Nuacht

23 Már
2018
Nuacht, Preasráitis

Tá lúcháir ar Fhoras na Gaeilge a fhógairt go bhfuil Rody Gorman roghnaithe acu le seal a chaitheamh sa tSlóivéin mar chuid den tionscadal Focail Eile.

Tá lúcháir ar Fhoras na Gaeilge a fhógairt go bhfuil Rody Gorman roghnaithe acu le seal a chaitheamh sa tSloivéin mar chuid den tionscadal Focail Eile i mbliana. Is i nGaeilge na hAlban a bheidh Rody ag scríobh don tionscadal Focal Eile. Díreoidh Rody ar a shaothar scríbhneoireachta, beidh sé ag coinneáil blag agus beidh sé páirteach in imeachtaí a bhaineann le mionteangacha, an tSloivéinis go háirithe, nuair a bheas sé ann.

Rugadh Rody Gorman i mBaile Átha Cliath in 1960. Is léachtóir le Scríbhneoireacht Chruthaitheach ag Ollscoil na Gaeltachta agus na nOileán é agus tá tréimhsí cónaitheachta tugtha aige ag Coláiste na hOllscoile Corcaigh, Ollscoil Manitoba, PROGR in Bern agus ag Sabhal Mór Ostaig ar an Oileán Sciathánach mar a bhfuil cónaí air. Feidhmíonn sé mar eagarthóir ar an iris bhliantúil An Guth agus ar an ábhar i nGaeilge na hAlban in New Writing Scotland agus Northwords Now. D’oibrigh sé mar eagarthóir agus mar mheantóir d’Iontaobhas Leabhar nah Alban agus mar aistritheoir ar shaothar le Cavafy, Yeats, Neruda, Milosz, Rósewicz, Popa, Holub, Aspenstrom, Snyder agus filí nach iad. Tá filíocht foilsithe aige i mBéarla, i nGaeilge agus i nGaeilge na hAlban, an cnuasach is deireanaí Trìtheamhan (2017). Tá sé ag obair faoi láthair ar shraitheanna a bhaineann le Suibhne Geilt, Baile Átha Cliath agus leis an Oileán Sciathánach.

Tuilleadh eolais ar fáil ar www.focaileile.ie agus focaileile@forasnagaeilge.ie

 

 

Stádas: Choose Status

13 Már
2018
Nuacht

Pop-up Gaeltacht ag teacht go dtí Páirc Naomh Tighearnach, Cluain Eois

Muineachán v Dún na nGall | Páirc Naomh Tighearnach | Domhnach 18ú Márta | 2pm

Beidh an chéad ‘Pop-up Gaeltacht’ riamh ag cluiche C.L.G. ar siúl ag an gcluiche sraithe Allianz idir Muineachán agus Dún na nGall ar an Domhnach tar éis na Féile Pádraig. Is é an Coiste Cultúir agus Gaeilge de Choiste Chontae Mhuineacháin C.L.G. á heagrú. Tabharfar tús áite don Ghaeilge ar an lá agus beidh limistéar lán-Ghaeilge curtha ar leataobh ar chúl ardán Gerry Arthur roimh an gcluiche agus ina dhiaidh, le haghaidh cainteoirí Gaeilge, idir fhoghlaimeoirí agus chainteoirí líofa.

Is i mBaile Átha Cliath i mí na Samhna 2016 a tháinig an feiniméan nua seo chun cinn den chéad uair riamh. D’eagraigh beirt fhear, Peadar Ó Caomhánaigh agus Osgur Ó Ciardha, an chéad ‘pop-up Gaeltacht’ i dteach tabhairne sa chathair agus d’fhás sé ó neart go neart ina dhiaidh sin. Ar na saolta seo bíonn Pop-up Gaeltachtaí ar siúl go míosúil ar fud na cathrach agus tagann na céadta daoine chucu. Is í píomh-aidhm na n-imeachtaí seo ná timpeallacht lán-Ghaeilge a chruthú chun deis a thabhairt do dhaoine an Ghaeilge a labhairt ar a suaimhneas gan aon bhrú. Is i dtíthe tabhairne a bhíodh na Pop-up Gaeltachtaí ar siúl go dtí seo agus níor tháinig an coincheap chomh fada leis na páirceanna Cumann Lúthchleas Gael fud fad na tíre go fóill. Cibé scéal é, tá Coiste Chontae Mhuineacháin ag iarraidh treocht nua a bhunú agus tá pleananna móra acu le haghaidh an chluiche cheannais Uladh féin fiú.

