Nuacht

25 Dei
2018
Nuacht, Preasráitis

Camchuairt 2019 fógartha ag Foras na Gaeilge 

PREASEISIÚINT

Camchuairt 2019 fógartha ag Foras na Gaeilge 

25 Deireadh Fómhair 2018

 

Tá áthas ar Fhoras na Gaeilge sraith d’oícheanta eolais a fhógairt le scéimeanna maoinithe a bheidh ar fáil ón gcomhlacht thuaidh/theas don Ghaeilge in 2019 a chur chun cinn. Beidh an chéad cheann acu ar siúl ag Aonach an Oireachtais ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne ar an 2 Samhain.  Le linn na n-oícheanta roinnfidh Foras na Gaeilge eolas faoi obair na heagraíochta, a scéimeanna maoinithe agus na tacaíochtaí atá ar fáil. Beidh deis ag an bpobal aiseolas a thabhairt maidir le cur chun cinn na Gaeilge ina gceantar féin agus ceisteanna a chur.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Tá ceantair áirithe thuaidh agus theas aitheanta againn óna bhfuil líon na n-iarratas ar ár scéimeanna maoinithe éagsúla measartha íseal le blianta beaga anuas. Le dul i ngleic leis seo, eagraíodh camchuairteanna i míonna Feabhra agus na Samhna 2017 le labhairt le pobail sna ceantair seo agus é mar aidhm againn feasacht a ardú faoi na deiseanna maoinithe agus tacaíochtaí atá ar fáil dóibh. Ba mhór an tairbhe a bhain leis na seisiúin sin toisc gur roinn rannpháirtithe aiseolas luachmhar linn atá anois curtha san áireamh againn. Táimid ag súil go mór le dul i mbéal an phobail arís leis an dara camchuairt seo le scéimeanna maoinithe 2019 a chur faoina mbráid.”

I measc na scéimeanna a bheidh á bplé beidh Scéim na nImeachtaí Óige, Scéim na gCampaí Samhraidh agus scéimeanna scríbhneoireachta. Cuireann Foras na Gaeilge maoiniú ar fáil freisin i réimsí an ghnó, na n-ealaíon, na meán agus na foilsitheoireachta. Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Fhoras na Gaeilge, www.forasnagaeilge.ie/sceimeanna, le haghaidh liosta iomlán de na scéimeanna atá ar fáil.

Cuirfidh Foras na Gaeilge na seisiúin seo a leanas i láthair le linn na seachtainí seo romhainn:

 

Dáta

Baile

Ionad

Am

02/11/2018

Cill Airne, Co. Chiarraí

Aonach an Oireachtais, Oireachtas na Samhna, Gleneagle Hotel, V93 V6WF

15:00

07/11/2018

Cathair Chill Chainnigh

Springhill Court Hotel, R95 NX32

19:30

07/11/2018

An Chorr Chríochach, Co. Thír Eoghain

Burnavon Theatre, BT80 8DN

19:00

08/11/2018

Port Laoise, Co. Laoise

Maldron Hotel, R32 HKN3

19:30

14/11/2018

Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall

An Grianán Theatre, F92 RV1F

19:30

15/11/2018

Cathair Shligigh

Sligo Southern Hotel, F91 EW24

19:30

16/11/2018

Cathair na Gaillimhe

Tionól Forbartha Gaeloideachas, Clayton Hotel, H91 D526

16:15

* Críoch *

Faoi Fhoras na Gaeilge

Cuireadh Foras na Gaeilge ar bun faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta agus tá siad freagrach as na nithe seo a leanas

  • cur chun cinn na Gaeilge;
  • úsáid na Gaeilge a éascú agus a spreagadh sa chaint agus i scríbhinn, sa saol poiblí agus sa saol príobháideach sa Deisceart agus, i gcomhthéacs Chuid III den Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh, i dTuaisceart Éireann mar a mbeidh éileamh cuí ann;
  • comhairle a thabhairt don dá lucht riaracháin, do chomhlachtaí poiblí agus do ghrúpaí eile san earnáil phríobháideach agus san earnáil dheonach;
  • tionscadail tacaíochta a ghabháil de láimh, agus cúnamh deontais a thabhairt do chomhlachtaí agus do ghrúpaí de réir mar a mheasfar is gá;
  • taighde, feachtais fógraíochta, caidreamh poiblí agus caidreamh leis na meáin a ghabháil de láimh;
  • téarmaíocht agus foclóirí a fhorbairt;
  • tacú le hoideachas trí mheán na Gaeilge agus le múineadh na Gaeilge.

Tuilleadh eolais: 

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175    

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie

Colm Ó hArgáin, Ardoifigeach Feidhmiúcháin: Oideachas, Foras na Gaeilge.

Teil: 00353 1 639 8400

Ríomhphost: cohargain@forasnagaeilge.ie

Stádas: Choose Status

17 Dei
2018
Nuacht, Preasráitis

Ceiliúrann Foras na Gaeilge oifigigh Ghaeilge i gcomhairlí sa tuaisceart

Preaseisiúint

Ceiliúrann Foras na Gaeilge oifigigh Ghaeilge i gcomhairlí sa tuaisceart

 

Rinne Foras na Gaeilge, an comhlacht trasteorann ar a bhfuil freagracht as an Ghaeilge a chur chun cinn, ceiliúradh Dé Máirt an 9 Deireadh Fómhair 2018 ar na ceithre oifigeach Gaeilge nua-cheaptha i dtrí cheantar comhairle sa tuaisceart le páirtmhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge faoi Scéim na nOifigeach Gaeilge ag ócáid i Halla na Cathrach i mBéal Feirste. 

Tá Comhairle Bhéal Feirste i ndiaidh a gcéad oifigeach Gaeilge riamh a cheapadh de réir straitéis teanga na comhairle. Tá Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin i ndiaidh an dara hoifigeach Gaeilge acu a cheapadh agus tá dhá oifigeach Gaeilge ceaptha ag Comhairle Ceantair Fhear Manach agus na hÓmaí tríd an scéim reatha.

Tá naoi n-oifigeach Gaeilge i bpost faoi láthair i gcúig chomhairle ar fud an tuaiscirt, a bhfuil ceathrar acu maoinithe ag Foras na Gaeilge faoin scéim seo.

Chuir Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste, Suzanne Wylie, fáilte roimh na hoifigigh Ghaeilge nua agus aíonna chun na hócáide agus chuir sí béim ar an ról tábhachtach a imríonn an Ghaeilge in éagsúlacht teanga agus chultúrtha chathair Bhéal Feirste. D’fháiltigh sí roimh fhorbairtí atá déanta ag Comhairle Bhéal Feirste maidir le teangacha, go háirithe lainseáil straitéis teanga na comhairle 2018-2023, ag aithint na tacaíochta atá faighte ó Fhoras na Gaeilge.

Thug Leas-Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Edel Ní Chorráin, aitheantas do thábhacht stairiúil na hócáide, go háirithe do Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste ag ceapadh a gcéad oifigeach Gaeilge,  “Leis an Ghaeilge á plé go poiblí b’fhéidir níos mó ná riamh roimhe sa tuaisceart, tá deiseanna nua ag teacht chun cinn le spéis phoiblí sa Ghaeilge agus sa chultúr Gaelach ag méadú, agus leis seo tagann deiseanna nua.  Leis na deiseanna sin tagann, ar ndóigh, cuid dúshlán, ach cuirimid fáilte roimh na céimeanna atá déanta ag na comhairlí seo ag ceapadh oifigigh Ghaeilge.” 

Ag caint ag an ócáid chomh maith bhí an Dr David Mitchell, Ollamh Cúnta le Réiteach Coimhlinte agus Athmhuintearas i gColáiste na Tríonóide Baile Átha Cliath agus comhúdar Reconciliation through language learning? A case study of the Turas Irish language project in East Belfast, atá lonnaithe i mBéal Feirste. Ina iris cuireann sé béim ar na féidearthachtaí a bhaineann leis an Ghaeilge a bheith ina cúis le comhaontú i dTuaisceart Éireann:

Since language learning is naturally accompanied by encounter with the history of the language, it can open a space for the discovery of shared historical experiences, or revision of narrow or destructive understandings of history.

Ag an ócáid chéanna lainseáil Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge, i gcomhar leis an Choiste um Riarachán ar Cheartas, taighde ar an Ghaeilge i gcomhairlí áitiúla, lena n-áirítear Próifílí Teanga 2018, a chuireann síos ar an tsoláthar pobail, oideachais agus shóisialta i ngach ceann de na 11 chomhairle áitiúil. Agus é ag labhairt faoin taighde dúirt sé, “Léiríonn na Próifílí Teanga, a lainseáladh mar aguisín leis an taighde a d’fhoilsigh Conradh na Gaeilge inniu, cuid den obair iontach atá ar siúl maidir leis an Ghaeilge sna comhairlí áitiúla. Léiríonn siad chomh maith, áfach, bearnaí móra i dtacaíocht phobail agus i soláthar i gcuid de na comhairlí. Léiríonn an taighde go soiléir go bhfuil cuid comhairlí ann ar theip orthu a ndualgais a aithint nó a chur i bhfeidhm i leith na Gaeilge, mar a shonraítear sa dlí áitiúil agus idirnáisiúnta. Táimid ag iarraidh a bheith ag obair leis na comhairlí seo amach anseo, ag tarraingt ar chur chuige comhairlí eile maidir leis an chleachtas is fearr.”

Chuir Ardmhéara Bhéal Feirste, an Comhairleoir Deirdre Hargey, clabhsúr oifigiúil ar an ócáid agus d’athdhearbhaigh sí a tacaíocht leanúnach do Bhéal Feirste do chách agus í ag díriú ar chearta do gach saoránach sa chathair, lena n-áirítear cearta na mban ar chúram sláinte, cearta LADT agus cearta do Ghaeilgeoirí.

Críoch

Nóta don eagarthóir:

Faoi Scéim na nOifigeach Gaeilge

Trí Scéim na nOifigeach Gaeilge cuireann Foras na Gaeilge cómhaoiniú ar fáil do chomhairlí áitiúla sa tuaisceart le deis a thabhairt dóibh seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge agus le tacú leo cur chun cinn agus úsáid na Gaeilge a fhorbairt. Tá Foras na Gaeilge ag cómhaoiniú poist oifigeach Gaeilge sna comhairlí seo a leanas thar thréimhse 3 bliana na scéime reatha:

  • Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin: £44,774.50 mar chómhaoiniú do phost oifigigh Gaeilge.
  • Comhairle Cathrach Bhéal Feirste: £44,774.50 mar chómhaoiniú do phost oifigigh Gaeilge
  • Comhairle Ceantair Fhear Manach agus na hÓmaí: £44,774.50 mar chómhaoiniú do dhá phost oifigigh Gaeilge.

I measc na seirbhísí a chuirtear ar fáil tríd an scéim seo ó 2006 i leith tá: clár oiliúna Gaeilge d’oibrithe comhairle, clár ócáidí agus imeachtaí cultúrtha, comhairle agus tacaíocht d’oibrithe comhairle agus don phobal a éilíonn seirbhísí trí Ghaeilge agus seirbhísí aistriúcháin inmheánacha.

Tá faoi láthair cúig cheantar comhairle a bhfuil oifigigh Ghaeilge i bpost acu ó cuireadh tús leis an scéim:

  • Comhairle Cathrach Bhéal Feirste
  • Comhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin
  • Comhairle Ceantair Fhear Manach agus na hÓmaí
  • Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin*
  • Comhairle Lár Uladh

* Bhí oifigigh Ghaeilge Chomhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dún neamhspleách ar scéim Fhoras na Gaeilge.

Tuilleadh eolais:

Caoimhe Ní Chathail, Foras na Gaeilge: cnichathail@forasnagaeilge.ie │ 028 (048) 9089 0970

Grianghraif:

Jim Corr Photography

Stádas: Choose Status

18 Meá
2018
Nuacht

Slí gréasán Shlí Cholmcille - cuireadh chun tairisceanna

Iarratas ar thairiscintí le hathbhreithniú a dhéanamh ar shuíomh gréasáin Shlí Cholmcille agus plean a dhéanamh le feabhas a chur ar eispéireas na gcuairteoirí agus ar an tsoláthar eolais dóibh

Is mian le Foras na Gaeilge beart scóipe a dhéanamh agus moltaí a fhorbairt le feabhas a chur ar shuíomh gréasáin Shlí Cholmcille in am do 2021, cothrom míle go leith bliain ó rugadh Naomh Colmcille. Chuige sin beidh scileanna eagarthóireachta a bhaineann le hearnáil na hoidhreachta, agus tuiscint ar théacsanna, íomhánna agus ábhar digiteach eile a chur i láthair ar líne, de dhíth.

Nuair a bheas an t-athbhreithniú i gcrích, agus ag brath ar na hacmhainní a bheas ar fáil,  tá súil againn cuireadh eile ar thairiscintí a chur amach don chéad chéim eile d’fhorbairt an tsuímh. 

Cúlra Shlí Cholmcille

Nascann Slí Cholmcille Éire agus Albain le sraith de chonairí a bhaineann le Naomh Colmcille agus naoimh luath-Chríostaí eile. Tá ceithre phríomhghné sa tSlí:

  • Oidhreacht
  • Teanga
  • Pobal (pobail Ghaeilge agus Ghaeilge na hAlban ina measc)
  • Turasóireacht

Baineann an tionscadal Slí Cholmcille le Colmcille, comhpháirtíocht idir Foras na Gaeilge agus a leathbhreac in Albain, Bòrd na Gàidhlig. Tá Foras na Gaeilge ag stiúradh an tsuímh gréasáin thar ceann an dá eagraíocht. Tá an suíomh gréasáin trítheangach i nGaeilge na hÉireann, Gaeilge na hAlban agus Béarla.

Tá an t-ábhar agus na híomhánna atá ar an tsuíomh faoi láthair ar ardchaighdeán (féach www.colmcille.org). Níl Foras na Gaeilge ag cur rompu an suíomh a thógáil as an nua. Is é atá siad a iarraidh an suíomh a chur in oiriúint agus eagar a chur ar an ábhar ionas:

  • go riarfaidh sé ar réimse riachtanas cuairteoirí, ag tabhairt léargas don chuairteoir ghinearálta, agus eolas mionsonraithe nuair a bheas feidhm leis sin;
  • gur soiléire an bhaint atá aige le heagraíochtaí comhpháirtíochta in earnáil na hoidhreachta, an phobail agus na turasóireachta (pobail Ghaeilge na hÉireann agus Ghaeilge na hAlban san áireamh);
  • go gcuirfear láithreacha nua atá aitheanta a bheith tábhachtach, agus eolas úr atá tagtha chun solais ó bunaíodh an suíomh gréasáin ar dtús san áireamh ann;
  • go mbeidh sé níos fusa do chuairteoirí a mbealach a dhéanamh tríd agus go mbeidh sé inrochtana ó ghléasanna móibíleacha.
  • go mbeidh córais bhainistíochta inneachair éifeachtach agus furasta a úsáid d’Fhoras na Gaeilge.

Forbairtí ó 2012 i leith

Ó seoladh an suíomh gréasáin in 2012 cuireadh athruithe suntasacha i bhfeidhm. Ina measc seo tá:

  • Google Maps a chur leis
  • atheagar ar chodanna áirithe, mar shampla an chuid ar Oileán Í, leis an tsuíomh gréasáin a choinneáil chun dáta leis an taighde is deireanaí
  • Naisc a thógáil le pobail áitiúla, lena n-áirítear comhpháirtíocht i dtáirgeadh léarscáileanna agus bileoga áitiúla, mar shampla i nGleann Cholm Cille, cathair Dhoire, agus Oileán Leòdhais

Forbairtí sa tseandálaíocht agus i rannpháirtíocht phobail

Ó bunaíodh an suíomh gréasáin tá méadú mór tagtha ar spéis i naoimh luath-Chríostaí agus sna suíomhanna a bhaineann leo, agus tá forbairtí suntasacha ann sa tseandálaíocht agus i léann na meánaoise. Mar shampla, tá pobail áitiúla ag obair i gcomhpháirt le seandálaithe ag Díseart Cholmcille sna Cruacha Gorma, ag Droim Thuama i ndeisceart Dhún na nGall, in Inis Eoghain agus in Inse Ghall. Tá tionchar ag cuid den obair seo ar an ábhar ar an tsuíomh gréasáin, ach tá cuid eile, go háirithe ar láithreacha nach bhfuil ar an tSlí go fóill, go fóill le cur san áireamh. Beidh tuilleadh mapála agus ábhair de dhíth mar gheall air seo.  

 Comhlíonadh an chonartha

Leis an chonradh a chomhlíonadh déanfaidh an t-iarrthóir rathúil na nithe seo a leanas:

  • a dheimhniú cén t-ábhar atá de dhíth
  • a dheimhniú cad é mar is fearr an t-ábhar a tháirgeadh agus eagarthóireacht a dhéanamh air
  • a dheimhniú cad é mar is fearr is féidir leis an tsuíomh eolas a sholáthar do chuairteoirí agus d’eagraíochtaí pobail agus oidhreachta trí:
  1. leathanach nó leathanaigh lamairne, a d’fhéadfadh a bheith do réigiúin ar leith nó do théamaí ar leith, leithéid oidhreacht, seandálaíocht, turasóireacht nó pobail
  2. córas mapála is féidir a úsáid le bealach a dhéanamh tríd an tsuíomh gréasáin. Tabhair faoi deara go bhfuil córas Google Maps ann is féidir a úsáid faoi láthair, ach ní ón leathanach lamairne
  • a dheimhniú cad é mar is fearr na meáin shóisialta a úsáid. Tá leathanach Facebook ag Slí Cholmcille, ach níl fáil air ón tsuíomh gréasáin faoi láthair
  • réamh-mholtaí a chur ar fáil, i gcomhairle le Foras na Gaeilge, agus bunaithe ar an athbhreithniú leis an tsuíomh gréasáin a fheabhsú agus eagarthóireacht a dhéanamh air
  • plean a chur ar fáil maidir le cad é mar is fearr teacht ar an eolas ar an tsuíomh gréasáin agus le heagar a chur air
  • samplaí a chur ar fáil de cad é mar a d’fhéadfaí eagar a chur ar  an téacs i gcodanna éagsúla den tsuíomh gréasáin. I measc na samplaí beidh téacs agus íomhánna, leagan amach agus conair ó leathanach nó leathanaigh lamairne go dtí an t-eolas is mionsonraithe 

Critéir riachtanacha

Taithí ar:

  • eagarthóireacht ar théacs, téacs ar líne san áireamh, agus ar íomhánna
  • ábhar ar líne a chur in oiriúint do ghléasanna móibíleacha agus ríomhairí
  • ábhar ar líne a cheapadh agus a chur in oiriúint agus in eagar lena dhéanamh inrochtana do réimse spriocghrúpaí

Critéir inmhianaithe

  • Taithí agus scil in ábhar a chur in eagar i nGaeilge na hÉireann agus/nó Gaeilge na hAlban 

Is cóir don iarrthóir na nithe a leanas a chur ar fáil:

  • CV agus fianaise ar obair a rinne siad, mar shampla litir mholta ó chliant
  • Sceideal oibre. Is cóir críoch a bheith ar an obair faoin 14 Nollaig 2018
  • Costas ar an obair. Is cóir costas na hoibre a shonrú

 Ní mór an tairiscint agus na nithe thuasluaite a bheith faighte ag Foras na Gaeilge faoin 15 Deireadh Fómhair 2018 ag an tseoladh seo:

Tairiscintí

Colmcille

Foras na Gaeilge

Teach an Gheata Thiar

2-4 Sráid na Banríona

Béal Feirste

BT1 6ED

 

Critéir mheasúnaithe

 

1.

 

Tuiscint shoiléir agus fís an iarrthóra do shuíomh Cholmcille

 

30

 

2.

 

Scil agus taithí in ábhar ar líne a chur in eagar do réimse de spriocghrúpaí

 

20

 

3.

 

Indéantacht an chur chuige a mholtar i bplean an iarrthóra

 

20

4.

 

Fianaise ar nuáil éifeachtach in earnálacha na hoidhreachta agus an chultúir

 

10

 

 

5.

 

Luach ar airgead – ní dhéanfar an cinneadh ar bhonn costais amháin

 

10

 

6.

 

 

Taithí ar shuímh ilteangacha a fhorbairt

 

10

 

 

 

 

Iomlán

 

100

 

Má tá tuilleadh eolais de dhíth gabh i dteagmháil le

Colmcille

Foras na Gaeilge

Teach an Gheata Thiar

2-4 Sráid na Banríona

BÉAL FEIRSTE

BT1 6ED

Stádas: Choose Status

15 Meá
2018
Nuacht

Do Ghairm le Gaeilge, 3 Deireadh Fómhair

Táimid ag súil go mór le bheith i láthair ag Aonach Gairmeacha gradireland ar an gCéadaoin an 3 Deireadh Fómhair mar chuid den fheachtas Do Ghairm le Gaeilge.

 

Tá an feachtas seo dírithe ar chéimithe agus é mar aidhm aige:

  • céimithe a spreagadh le hinniúlacht sa Ghaeilge a lua ar a CV agus iad a chur isteach ar phoist
  • a nGaeilge a úsáid sna poist a bheidh acu amach anseo
  • cúrsaí iarchéime trí Ghaeilge a roghnú
  • cur isteach ar phoist in earnáil na Gaeilge.

Is cúis áthais d’Fhoras na Gaeilge eagrán 2019 den leabhrán Do Ghairm le Gaeilge a chur ar fáil ar líne, rud a bheidh ina acmhainn luachmhar d'oideachasóirí agus mic léinn 3ú leibhéal. Tugann an leabhrán léargas ar na deiseanna éagsúla oiliúna agus fostaíochta atá ar fáil do chéimithe a bhfuil Gaeilge líofa acu. Chomh maith le liosta cuimsitheach acmhainní agus cúrsaí, tá comhairle phraiticiúil ar fáil sa leabhrán ó PEIG.ie ar CV a leagan amach agus leideanna le post le Gaeilge a fháil.

Anuas ar an leabhrán, tá 18 bhfíseán ar fáil ar líne ina ndéanann ár n-ambasadóirí gairme cur síos ar an mbuntáiste a thug an Ghaeilge dóibh ina saol oibre. Tá Síomha Ní Ruairc, Comhordaitheoir Bhliain na Gaeilge 2018 agus Micheál Ó Ciaraidh, láithreoir teilifíse le TG4 i measc na n-ambasadóirí gairme a thugann léargas dúinn ar a dtaithí oibre go dtí seo.  

Beidh foireann Fhoras na Gaeilge agus PEIG.ie ar fáil le labhairt le mic léinn faoi na  deiseanna éagsúla oiliúna, fostaíochta agus deonacha atá ar fáil trí Ghaeilge ó 11 a.m. go 5 p.m. ar an 3 Deireadh Fómhair ag Aonach Gairmeacha gradireland san RDS i mBaile Átha Cliath.

Beidh  Bláthnaid Ní Chofaigh (comhalta boird Fhoras na Gaeilge agus craoltóir RTÉ) agus aíonna speisialta linn arís le labhairt lenár bpainéal faoi chúrsaí fostaíochta agus earcaíocht agus le comhairle phraiticiúil a roinnt leo siúd a bheidh i láthair ag 2.30 p.m.

Cláraigh don Aonach Gairmeacha le gradireland saor in aisce anseo.

Stádas: Choose Status

14 Meá
2018
Nuacht

Seirbhísí Riartha Clódóireachta

Iarraidh ar Thairiscint

 

An tSeirbhís atá le cur ar fáil

Iarrtar tairiscintí le haghaidh seirbhísí chun cúram a dhéanamh de na riachtanais seo a leanas a bhaineann le sceidil chlódóireachta an Ghúim:

  • Sonraíocht iomlán clódóireachta a réiteach le haghaidh gach aon fhoilseacháin de réir mar is gá. I measc na nithe a bheidh le cur san áireamh sa tsonraíocht beidh sonraí faoi chineál an pháipéir atá le húsáid, faoi cháilíocht agus faoi mheáchan an pháipéir, faoi chaighdeáin an cheangail, sonraí i dtaobh an chlúdaigh agus na bailchríche atá le cur ar na leabhair.
  • Sonraíochtaí teicniúla breise a sholáthar ó am go ham de réir mar a bheidh siad ag teastáil.
  • Seirbhísí a chuimseoidh plé leis an bhfoireann agus comhairle a chur orthu maidir le dearadh agus leagan amach foilseachán, roghnú clófhoirne agus comhairle eile maidir le ceisteanna teicniúla agus deartha de réir mar a iarrfar iad chomh maith le comhairle maidir le:

-      ullmhú sceideal clódóireachta le haghaidh foilseacháin nua

-      ullmhú sceideal clódóireachta le haghaidh athchlónna.

  • Dul i bpáirt leis an bhfoireann riaracháin agus eagarthóireachta maidir le tairiscintí a mheasúnú agus moltaí a dhéanamh maidir le bronnadh conarthaí clódóireachta.
  • A chinntiú go gcuirfear ar ais chuig an nGúm le haghaidh stórála gach cuid de bhunábhar foilseacháin, dioscaí clódóra agus comhaid chlódóireachta chomh luath agus is féidir i ndiaidh don chlódóireacht a bheith curtha i gcrích.
  • Monatóireacht a dhéanamh ar phrofaí i gcomhar leis an bhfoireann eagarthóireachta agus rialú cáilíochta a chur i bhfeidhm ar phrofaí leathanaigh, ar réamhphrofaí clódóireachta agus ar réamhchóipeanna. Moltaí deiridh a dhéanamh i dtreo foilseachán a dhearbhú a bheith ‘réidh le clóbhualadh’.
  • Plé leis an gconraitheoir clódóireachta, de réir mar is cuí agus tar éis dul i gcomharle leis an bhfoireann riaracháin agus eagarthóireachta, d’fhonn a chinntiú go gcuirfear an conradh i gcrích go sásúil agus de réir an sceidil agus d’fhonn dul i ngleic le haon deacrachtaí nó le haon cheisteanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn maidir leis an bpróiseas clódóireachta.

 

Leagan amach na Tairisceana

Is gá an t-eolas seo a leanas a bheith sa Tairiscint:

  • Mionchur síos ar chumas an tairgeora chun riachtanais an chonartha a chomhlíonadh, lean n-áirítear sonraí faoina s(h)aineolas teicniúil agus faoi cháilíochtaí cuí a bheith aige/aici i réimse na clódóireachta agus faoi thaithí an tairgeora ar an réimse oibre atá i gceist.

  • Stádas airgeadais an tairgeora, i.e. cé acu trádálaí aonair, comhlacht teoranta etc, é/í. Beidh sonraíocht faoi Dheimhniú Imréitigh Cánach le soláthar sa chás go mbronnfar an conradh ar an tairgeoir.

  • Agus na tascanna atá luaite thuas á gcur san áireamh is gá praghas aonaid (CBL sonraithe san áireamh, más cuí) le haghaidh gach ceann ar leith díobh seo a leanas a bheith tugtha:
  1. Foilseacháin Nua
  2. Athchlónna

Seachadadh na Tairisceana

Is féidir tairiscintí a chur tríd an bpost nó ar an ríomhphost chuig:

Seosamh Ó Murchú

Eagarthóir Sinsearach

An Gúm

Foras na Gaeilge

63-66 Sráid Amiens

Baile Átha Cliath 1

 

somurchu@forasnagaeilge.ie

 

Ba cheart ‘Seirbhísí Clódóireachta’ a bheith breactha ar chlúdaigh litreach nó ar líne theidil ríomhphoist. Is gá Tairiscintí a bheith istigh roimh 5.00 p.m. ar an Aoine, 28 Meán Fómhair 2018.

Is féidir ceist ar bith i dtaobh an phróisis a chur chuig an seoladh thuasluaite chomh maith.

Bronnfar an conradh ar feadh tréimhse trí bliana ar a mhéad.

Tá de cheart ag Foras na Gaeilge a shocrú nach mbronnfar conradh ar bith sa chás nach bhfaighfear aon tairiscint shásúil agus is ag Foras na Gaeilge a bheidh an focal deiridh i dtaobh conradh ar bith a bhronnfar le haghaidh na seirbhísí atá sonraithe.

Stádas: Choose Status

14 Lún
2018
Nuacht

Seirbhís i dtaca le comhordú agus forbairt ar shuíomhanna gréasáin

Tá tairiscintí á lorg ag Foras na Gaeilge i gcomhair chonraitheoir maidir le comhordú agus forbairt a dhéanamh ar na suíomhanna gréasáin www.gaeilge.ie & www.forasnagaeilge.ie  agus ar láithreacht Fhoras na Gaeilge ar na meáin shóisialta don tréimhse Deireadh Fómhair 2018 go Deireadh Fómhair 2019.

Ní mór dhá chóip chrua de na cáipéisí iarratais (Litir chumhdaigh, foirm iarratais agus cv) a sheoladh chuig Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge, 63-66 Sráid Amiens, Baile Átha Cliath 1 roimh 1.00 p.m. ar an 5 Meán Fómhair 2018.

Iarraidh ar thairiscintí do chomhordú agus forbairt ar shuíomhanna gréasáin

Foirm iarratais

 

Stádas: Choose Status

13 Lún
2018
Nuacht

Ár n-aistear le linn Bhliain na Gaeilge

Stádas: Choose Status

03 Lún
2018
Nuacht

Seachtain na Gaeilge ag Fleadh Cheoil na hÉireann 2018

Tá áít lárnach ag an nGaeilge ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus ag Fleadh Cheoil na hÉireann i nDroichead Átha. Tá 2018 aitheanta mar Bhliain na Gaeilge agus táimid an-bhródiúil as ár gclár i mbliana. Tá go leor imeachtaí ar siúl againn do gach aois le linn Seachtain na Gaeilge: ranganna Gaeilge, ranganna damhsa, turas siúlóide stairiúil, léachtanna, ceardlann amhránaíochta, spraoi do theaghlaigh, tráth na gCeist, toraíocht taisce stairiúil, Pop Up Gaeltacht agus ceol agus amhráin as Gaeilge ar an Gig Rig srl.. Tá Coiste Gaeilge na Fleidhe an-bhuíoch do thacaíócht fhial Fhoras na Gaeilge chun na himeachtaí a chur ar siúl agus tá fáilte roimh chách ag seoladh clár imeachtaí Sheachtain na Gaeilge go hoifigiúil Dé Máirt ag a cúig a chlog i Highlanes Gallery.

