Nuacht

07 Nol
2018
Nuacht, Preasráitis

Os cionn €3 milliún de dheontais faofa ag bord Fhoras na Gaeilge ag cruinniú deireanach na bliana

Is cúis áthais d’Fhoras na Gaeilge a chur in iúl gur faomhadh os cionn €3 milliún de dheontais, i réimsí an raidió, na litríochta, na foilsitheoireachta, an phobail agus an oideachais ag an gcruinniú deireanach de chuid bhord Fhoras na Gaeilge le linn 2018. 

Ceadaíodh deontais do Raidió na Life (€720,000 thar thréimhse trí bliana) agus do Raidió Fáilte (£648,000 thar thréimhse trí bliana) faoin Scéim Raidió Pobail 2019-2021, a thacóidh leis an dá stáisiún sceideal craoltóireachta lán-Ghaeilge a chur ar fáil do phobal éisteachta logánta Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste.  Ceadaíodh deontais chun litríocht agus foilsitheoireacht na Gaeilge a chur chun cinn trí Scéim na dTionscadal Litríochta 2019 (€103,005) agus Scéim na Foilsitheoireachta (€674,574) a thacóidh le pleananna 13 chomhlacht foilsitheoireachta Gaeilge in 2019 lena n-áirítear Coiscéim, LeabhairCOMHAR agus Leabhar Breac.

I réimse an oideachais tá ceithre dheontas ar luach €80,524 ina n-iomláine, ceadaithe do Scéim na Scoláireachtaí 2019. Bronnfar na deontais ar thrí cheanneagraíocht: Conradh na Gaeilge (€38,541), Gael Linn (€28,305) agus Cumann na bhFiann (€3,678), chomh maith le Cumann an Phiarsaigh (€10,000), le deis a thabhairt do dhaoine óga, do dhaoine fásta agus do theaghlaigh freastal ar chúrsa Gaeltachta le linn 2019. Bhain 509 bhfoghlaimeoir, 421 duine óg, 24 dhuine fhásta agus 15 theaghlach leas as an scéim in 2018.

Ceadaíodh €120,000 don cheanneagraíocht Gael Linn leis an tionscadal Gaelbhratach a reáchtáil sna scoileanna arís in 2019. Scéim í seo atá á maoiniú ag Foras na Gaeilge agus á reáchtáil ag Gael Linn le tacaíocht ó Chonradh na Gaeilge agus ó Ghlór na nGael agus a thugann aitheantas fíorthábhachtach d’úsáid na Gaeilge i meánscoileanna agus i mbunscoileanna ar fud an oileáin. Bronnadh an Gaelbhratach ar 80 scoil in 2018 agus tá an scéim ag dul ó neart go neart ó seoladh é in 2014.

Faoin gCiste Infheistíochta do Bhunú Soláthar Réamhscolaíochta agus Cúram Leanaí bronnfar deontas dar luach £11,333 ar Naíscoil na Caille i gCathair Ard Mhacha le tacú leo seisiúin súgartha do pháistí a reáchtáil.

Faomhadh Straitéis Cholmcille 2019-2021 a leagann amach cuspóirí straitéiseacha le haghaidh 2019-2021 agus misean le cainteoirí Ghaeilge na hAlban agus na hÉireann a thabhairt le chéile. Faoi Scéim Deontas Cholmcille ceadaíodh £10,500 do Chlub Óige Luraigh le freastal ar Fhèis Eilean an Fhraoich i Leódhas le linn mhí Iúil agus Lúnasa 2019. Tabharfaidh an deontas deis do dhéagóirí agus oibrithe óige as Co. Dhoire dul go Leódhais, turas a chuirfidh go mór le feasacht an ghrúpa ar Ghaeilge na hAlban agus a dhaingneoidh an gaol idir iad agus lucht a gcomhaoise in Albain.

Faomhadh scéim nua dar teideal Scéim na Mor-Imeachtaí Ealaíon 2019 a dhíreoidh ar mhór-imeachtaí a bhfuil d’aidhm acu úsáid na Gaeilge a chur chun cinn sa phobal trí na healaíona teangabhunaithe Gaeilge. Lena chois sin, díreoidh an scéim ar na gréasáin shóisialta Ghaeilge, ar an mórphobal agus ar earnáil na n-ealaíon ar bhonn uile oileáin agus idirnáisiúnta.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Léiríonn raon leathan na ndeontas a cheadaigh Foras na Gaeilge inniu an bhrí agus an bheocht atá faoin Ghaeilge ag leibhéal an phobail thuaidh agus theas i ngach réimse den tsaol. Tá súil againn go gcuirfidh na deontais bonn bríomhar fuinniúil faoi fhorbairt na Gaeilge ag tús 2019, agus tréaslaím a ndíograis agus a ndua do na ghrúpaí uilig a fuair maoiniú uainn le linn 2018 agus atá ag ullmhú anois do 2019.”

Críoch

 

Nóta don eagarthóir:

  1. Scéimeanna maoinithe Fhoras na Gaeilge

Tá gach eolas maidir leis na scéimeanna maoinithe thíos atá ar oscailt faoi láthair ar fáil ar www.forasnagaeilge.ie/sceimeanna:

Fógrófar Scéim na Mor-Imeachtaí Ealaíon 2019 an tseachtain dar tús an 19 Nollaig 2018 ar an nasc thuas.

