillian Nic Ionmhain agus Shanna Ní Rabhartaigh;
- Siobhán Cheanndána agus Dánta Eile, le Gabriel Rosenstock, maisithe ag Joe McLaren;
- Thuas Staighre, Thíos Staighre, le Claire M. Dunne, maisithe ag Anita Foley.
Ag labhairt dó ag an seoladh, thagair an tAire don tábhacht a bhaineann leis na leabhair agus leis an léitheoireacht d’fhorbairt an pháiste. Labhair an tAire faoin tslí gur féidir le leabhair doras a oscailt in aigne an duine óig agus deis a thabhairt dóibh éalú go dtí áit eile ar fad. Agus é ag caint faoin gcnuasach filíochta Siobhán Cheanndána agus Dánta Eile le Gabriel Rosenstock, a cailleadh níos luaithe i mbliana, labhair an tAire faoin tábhacht a bhaineann leis an bhfilíocht agus faoin tslí gur féidir úsáid a bhaint as an bhfilíocht chun mothúcháin dhoimhne a chíoradh agus a phlé le páistí óga. Léigh iníon le Gabriel, Saffron, dán as an gcnuasach dar teideal Do m’Iníon.
Bhí Claire Dunne, údar an phictiúrleabhair Thuas Staighre, Thíos Staighre i láthair ag an ócáid chomh maith, léigh sí sliocht as an leabhar agus labhair sí faoin tábhacht a bhaineann le leabhair a léamh os ard le páistí.
Críoch
Tuilleaidh Eolais:
Grianghraif:
Tuilleadh grianghraf ar fáil ar iarratas.
Sonraí faoi na leabhair a seoladh:
Julian an Mhaighdean Mhara
https://www.forasnagaeilge.ie/angum/book/julian-an-mhaighdean-mhara/
Siobhán Cheanndána agus Dánta Eile
https://www.forasnagaeilge.ie/angum/book/siobhan-cheanndana-agus-danta-eile/
Thuas Staighre, Thíos Staighre
https://www.forasnagaeilge.ie/angum/book/thuas-staighre-thios-staighre/
Fiosruithe :
Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge
Teil: 00 353 87 293 7686 Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie