Creidim Ionat

Roghnaigh páirtnéir, aontaigh sprioc!

Is feachtas é Creidim Ionat faoi stiúir meantóirí a bheidh á chur i láthair ag láithreoirí Beo ar Éigean ó RTÉ – Áine Ní Bhreisleáin, Sinéad Ní Uallacháin agus Siún Ní Dhuinn. Beidh gach duine acu ag déanamh meantóireachta ar thriúr pearsaí cáiliúla, Michael Fry (fuirseoir), Marty Morrissey (láithreoir agus tráchtaire de chuid RTÉ) agus Marissa Carter (bunaitheoir agus príomhfheidhmeannach Carter Beauty), chun sprioc theanga phearsanta a bhaint amach. Leanfaidh an pobal a n-aistear ar feadh cheithre seachtaine an fheachtais, agus Beo ar Éigean ag cothú muinín ina meantaithe gur féidir leosan freisin roinnt Gaeilge a labhairt.

Ach is féidir leatsa páirt a ghlacadh freisin! Más mian leat a bheith i do chainteoir Gaeilge, seo í do dheis! Aimsigh cainteoir Gaeilge ar na meáin shóisialta nó i do shaol féin a thabharfaidh misneach agus tacaíocht duit mar mheantóir. Mínigh cad é gur mhaith leat a bhaint amach agus aontaigh ar sprioc a bheidh bainte amach roimh dheireadh an fheachtais ar an 11 Samhain 2022. 

Má tá Gaeilge agat, is féidir leat do thacaíocht a thairiscint mar mheantóir do dhuine eile nó do ghrúpa a bhfuil spéis acu sprioc a bhaint amach ó thaobh na Gaeilge. Ní gá gur foghlaim nó teagasc na Gaeilge a bheadh i gceist – aontaigh ar sprioc a bheidh le baint amach roimh dheireadh an fheachtais. Déan íoslódáil ar na cnaipí agus chuir le do chuid próifíleanna iad le léiriú go mbeidh tú páirteach.

Glac páirt!

Gheobhaidh tú acmhainní agus ailt  éagsúla ar an leathanach seo le cabhrú leat ar d’aistear, nuacht agus scéalta ó dhaoine eile ag glacadh páirt, chomh maith le heolas faoi chomórtais!

Cláraigh linn!
Coinnigh suas chun dáta le nuachtlitir Creidim Ionat
logo

#CreidimIonat