  1. Faoi Scéim na Scoláireachtaí 2019

Dáiltear Scéim na Scoláireachtaí faoi thrí chatagóir:

Catagóir

Eagraíocht

Scoláirí faoi 16, dírithe ar Thuaisceart Éireann amháin

Conradh na Gaeilge

Gael Linn

Cumann na bhFiann

Daoine fásta, dírithe ar dhaoine fásta ó thuaidh agus ó dheas 

Gael Linn

Teaghlaigh, dírithe ar theaghlaigh ó thuaidh agus ó dheas 

Cumann an Phiarsaigh

 

Is féidir teagmháil dhíreach a dhéanamh le Conradh na Gaeilge, Gael Linn, Cumann na bhFiann agus Cumann an Phiarsaigh le fiosruithe maidir leis an scéim seo.

Tuilleadh eolais: 

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175    

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie

 

Stádas: Choose Status

07 Nol
2018
Nuacht

Aistear tríd an Inchinn seolta ag Máire Treasa Ní Cheallaigh

Agus í ag prapáil do scrúduithe leighis na Nollag d’fháiltigh an craoltóir aitheanta, agus anois an t-ábhar dochtúra, Máire Treasa Ní Cheallaigh, roimh an deis sos beag a ghlacadh ó na téacsleabhair acadúla agus an leabhar dathúcháin, Aistear tríd an Inchinn, a sheoladh in áras nua Choláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn anocht. Agus an taithí mhaith aici i réimsí gairme éagsúla ar conas dul i gcion ar intinn daoine, iad a spreagadh agus a chur i mbun feidhme, ba dhuine an-oiriúnach í Máire Treasa chun an saothar seo a sheoladh agus níor fhág sí fuíoll molta air ina cuid cainte.

Is í an inchinn an ball beatha is mó tábhacht agus, b’fhéidir, is lú a bhfuil tuiscint againn air. Féachann an saothar seo le cur lenár dtuiscint uirthi trí mheán téacs agsu dathúcháin. Mínítear go gonta cruinn gnéithe éagsúla den inchinn le cabhair íomhánna, mapa inchinne agus cartúin. Tabharfaidh an t-ábhar seo léargas do dhaltaí meánscoile agus don duine fásta araon ar conas mar a oibríonn an inchinn agus ar an ról lárnach atá aige, i bpáirt leis an néarchóras, i stiúradh an choirp ó bhaithis go bonn. Tá leabhair dhathúcháin go mór i dtreis na laethanta seo mar gheall ar an leas is féidir a bhaint astu maidir le forbairt an aireachais agus na folláine i ndaoine, idir óg agus aosta. Ní taise don saothar tarraingteach seo é.

Leagan Gaeilge é an leabhar seo ar Journey through the Brain a chéadfhoilsigh Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn le cabhair ón Scéim Malartaithe agus Scaipthe Eolais ag an mBord Taighde Sláinte.

Údair: David Cotter, Lorna Lopez, Eoin Kelleher, Helen Coughlan, Mary Cannon 

Maisitheoir: Eoin Kelleher

Leagan Gaeilge: Fionnuala Nic Pháidín

ISBN 978-185791-185-5

€6.50  • Bog/PB  • 42 lch/pp

Breis eolais/Info: angum@forasnagaeilge.ie

Stádas: Choose Status

28 Sam
2018
Nuacht

Comórtas Clár Raidió do Mheánscoileanna do Bhliain na Gaeilge 

RTÉ
Raidió na Gaeltachta
Preasráiteas

Comórtas Clár Raidió do Mheánscoileanna do Bhliain na Gaeilge 

Tá comórtas clár raidió do mheánscoileanna fógartha ag RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge mar chuid de Bhliain na Gaeilge 2018.  Tá duais €1000 don chlár raidió is fearr. 

Déanann Bliain na Gaeilge ceiliúradh ar theanga na nGael, agus ó mhí Eanáir i mbliana bhí réimse leathan imeachtaí agus tograí ar bun agus é mar aidhm acu suim agus rannpháirtíocht sa teanga a spreagadh i measc an phobail, agus aird a dhíriú ar thábhacht na nGaeltachtaí agus ar athbheochan na teanga le 125 bliain anuas.   

Tá dhá chéim leis an gcomórtas seo ag RTÉ Raidió na Gaeltachta.   

Ar dtús báire, tugtar cuireadh do scoileanna dara leibhéal ar fud na hÉireann, thuaidh agus theas, moltaí a chur isteach do chlár raidió 30 nóiméad ar fhad, i nGaeilge, bunaithe ar an téama ‘Bliain na Gaeilge 2018’.  Is é Dé Luain 17 Nollaig an spriocdháta. 

Ansin, roghnófar an cúig iarratas is fearr, agus cuirfear léiritheoir raidió ag obair leis na scoileanna leis na cláracha sin a chur i dtoll a chéile.  Craolfar iad ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le linn Sheachtain na Gaeilge i mí Márta 2019. 

Bronnfar €1000 ar an gclár is fearr.  Is éard a bheidh á lorg ag na moltóirí cláracha a bhfuil samhlaíocht agus nuálaíocht ag baint leo.   

Tá an comórtas seo á reáchtáil le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge.   

Is deis iontach atá anseo do dhaltaí scoile foghlaim faoi chúrsaí craoltóireachta agus cúrsaí raidió, agus suim a spreagadh iontu i saol na Gaeilge sa lá atá inniu ann.  

Tá gach eolas faoin gcomórtas agus foirm iarratais ag www.rte.ie/rnag/comortas2018  .  Is féidir ceisteanna a chur chuig comortas2018@rte.ie

Caithfear iarratais a bheith ag RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin Luan 17 Nollaig.  

--CRÍOCH--
27 Samhain 2018

Breis Eolais:

Caitríona Ní Bhaoill, Oifigeach Poiblíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta
086 8769585   caitriona.nibhaoill@rte.ie

Stádas: Choose Status

16 Sam
2018
Nuacht

Gaelscoileanna á gceiliúradh ar Raidió na Life!