Tá súil ag an gcoiste go gcruthófar timpeallacht lán-Ghaeilge i bPáirc Naomh Tighearnach ar an lá. Beidh na fógraí uilig as Gaeilge; beidh puball lán-Ghaeilge ar chúl an ardáin; agus beidh níos mó Gaeilge le feiceáil ná riamh ar an láthair. Anuas ar sin, beidh ceol traidisiúnta, tae agus caife, agus neart rudaí eile saor in aisce á dtabhairt amach sa phuball. Baineann an ócáid stairiúil seo le hiarrachtaí móra Choiste Chontae Mhuineacháin le haghaidh Bhliain na Gaeilge 2018. Táthar ag súil go mbeidh i bhfad níos mó deiseanna curtha ar fáil do phobal na Gaeilge ag cluichí Cumann Lúthchleas Gael amach anseo. Cá bhfios, b’fhéidir go bhfeicfí Pop-up Gaeltachtaí eile ag cluichí craoibhe móra an tsamhraidh?

Stádas: Choose Status

13 Már
2018
Nuacht

Focail Eile

Glao ar iarratais le haghaidh socrúchán cruthaitheach liteartha 8 seachtaine, 11 Meitheamh go 6 Lúnasa 2018, in Leeuwarden, do scríbhneoirí Gaeilge

 

Is é an spriocdháta d’iarratais 1 p.m. an 29 Márta 2018..

 

Is clár comhpháirtíochta é an tionscadal liteartha Focail Eile idir eagraíochtaí cultúrtha agus teanga i réigiúin Eorpacha agus tá sé d’aidhm aige líonra de shocrúcháin chruthaitheacha a chruthú do scríbhneoirí Eorpacha i mionteangacha agus i dteangacha mionlaigh. Is iad na heagraíochtaí comhpháirtíochta:

  • Donostia Kultura agus San Sebastian 2016 (Tír na mBascach)
  • Foras na Gaeilge (Éire)
  • X-OP, malartán d’oibritheoirí agus de tháirgeoirí ealaíne (an tSlóivéin)
  • Fóram Óige na Mladi (an Mhacadóin)
  • Leeuwarde/Ljouwert 2018 (an Fhreaslainn).

Is iad cuspóirí an tionscadail:

  • Cuidiú an litríocht a scríobhtar i mionteangacha agus i dteangacha mionlaigh a chur in iúl níos faide i gcéin.
  • Béim a chur ar thábhacht na héagsúlachta teanga.
  • Solas a chaitheamh ar an bpróiseas cruthaitheachta liteartha.
  • Aird a tharraingt ar théamaí sóisialta, saincheisteanna agus grúpaí sóisialta a bhaineann le mionteangacha.
  • An comhoibriú a chur chun cinn idir scríbhneoirí agus ealaíontóirí i litríocht i mionteangacha agus i dteangacha mionlaigh. 
  • Deis a thabhairt do scríbhneoirí tairbhe a bhaint as socrúchán liteartha le cuidiú leo forbairt ina ngairm liteartha.

 

Is iad na codanna an tionscadail:

  • Socrúcháin: Seo croí an tionscadail, atá bunaithe ar mhalartú scríbhneoirí idir régiúin éagsúla. Cuirfidh gach réigiún rannpháirteach dhá scríbhneoir le socrúchán ocht seachtaine a chur isteach in dhá réigiún comhpháirtíochta i ngach ceann de na trí bliana, agus fáilteoidh gach réigiún chomh maith roimh dhá scríbhneoir gach bliain ó réigiúin chomhpháirtíochta. Beidh 10 scríbhneoir ar fad ag glacadh páirte gach bliain.

 

  • Tionscadail chruthaitheacha liteartha: Le linn na socrúchán beidh na scríbhneoirí ag obair ar ábhair a phléann le téamaí, saincheisteanna agus grúpaí sóisialta a bhaineann le teangacha neamhfhorleathana, a mbeidh de thoradh orthu téacs liteartha a phléann leis na hábhair seo, ag coinneáil i gcónaí teagmháil agus comhoibriú leis an bpobal óstach agus ag caitheamh solais ar an bpróiseas cruthaitheach. Le cuidiú seo a bhaint amach glacfaidh na scríbhneoirí páirt i sraith tionscnamh le linn na socrúchán.  

 

  • Aistriúcháin: Mar a luadh tá ar cheann de chuspóirí an tionscadail litríocht a cheaptar i dteangacha mionlaigh nó i mionteangacha a chothú agus comhoibriú a chur chun cinn idir scríbhneoirí. Aistreofar na téacsanna go léir a chruthófar le linn na socrúchán go teangacha na gcomhpháirtithe agus go Béarla. Mar gheall ar seo beimid in ann “focail eile” agus “focail daoine eile” a chomhroinnt.

 

  • Suíomh Gréasáin: Foilseofar na saothair a chruthófar sa tionscadal Beste Hitzak/Focail Eile, agus an próiseas cruthaitheach féin, ar shuíomh saindeartha. Beidh an suíomh seo ina ardán le hábhar an tionscadail a scaipeadh. 

Is mian linn gach scríbhneoir a spreagadh le freagairt ar ár nglao oscailte. Is deis iontach é seo saothar liteartha a chruthú agus eolas a chur ar an bhfíorshaol i réigiún eile. Mar a luadh cheana, cónóidh na scríbhneoirí roghnaithe i réigiún eile ar feadh ocht seachtaine, le costais uile íoctha. Gheobhaidh siad luach saothair chomh maith.

Beidh níos mó socrúchán agus imeachtaí ann amach anseo, a fhógrófar ag an am cuí.

Le haghaidh tuilleadh eolais cuir ríomhphost chuig focaileile@forasnagaeilge.iewww.focaileile.ie nó www.otherwordsliterature.eu

 

Stádas: Choose Status

08 Már
2018
Nuacht, Preasráitis

Seoladh Q-Mharc Gnó le Gaeilge

Seoladh Q-Mharc Gnó le Gaeilge ag ócáid i bPáirc an Chrócaigh i mBaile Átha Cliath inniu. Cód deonach nua don chleachtas is fearr is ea Q-Mharc Gnó le Gaeilge, atá deimhnithe de réir chaighdeán idirnáisiúnta ISO 9001:2008 ag an NSAI agus atá forbartha ag Foras na Gaeilge i gcomhar le sonraíocht an rialtais agus an tionscail.

 

Tugann an córas gradaim uile-oileáin Q-Mharc Gnó le Gaeilge aitheantas d’eagraíochtaí gnó a dhéanann measúnú, forbairt agus caipitliú ar úsáid na Gaeilge mar uirlis bhreise ghnó agus mhargaíochta ar fud oileán na hÉireann. Bronnadh gradaim ar ghnólachtaí a ghlac páirt i scéim phíolótach Q-Mharc Gnó le Gaeilge ag ócáid an lae inniu agus tá sé anois oscailte d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide ar fud oileán na hÉireann.

 

Dúirt an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin Joe McHugh TD, “Tá Foras na Gaeilge le moladh as Q-Mharc Gnó le Gaeilge a fhorbairt, an t-aon chód atá ann go hidirnáisiúnta don chleachtas dátheangach is fearr. Tá creidiúnú ISO ag an gcód deonach ceannródaíoch seo don chleachtas is fearr agus is fearrde a thuilleadh é tacaíochtaí iomadúla ó Fhoras na Gaeilge, a forbraíodh le cabhrú le gnólachtaí san earnáil phríobháideach úsáid na Gaeilge a chur san áireamh mar uirlis chomhlántach mhargaíochta. Tá lúcháir ar mo roinn tacaíocht a thabhairt don tionscnamh eiseamláireach seo agus molaimid do ghnólachtaí san earnáil phríobháideach breathnú go grinn ar na sochair a bhaineann le haitheantas Q-Mharc Gnó le Gaeilge a bhaint amach.”