Labhair Gaeilge le linn na seachtaine agus bí bródúil aisti!

Is leor cúpla focal!

Clár Seachtain na Gaeilge

Stádas: Choose Status

03 Lún
2018
Nuacht

Deiseanna Oideachais agus Oiliúna le King's Inns

Clár na Gaeilge

Clár na Gaeilge (Óstaí an Rí) de bhun Acht na nDlí–Chleachtóirí (An Ghaeilge) 2008, clár abhcóidí i mbun cleachtais a d’fhreastail ar an gcúrsa atá leagtha síos agus ar éirigh leo i scrúduithe Chumann Onórach Óstaí an Rí lena gclárú mar abhcóidí atá inniúil ar an dlí a chleachtadh trí Ghaeilge chomh maith lena chleachtadh trí Bhéarla. Tuilleadh Eolais

 

Stádas: Choose Status

26 Iúi
2018
Nuacht

11 Bhliain den Phuball Gaeilge ag an bPicnic Aibhléiseach – Clár Spleodrach Fógartha!

11 Bhliain den Phuball Gaeilge ag an bPicnic Aibhléiseach – Clár Spleodrach Fógartha!

 

 

Beidh clár ilghnéitheach ag an bPuball Gaeilge ag an bPicnic Aibhléiseach arís i mbliana agus an Puball ag ceiliúradh 11 bhliain ag an bPicnic Aibhléiseach i gcomhpháirt le Raidió na Life!
Beidh idir buíonta ceoil, podchraoladh beo, Léiriú Draíochta, Ted Talks na Gaeilge, Fuirseoirí, Drámaí, Filí agus eile mar chuid d’imeachtaí an phubaill!

Beidh ceol gach oíche á chur ar i láthair ag Raidió na Life, Rónán Mac Aodha Bhuí, agus Raidió Fáilte.

Astu siúd a bheidh á gcur faoi bhráid an phobail ag Siamsa Raidió Na Life oíche Dé hAoine beidh Cult Called Man, Three Underneath, Oski Bravo, Exiles, Bruadar agus Ullchabháin.

Ag an gCabaret Craiceáilte oíche Dé Sathairn, beidh rapadóirí dána Bhéal Feirste agus an buíon is dáinséirí i saol na Gaeilge - Kneecap, agus na ceoltóirí iontacha Shane Hennesy, Thatchers of the Acropolis agus neart eile nach iad.

Ag Scléip Raidió Fáilte Dé Domhnaigh beidh Abhainn Bheara, Gráinne Holland, Éiriú, LÁS, agus Na Hot Totties ina measc…

Níos mó eolais ag teacht go luath…

Is í seo an 11ú bliain den Phuball Gaeilge ag an bPicnic Aibhléiseach! Tá An Puball Gaeilge á léiriú ag an bhféile ceoil iomráiteach ón mbliain 2007, tráth gur bhunaigh an ceoltóir aitheanta Rossa Ó Snodaigh ón nbuíon ceoil Kíla an t-ardán Gaeilge ag an bhféile i gcomhpháirt le Raidió na Life. Is iomaí grúpa atá tagtha ar bord ó shin agus a ghlac páirt sa Phuball thar na blianta, ina measc Kíla, Seo Linn, Aindrias de Staic, Polca 4, The Bonny Men agus i bhfad níos mó ina measc. Faigheann An Puball Gaeilge tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge agus ó Ghlór na nGael.

Sa cholláis thíos, tá blaiseadh beag d’imeachtaí an Phubaill thar na blianta agus an méid gur féidir bheith ag súil leis ag an bPuball arís i mbliana!

 

Tuillleadh eolais ó Rossa Ó Snodaigh – 086 826 0860 nó Caoimhe Ní Riagáin - 086 809 1838

 

Twitter: @anpuballgaeilge | Facebook: An Puball Gaeilge | Instagram: @anpuballgaeilge

 

- CRÍOCH -

 

 

 

Stádas: Choose Status

Cuir d'ainm ar ár liosta poist

Cuir d'ainm ar ár liosta poist leis an nuacht is déanaí maidir le Foras na Gaeilge a fháil.