 
Gaelscoileanna á gceiliúradh ar Raidió na Life!
 

Craolfar sraith nua darbh ainm ‘Mo Ghaelscoil’ ar Raidió na Life idir an 21ú Samhain agus 7ú Nollaig. Craolfar dhá eagrán den chlár gleoite seo gach seachtain, Dé Céadaoin agus Dé hAoine ag a 11:00 r.n.

Thar tréimhse dhá bhliain, chuaigh foireann léiriúcháin ó Raidió na Life ar camchuairt go sé gaelscoileanna fud fad Bhaile Átha Cliath, ag reáchtáil ceardlanna raidió agus ag taifeadadh na gclár spraíúil seo. Bhí deis ag na páistí scileanna nua a fhoghlaim agus tugann an tsraith raidió seo ardán dóibh scéal a nGaelscoil féin a insint ina nguthanna féin.

Na gaelscoileanna a ghlac páirt sa sraith ná Gaelscoil Bhaile Munna, Gaelscoil an Chuilinn, Gaelscoil Chluain Dolcáin, Gaelscoil Thaobh na Coille, Lios na nÓg agus Scoil Chaitlín Maude. Chuir gach gaelscoil a stampa féin ar a n-eagrán féin sa sraith seo, ag tabhairt blaiseadh den atmaisféar ina scoil don lucht éisteachta.

Leis na páistí ag cur agallaimh ar na múinteoirí agus scoth an cheoil agus na drámaíochta le cloisteáil, léiríonn na cláir seo an borradh atá tagtha ar an nGaelscolaíocht san ardchathair agus talann agus samhlaíocht an ghlúin óig!

Craolfar na cláir ar Raidió na Life ar na dátaí seo a leanas, ag a 11:00 ar maidin:

  • Dé Céadaoin 21 Samhain: Lios na nÓg
  • Dé hAoine 23 Samhain: Gaelscoil Chluain Dolcáin
  • Dé Céadaoin 28 Samhain: Gaelscoil Bhaile Munna
  • Dé hAoine 30 Samhain: Gaelscoil an Chuilinn
  • Dé Céadaoin 5 Nollaig: Scoil Chaitlín Maude
  • Dé hAoine 7 Nollaig: Gaelscoil Thaobh na Coille

Judy-Meg Ní Chinnéide a léirigh an tsraith agus a bhí i mbun na gceardlanna a reáchtáil sna scoileanna, in éindí le hAonghus Ó Lochlainn agus Pádraig Ó Conghaile. Judy-Meg Ní Chinnéide agus Fearghal Saxe a bhí i mbun eagarthóireachta. Tá an tsraith maoinithe ag Údarás Craolacháin na hÉireann leis an Táille Ceadúnais Teilifíse. Is é Foras na Gaeilge a mhaoiníonn formhór ghníomhaíochtaí Raidió na Life. 

Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le Judy-Meg Ní Chinnéide, 01 6616 333.

 

Faoi Raidió na Life:

Tá Raidió na Life ag soláthar seirbhís raidió pobail lán-Ghaeilge do mhórcheantar Átha Cliath ar bhonn oideachasúil agus pobail le 25 bliain anuas mar stáisiún pobail sainspéise.  Faigheann an stáisiún tacaíocht airgeadais ó Fhoras na Gaeilge, a chuireann ar a chumas triúr foirne lánaimseartha a fhostú mar aon le beirt fhostaí eile páirtaimseartha.  Is ar bhonn deonach a oibríonn láithreoirí uile an stáisiúin agus bíonn idir 100 agus 150 duine ag glacadh páirte sa stáisiún ar bhonn deonach chuile sheachtain.  Feidhmíonn sé faoi stiúir Bhord Stiúrtha deonach freisin. Is é Comharchumann Raidió Átha Cliath Teoranta, comharchumann pobail neamhbhrabúis a bunaíodh i 1989 le seirbhís raidió Gaeilge a bhunú is a fhorbairt do Bhaile Átha Cliath, a reachtálann Raidió na Life. Is féidir le baill den phobal ballraíocht a ghlacadh sa chomharchumann trí scaireanna a cheannach (eolas ar www.raidionalife.ie)

Tá na mílte craoltóir tar éis taithí chraolacháin a fháil le RnaL thar na blianta, ina measc Sharon Ní Bheoláin, Sinéad Crowley, Cormac Ó hEadhra, Dr. Aoibhinn Ní Shúilleabháin, Aedín Gormley (RTÉ Lyric FM), Colm Ó Mongáin (RTÉ Raidió 1), Clíona Ní Chíosáin (Aifric TG4), Aodhán Ó Ríordáin, Rónán Ó Muirthile (Iar-láithreoir ‘Splanc’ ar Newstalk & Léiritheoir Teilifíse), Cearbhall Ó Síocháin (RTÉ RnaG), Fachtna Ó Drisceoil (RTÉ/RnaG), Barbara Nic Dhonnachadha (i102-104) agus neart eile nach iad. 

Craolann RnaL 7 lá sa tseachtain ar 106.4FM in Átha Cliath agus beo ar líne ag raidionalife.ie freisin. 

Tá cáil ar an stáisiún as ard-chaighdeán na gclár cainte a fhreastalaíonn ar réimse leathan aoisghrúpaí & sainspéiseanna i measc lucht na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus a thugann dearcadh eile ar chúrsaí nuachta is cúrsaí cultúrtha d’éisteoirí.  Aithnítear an stáisiún freisin as ucht a réimse eicléictiúil ceoil, lena n-áirítear popcheol, rac-cheol, ceol traidisiúnta, snagcheol, ceol ailtéarnach, reggae, ceol clasaiceach, ceol domhanda, ceol leictreonach/damhsa, dord & droma, hip hop, r’n’b srl.  – agus na cláir go léir curtha i láthair trí Ghaeilge.  Déanann an stáisiún obair luachmhar le pobail mhionteangacha eile sa phríomhchathair freisin, le cláracha á gcur i láthair ar an stáisiún i dteangacha phobail inimirceacha ar nós an Pholainnis is an Spáinnis leis.

- CRÍOCH - 

Stádas: Choose Status

16 Sam
2018
Nuacht

Baitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht)

Is céim nua é an B. Oid. Trí Mheán na Gaeilge (Cód CAO: CM003/CM004). Beidh sé ag tosú in Institiúid Oideachais Marino i Meán Fómhair, 2019. Beidh an chéim seo oiriúnach do scoláirí a bhfuil spéis acu múineadh trí mheán na Gaeilge i scoileanna Gaeltachta nó i scoileanna Lán-Ghaeilge.

  • Go hiomlán trí mheán na Gaeilge
  • Ag tosú Meán Fómhair 2019
  • Clár oideachais nua do mhúinteoirí bunscoile
  • Oiriúnach do scoláirí le spéis agus le hardchumas sa Ghaeilge
  • Oiriúnach do scoláirí a bhfuil spéis acu múineadh i scoil Lán-Ghaeilge nó i scoil Ghaeltachta
  • Árasáin ar an gCampas, Bloc Gaeilge, Sparánachtaí ar fáil
  • Socrúchán Scoile sa Ghaeltacht 
  • An Cultúr Gaelach (Cluichí, Ceol, Damhsa, Amhránaíocht, Litríocht)
  • Deiseanna Fostaíochta i scoileanna Gaeltachta agus Lán-Ghaeilge
  • Gnáthriachtanais iontrála ach H3 sa Ghaeilge
  • Cáilíocht TEG Leibhéal B1 (Pas 50%) nó níos airde riachtanach. Scrúdú TEG ar an Satharn, 23 Feabhra, 2019. Íocfaidh Institiúid Oideachais Marino na táillí TEG do scoláirí a chláraíonn ar an mBaitsiléir san Oideachas Trí Mhéan na Gaeilge - www.teg.ie/oid

 

Céard é an Baitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht)?

Is céim ar leith é an Baitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht) a oireann go speisialta do mhic léinn a dteastaíonn uathu múineadh san earnáil oideachais Lán-Ghaeilge i.e. i scoileanna Gaeltachta nó i scoileanna Lán-Ghaeilge. Tá géarghá le múinteoirí do scoileanna Gaeltachta agus do scoileanna Lán-Ghaeilge agus tá cáilíocht mhúinteoireachta trí mheán na Gaeilge ag teastáil ó mhic léinn atá ag iarraidh múineadh sna scoileanna sin. Sa chéim cheithre bliana seo gheobhaidh tú amach faoin tumoideachas, faoi na bealaí ina bhfoghlaimíonn na páistí teanga, faoi na bealaí ina bhfoghlaimíonn siad conas léamh, scríobh, comhaireamh agus áireamh. Foghlaimeoidh tú conas na healaíona a chur ar shúile na bpáistí, faoin tábhacht a bhaineann leis an gcultúr Gaelach mar aon leis an draíocht agus na mistéir mórthimpeall orthu, agus na bealaí chun fás agus forbairt ar bhealach sláintiúil.

Céard air a ndéanfaidh mé staidéar?

Beidh dianchúrsa Gaeilge réamhchúrsa i Marino i Meán Fómhair 2019. Sa bhonnstaidéar beidh staidéar á dhéanamh agat ar an tumoideachas, ar an Oideachas Luath-Óige, ar an mbealach ina bhfoghlaimíonn páistí, ar an tSíceolaíocht agus ar an tSochtheangeolaíocht. Cuir le d’eolas ar an nGaeilge agus ar na hábhair churaclaim éagsúla, foghlaim faoi na modhanna chun na hábhair sin a mhúineadh agus faoi na buntáistí a bhaineann lena múineadh trí mheán na Gaeilge. Beidh deis agat staidéar a dhéanamh chun teastas san Oideachas Reiligiúnach Caitliceach a bhaint a amach le tú a ullmhú múineadh i scoileanna faoi phátrúnacht na hEaglaise Caitlicí. Ta deis ann chomh maith staidéar a dhéanamh chun teastas a fháil sna Curaclaim Ilchreidmheacha agus Eitice i gComhthéacsanna Scoileanna Éagsúla.

Socruchán Scoile

Is trí mheán na Gaeilge amháin a dhéanfaidh tú na Socrúcháin Scoile ar fad i rith na gceithre bliana den Bhaitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht). Gheobhaidh tú deiseanna réimse leathan de thaithí a fháil san earnáil oideachais Lán-Ghaeilge. D’fhéadfadh na Socrúcháin Scoile sin ar fad a bheith i scoileanna Gaeltachta agus d’fhéadfadh cuid acu a bheith i scoileanna Lán-Ghaeilge. Beidh deiseanna agat Socrúcháin a dhéanamh i scoileanna tuaithe agus i scoileanna uirbeacha, i scoileanna aon ghnéis agus i scoileanna comhoideachais, i scoileanna DEIS, i scoileanna ina bhfuil suíomhanna aon ghrád agus i scoileanna ina bhfuil suíomhanna ilghrád. Don Oideachas Speisialta déanfaidh tú Socrúchán Scoile i suíomh Lán-Ghaeilge sa Dara Bliain.

Gaeltacht

Mar chuid den Bhaitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht) beidh ar gach mac léinn Tréimhsí Foghlama coicíse a dhéanamh sa Ghaeltacht um Cháisc sa Chéad Bhliain agus sa Dara Bliain. Íocfaidh na mic léinn na táillí do na Tréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht díreach chuig an gColáiste Gaeltachta. Sa Tríú Bliain, caithfidh tú seachtain sa Ghaeltacht ag tógáil codanna de mhodúil a bhainfidh leis an gcéim. Clúdóidh Institiúid Oideachais Marino an costas ar fad a bhaineann leis sin. Sa Cheathrú Bliain don Ardsocrúchán Scoile (deich seachtaine), beidh mic léinn ag cur fúthu sa Ghaeltacht agus ag obair i scoileanna Gaeltachta. Clúdóidh Institiúid Oideachais Marino an costas taistil agus cothaithe a bhaineann leis sin. 

Céard iad na roghanna a bheidh agam mar mhúinteoir?

Oireann an Baitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht) go speisialta do mhic léinn a dteastaíonn uathu múineadh san earnáil oideachais Lán-Ghaeilge i.e. i scoileanna Gaeltachta nó i scoileanna Lán-Ghaeilge. Beidh céimithe leis an gcéim i dteideal freisin post a lorg i scoil ina bhfuil an Ghaeilge mar dhara teanga. D’fhéadfadh céimithe obair sna meáin chomh maith.

“Bhí spéis agam i gcónaí sa Ghaeilge agus mar mhúinteoir ba mhaith liom múineadh trí mheán na Gaeilge. Is aoibhinn liom go bhfuil an cúrsa ar fad trí Ghaeilge. Tá sé go hiontach go mbeidh Socrúchán Scoile deich seachtaine á dhéanamh agam sa Ghaeltacht sa Cheathrú Bliain agus go mbeidh an Institiúid ag íoc as.”

modules


Eolas Ginearálta

Cóid CAO: CM003/CM004

Fad an Chúrsa: 4 bliana lánaimseartha

Leibhéal Gradaim: 8 de réir an Chreata Náisiúnta Cáilíochtaí

An Córas Eorpach Aistrithe Creidiúna (ECTS): 240 creidmheas

Foras cáiliúcháin: Coláiste na Tríonóide, Ollscoil Bhaile Átha Cliath 

Íosriachtanais Iontrála don Bhaitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge 2019/2020:

Ardteistiméireacht

Líon na n-ábhar Ardteistiméireachta: 6

Íosmhéid ábhair ardleibhéil: 3 (H5 ar a laghad ach féach íosriachtanais ar leith thíos don Ghaeilge, don Bhéarla agus don Mhatamaitic)

Íosghráid ar Leith:  

Gaeilge: H3 (agus TEG*: B1)

Béarla: H7 / O4         

Matamaitic: H7 / O4

*TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge) Leibhéal B1 (pas 50%) le bheith ag gach mac léinn. Beidh na scrúduithe TEG ar siúl ar an Satharn, 23 Feabhra, 2019. Íocfaidh Institiúid Oideachais Marino an táille TEG ar ais do scoláirí rathúla sna scrúduithe TEG a chláraíonn ar an mBaitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge in Institiúid Oideachais Marino. Chun níos mó eolais a fháil faoi sin féach www.teg.ie/oid

Caithfidh mic léinn aibí a bheith 23 bliana nó os a chionn ar 1 Eanáir bhliain an chúrsa ina bhfuil sé / sí ag iarraidh áit a fháil. Caithfidh mic léinn aibí foirm iarratais chomhlánaithe i.e. “Foirm Iarratais do Mhic Léinn Aibí don Bhaitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge” a chur chuig Oifig an Chláraitheora, Riarthóir na nIarratsóiri Aibí don Bhaitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge, Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9 faoi 31Eanáir, 2019.  Cuirfidh Oifig an Chláraitheora an Lár-Oifig Iontrála ar an eolas an bhfuil / nach bhfuil na híosriachtanais iontrála á gcomhlíonadh acu. Má tá, tabharfar cuireadh d’iarratasóirí aibí agallamh ginearálta agus agallamh Gaeilge a dhéanamh in Institiúid Oideachais Marino.

Stádas: Choose Status

14 Sam
2018
Nuacht

Amhrán Nua-Chumtha á lorg don Fhéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2019

Amhrán Nua-Chumtha á lorg don

Fhéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2019

Agus tá €1,000 le buachaint!

Tá Amhrán Gaeilge Nua-Chumtha á lorg don Fhéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2019. Is comórtas é seo chun amhrán a aimsiú le bheith san iomaíocht ar son na hÉireann ag an bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2019. Ní foláir na hiarratais a bheith as Gaeilge agus is gá na focail agus an ceol a bheith nua chumtha.

Fáilteofar roimh gach saghas iarratais idir amhráin traidisiúnta, pop amhráin, amhráin tíre, rac, snagcheol srl. Cuirfear fáilte roimh iarratais suas go dtí an Aoine, 1ú Feabhra 2019. Déanfar gearrliosta de na hiarratais agus beidh na hamhráin a roghnófar le canadh beo ag an gComórtas Náisiúnta a bheidh ar siúl in Amharclann GB Shaw , Ceatharlach ar an Satharn, 23ú Márta, 2019

 Déanfaidh IMRO i gcomhar le Pan Cheilteach agus Gael Linn urraíocht ar an gcomórtas agus beidh duais  €1,000 don bhuaiteoir.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ó Ghlór Cheatharlach ar 087 2857048, 085 1340047 nó scríobh chuig pancelticcarlow@gmail.com 

Is é an seoladh d’iarratais faoi 1ú Feabhra 2019 ná Comórtas Amhrán Pan Cheilteach, Glór Cheatharlach, Áras na nÓg, Éire Óg, Bóthar Uí Bhriain, Ceatharlach   R93 Y020

Bí ag cumadh agus agus ag canadh!

 

Stádas: Choose Status

09 Sam
2018
Nuacht

Cuireadh chun tairisceana

Cuireadh chun tairisceana

Tá Foras na Gaeilge ar lorg iarratas ó dhaoine aonair nó ó chomhlachtaí chun taighde a chur i gcrích agus comhairle a chur ar fáil ar cheist na comharbachta in earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge.

1.1    Réamhrá

Ar na freagrachtaí atá ar Fhoras na Gaeilge luaitear tacú le foilsitheoirí Gaeilge chun soláthar léitheoireachta ar ard-chaighdeán i nGaeilge a chinntiú do léitheoirí Gaeilge. Déantar sin trí thacaíocht maoinithe a chur ar fáil d’fhoilsitheoirí trí Scéim na Foilsitheoireachta. Cuirtear thart ar €640,000 de thacaíocht mhaoinithe  ar fáil go bliantúil do 12-14 fhoilsitheoir Gaeilge.

Fiontair bheaga is ea cuid mhaith de na comhlachtaí foilsitheoireachta Gaeilge.  As tionscnaimh teaghlaigh a d’fhás cuid acu. Foilsíonn siad réimse leathan leabhar, idir leabhair le haghaidh páistí óga, daoine fásta agus déagóirí. Bíonn meascán de sheanraí i gceist idir leabhair ficsin, chnuasaigh filíochta agus leabhair neamhfhiscin. Foilsíonn cuid de na foilsitheoirí líon beag (3-4) leabhar sa bhliain, agus foilsíonn na comhlachtaí is mó acu idir 15 agus 35 leabhar in aghaidh na bliana.

Tá teach foilsitheoireachta ag Foras na Gaeilge féin, an Gúm, a fhoilsíonn raon leathan d’acmhainní oideachais.

Le blianta beaga anuas, tháinig deireadh le roinnt comhlachtaí foilsitheoireachta, agus tá Foras na Gaeilge imníoch faoi leas fadtéarmach na hearnála sa tréimhse 20 bliain atá amach romhainn.

1.2    Scóip na hoibre

Is mian le Foras na Gaeilge comhairle a choimisiúnú ar leas fadtéarmach na foilsitheoireachta Gaeilge, ar cheist na comharbachta in earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge, ar na rioscaí a bhaineann leis an gceist, ar na comharthaí contúirte ba chóir bheith airdeallach ina leith, ar na bearta maolaithe ba chóir cur in áit le bainistiú ciallmhar a dhéanamh air, agus ar bhealaí le leas fadtéarmach na foilsitheoireachta i nGaeilge a láidriú agus a chinntiú. Ba ghá díriú go speisialta ar na ceisteanna seo a leanas:

  • Cad é an staid reatha maidir le ceist na comharbachta in earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge?
  • Cad iad na rioscaí is mó atá roimh an earnáil?
  • Cad iad na ceachtanna tábhachtacha atá le foghlaim ó earnálacha gnó eile atá cosúil le hearnáil na foilsitheoireachta Gaeilge ó thaobh méide, láimhdeachais, líon na bhfostaithe, caidreamh leis an stát agus a leithéid?
  • Moltaí i leith bearta maolaithe a d’fhéadfaí a fhorbairt (i) do na foilsitheoirí féin, (ii) d’Fhoras na Gaeilge, agus (iii) aon mholtaí eile.

Beidh ar an duine a bheidh ag tabhairt faoin taighde bheith ag obair i ndlúthchomhar le foireann Fhoras na Gaeilge maidir leis na nithe seo a leanas:

  • Teagmháil a dhéanamh le páirtithe leasmhara
  • Ceistneoirí a dhréachtú
  • Modhanna oibre
  • Tuairisciú.

Moltar tréimhse c. 4 seachtaine a ghlacadh leis an obair a chur i gcrích. Samhlaítear go bhféadfadh an t-iarrthóir ráthúil comhairle a fháil iad feín ó chomhairleoir gairmiúil seachtrach agus iad ag cur na hoibre i gcrích. Bheadh an costas seo le clúdach mar chuid den tsuim thíos.  Caithfear gach tuairisc agus moltaí a chur ar fáil d’Fhoras na Gaeilge faoin 14 Nollaig,  2018.  Tá suim nach mó ná €7,000, (CBL san áireamh) ar fáil.  Ní mór d’iarrthóirí sceideal costas a chur ar fáil mar chuid den tairiscint.

1.3    Ní mór na réimsí seo a leanas a chlúdach sa tairiscint:

  • Cáilíochtaí, saineolas, taithí, agus scileanna na ndaoine a bheidh páirteach i ngach gné den taighde
  • Cumas Gaeilge, idir Ghaeilge labhartha agus scríofa, na ndaoine a bheidh páirteach san obair cé nach critéar riachtanach é seo
  • Ní mór aon choimhlint leasa fhéideartha a chlárú go hoscailte
  • An cur chuige a mholtar chun tabhairt faoin taighde
  • Cur síos ar an gcur chuige a mholtar don tuairisciú agus ar an gcaoi a riarfar cumarsáid idir an t-iarrthóir agus Foras na Gaeilge, agus aon phointí eile a mheastar a chuirfeadh le luach an iarratais
  • Na táscairí a bheidh in úsáid agus luacháil a dhéanamh ar an taighde féin ag deireadh an tionscadail.
  • Na príomhchéimeanna a shamhlaítear leis an obair
  • Plean tionscadail a ullmhú agus a chur ar fáil d’Fhoras na Gaeilge, agus aiseolas a fháil ina leith
  • Dréacht luath d’aon cheistneoir a bheidh in úsáid, agus den tuairisc féin a chur ar fáil agus aiseolas a fháil ina leith ó Fhoras na Gaeilge
  • An taighde riachtanach a chur i gcrích
  • Tuairisc scríofa dheiridh a sholáthar d’Fhoras na Gaeilge bunaithe ar thorthaí an taighde
  • Moltaí a chur ar fáil d’Fhoras na Gaeilge ar bhearta maolaithe agus a bheidh chun leasa earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge sna blianta amach romhainn
  • Moltaí a chur ar fáil d’Fhoras na Gaeilge ar bhealaí leis an earnáil a láidriú agus/nó le foilsitheoireacht i nGaeilge a chinntiú san fhadtéarma
  • Moltaí a chur ar fáil faoi obair nó faoi thaighde ar bith eile ba chóir a dhéanamh ar shaincheist na comharbachta nó ar aon ábhar gaolmhar.

1.5  Eolas eile

Iarrtar ar iarratasóirí sceideal costas a chur ar fáil mar chuid den iarratas a léiríonn na nithe seo a leanas:

  • Sceideal ama agus oibre measta
  • Líon laethanta measta móide ráta laethúil
  • An táille chun tabhairt faoin tionscadal (aon chomhairle bhreise sheachtrach san áireamh)
  • An CBL leis an táille seo
  • Costais taistil & chothabhála 

1.6 Critéir mheasúnaithe

Déanfar measúnú ar iarrthóirí de réir na gcritéar measúnaithe thíos:  

 

 

 

 

Critéir mheasúnaithe

 

Céatadán (%)

1.       

Modheolaíocht chun an taighde a dhéanamh

30

2.       

Cumas an iarrthóra chun tabhairt faoi thionscadail oibre den chineál seo laistigh de théarmaí conartha.

20

3.       

Costas agus luach ar airgead

10

4.       

Tuairisceoireacht – tuiscint agus taithí ar riachtanais tuairisceoireachta.

10

5.       

Modhanna le haghaidh cumarsáid agus idirghabháil idir páirtithe ábhartha.

10

6.       

Taithí agus saineolas ábhartha na mball foirne a ainmnítear sa tairiscint

10

7.       

Cumas an iarrthóra tabhairt faoin tionscadal trí mheán na Gaeilge.

10

 

Ní bhronnfaidh Foras na Gaeilge aon chonradh mura bhfuil iarrthóir ar bith incháilithe de réir na gcritéar thuas. 

1.7 Sprioc

Is gá na tairiscintí a chur chuig  leabhar@forasnagaeilge.ie   faoin 12 meánlae ar an 14 Samhain,, 2018. Ar ríomhphost amháin a ghlacfar le tairiscintí.

Stádas: Choose Status

02 Sam
2018
Nuacht, Preasráitis

Comhchruinniú stairiúil le hÚdarás na Gaeltachta & €4.6M de dheontais faofa ag bord Fhoras na Gaeilge

Reáchtáladh comhchruinniú idir bord Fhoras na Gaeilge agus bord Údarás na Gaeltachta den chéad uair ag Oireachtas na Samhna 2018 i gCill Airne inniu. Ag an gcruinniú pléadh comhpháirtíocht reatha, tosaíochtaí na n-eagras, chomh maith le deiseanna féideartha comhpháirtíochta don todhchaí, i réimse na pleanála teanga ach go háirithe. Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “B’ócáid stairiúil agus fhíorthábhachtach comhchruinniú an lae inniu a thug deis don dá bhord stiúrtha deiseanna comhpháirtíochta a chíoradh. Is iad Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta an dá phríomheagras a mbeidh ról lárnach acu i gcur i bhfeidhm Plean Gníomhaíochta 2018-2022 don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus mar sin, beimid ag obair go dlúth le chéile le dlús a chur faoinár ngníomhaíochtaí sna cúig bliana amach romhainn.”

Is cúis áthais d’Fhoras na Gaeilge a chur in iúl gur faomhadh caiteachas os cionn €4.6M ag cruinniú boird de chuid Fhoras na Gaeilge a lean comhchruinniú an lae inniu. Chomh maith le deontais do Cheanneagraíochtaí Gaeilge, ceadaíodh deontas do Choláiste Ollscoile Naomh Muire i leith an Áisaonaid Lán-Ghaeilge, a chuireann áiseanna ar ardchaighdeán ar fáil do scoileanna ina dteagasctar na curaclaim agus siollabais trí Ghaeilge.

I réimse na meán, beidh tús á chur le hathbhreithniú ar réimse na meán Gaeilge in 2018 agus táthar ag súil leis an bpróiseas athbhreithnithe a tabhairt chun críche le linn 2019. Chuige sin, tá síneadh ama 12 mí tugtha do chonarthaí in earnáil na meán Gaeilge; Rua Media (NÓS), Comhar Teo. agus Tuairisc.ie go deireadh 2019.

Ag fáiltiú roimh chinntí an bhoird, dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Tá lúcháir orainn an tsuim mhór airgid a ceadaíodh inniu a fhógairt. Is é seo an sciar is mó a bheidh á cheadú as buiséad 2019. Tá na deontais a faomhadh inniu ag brath ar chinneadh na ranna urraíochta i leith maoiniú d’Fhoras na Gaeilge in 2019.”

Críoch

Tuilleadh eolais & grianghraif:

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175    

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie

Stádas: Choose Status

02 Sam
2018
Nuacht, Preasráitis

Athsheoladh focal.ie: Bunachar focal na Nua-Ghaeilge

Beidh an suíomh idirlín focal.ie á athsheoladh ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne mar chuid d'imeachtaí foclóireachta Fhoras na Gaeilge ag an bhféile. Suíomh tairsí nua, Stór Focal na Gaeilge Comhaimseartha, atá sa leagan nua seo de focal.ie, mar a liostaítear na focail go léir a fhaightear sna  príomhfhoinsí tagartha ó thús ré an Chaighdeáin Oifigiúil go dtí an lá atá inniu ann. Beidh an t-úsáideoir in ann cliceáil chun an fhianaise ábhartha go léir a fheiceáil in aon cheann de na foinsí sin.

"Is ar an nGaeilge amháin atáthar ag díriú in focal.ie," arsa Pádraig Ó Mianáin, Eagarthóir Foclóireachta Fhoras na Gaeilge. "Aon duine ar spéis leis focail na Gaeilge, beidh spéis aige san eolas cuimsitheach atá á chur i láthair anois ar an aon suíomh amháin – cad iad na focail atá in úsáid, cad iad na cialla atá leo, cá bhfuil siad le fáil, cá huair a tháinig siad i dtreis, srl. Is é focal.ie an suíomh foirfe dá leithéid, agus táimid an-sásta go mbeidh sé á sheoladh ag féile mhór phobal na Gaeilge."

Sa suíomh nua faightear innéacs de na focail Ghaeilge atá le fáil i sé phríomhfhoinse: an bunábhar Gaeilge in Foclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill, in tearma.ie, i mbunachar téarmaíochta gaois.ie, agus in An Foclóir Beag; mar aon leis na príomhaistriúcháin Ghaeilge atá san Fhoclóir Nua Béarla-Gaeilge (focloir.ie) agus in English-Irish Dictionary de Bhaldraithe. Chomh maith leis sin tugtar sonraí minicíochta na bhfocal go léir i Nua-Chorpas na hÉireann.

"Is réamhchéim é focal.ie d'fhorbairt na bhfoclóirí Gaeilge-Gaeilge agus Gaeilge-Béarla atá beartaithe ag Foras na Gaeilge nuair a bheidh an foclóir reatha i gcló in 2020," arsa Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge. "Tá a lán forbairtí spéisiúla a d'fhéadfaí a dhéanamh ar an suíomh amach anseo, mar shampla, liostaí ó na canúintí a chur leis nó naisc chuig foinsí ábhartha eile. Tá i gceist amach anseo, leis, deis sluapháirtíochta a thabhairt don phobal chun focail, cialla nó nótaí tráchta a chur leis an suíomh."

Tá Fiontar agus Ollscoil Chathair BÁC páirteach sa leagan nua seo de focal.ie chomh maith tríd an mbunachar téarmaíochta atá ag gaois.ie. Is comhpháirtíocht é seo atá le leas chách, a deir an tOllamh Ciarán Mac Murchaidh, Ceann Scoile Fiontar agus Scoil na Gaeilge, a dhéanfaidh an seoladh oifigiúil ag an Oireachtas. "Is tríd an téarmaíocht atá go leor d'fhocail nua na Gaeilge á gcumadh agus á gcur i gcúrsaíocht, agus is áis iontach don úsáideoir é an dá mhórshuíomh téarmaíochta a bheith taobh le taobh leis na suíomhanna foclóireachta. Ónár dtaobhna de, is deis eile é an suíomh nua seo chun acmhainní luachmhara gaois.ie a chur i lár an aonaigh leis na príomhfhoinsí Gaeilge eile."

 

Seolfar focal.ie ag 4.00 p.m. inniu sa Seomra Torc in Óstán Gleneagle, Cill Airne ag Oireachtas na Samhna 2018.

 

Déanfar sruthú beo ar an ócáid ar leathanach Facebook Fhoras na Gaeilge.

 

Tuilleadh eolais: Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175 

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie

Stádas: Choose Status

31 Dei
2018
Nuacht

Seimineár - Do Ghairm le Gaeilge

SEIMINEÁR: DO GHAIRM le gaeilge

ARNA EAGRÚ AG FORAS NA GAEILGE

Dé Sathairn, 3 Samhain in Aonach an Oireachtais idir 1-2pm

Painéal Cainte

Aindriú de Paor: Is as Carraig na Siúire i gCo Thiobraid Árann d'Aindriú de Paor. Tá sé ag obair mar láithreoir, tuairisceoir agus mar chúntóir léirithe in RTÉ le os cionn dhá bhliain. Oibríonn sé leis na stáisúin RTÉ Radio 1, RTÉ 2FM, RTÉ Raidió na Gaeltachta agus RTÉ Pulse. Cloistear go minic é ar Raidió na Life agus ar Newstalk chomh maith.

Ciara Ní É: Is Bleáthcliathach í Ciara Ní É. Bhain sí BA i nGaeilge agus Béarla amach i gColáiste na Tríonóide, agus MA i 'Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge' i gColáiste na hOllscoile, BÁC. Is scríbhneoir í (Nós, Comhar, Poetry Ireland) agus is í a reachtálann REIC, oíche filíochta agus cheoil a thugann sí timpeall na tíre agus chuig féiltí éagsúla (IMRAM, Féile na Gealaí, Body and Soul, Electric Picnic). Roghnaíodh í don scéim 'Introductions' de chuid Poetry Ireland, agus do Scéim Meantóireachta Fhoras na Gaeilge, agus faoi láthair na huaire tá sí ag díriú ar dhráma a chríochnú. Chaith Ciara an bhliain seo caite i Meiriceá ar ghradam Fulbright ag múineadh Gaeilge in ollscoil Villanova, agus scríobh sí faoina taithí do RTÉ ar líne.

Bean an Tí

Sinéad Ní Uallacháin: Raidió na Gaeltachta,  TG4, Beo ar Éigean

 

Stádas: Choose Status

Cuir d'ainm ar ár liosta poist

Cuir d'ainm ar ár liosta poist leis an nuacht is déanaí maidir le Foras na Gaeilge a fháil.