 

Dúirt Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Pól Ó Gallchóir, “Ba lá mór do thionscal an ghnó in Éirinn agus don dátheangachas ar bhonn idirnáisiúnta ócáid an lae inniu mar ba é Q-Mharc Gnó le Gaeilge an chéad scéim gradaim oifigiúil ar fud an domhain a thugann aitheantas don dátheangachas sa ghnó. Tréaslaím a ngradam leis na gnólachtaí a bhain creidiúnú Q-Mharc Gnó le Gaeilge amach inniu; is eiseamláirí den scoth iad na gnólachtaí seo de na buntáistí a bhaineann le seirbhís dhátheangach a chur fáil, seirbhís a rachaidh chun tairbhe dá ngnó féin chomh maith lena gcuid custaiméirí sna blianta amach romhainn.”

 

Léiríonn Q-Mharc Gnó le Gaeilge feasacht faoin dátheangachas sa ghnó agus sa chultúr chomh maith le tiomantas ina leith trí theanga, tréithe dúchasacha nó ‘Éireannachas’. Anuas air sin, cuireann sé ceannaireacht mhargaíochta in iúl maidir le seirbhís chustaiméara nuálach a sholáthar. Is féidir le gnólachtaí a bhfuil spéis acu seirbhís dhátheangach a chur ar fáil clárú le Foras na Gaeilge agus cuirfear comhairle ar fáil dóibh saor in aisce. Cuirfear tacaíocht mhaoinithe ar fáil le linn 2018 trí Scéim Tacaíochta Gnó Fhoras na Gaeilge a thacaíonn le gnólachtaí comharthaíocht, pacáistíocht, 

suíomhanna gréasáin agus ábhar margaíochta clóite a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge, mar aon leis an Bhéarla.

Críoch

Nótaí don eagarthóir:

 

Faoi Scéim Phíolótach Q-Mharc Gnó le Gaeilge:

 

Ghlac 7 ngrúpa ar bhonn uile oileáin páirt i scéim phíolótach Q-Mharc Gnó le Gaeilge agus bronnadh é ar na ngnólachtaí seo a leanas ag ócáid an lae inniu:

 

Gnólacht

Gnó

Teagmháil

Comhar Creidmheasa Ghaoth Dobhair,

Gaoth Dobhair,

Co. Dhún na nGall.

Comhar creidmheasa

Teil: 353 749531279/9532783

Ríomhphost: info@gaothdobhaircu.ie Suíomh: www.gaothdobhaircu.ie

Teach Campbell,

Gaoth Dobhair,

Co. Dhún na nGall

Teach lóistín

Teil: 353 749531545

Ríomhphost: info@ teac-campbell.com

Suíomh: www.teac-campbell.com

 

Solas Nua,

Béal Feirste,

Co. Aontroma

Comhlacht dearthóireachta

Tel: +44 (0) 7768 980532

Ríomhphost: solasnua1@aol.com

Suíomh: www.tonybell-solasnua.com

Ligid TV,

Dún Geimhin,

Co. Dhoire

Scannánaíocht

Teil: 078 3368 1143/048 3368

Ríomhphost: info@ligid.net 1143

Suíomh: www.ligid.moonfruit.com

Acmhainní Teoranta,

Baile Átha Troim,
Co. na Mí

Sainchomhairleor digiteach

Teil: +353 1 437 6893

Ríomhphost: conchubhair@acmhainni.ie

Suíomh: www.acmhainni.ie

 

Comhar Creidmheasa Chorca Dhuibhne,

An Daingean,

Co. Chiarraí.

Comhar creidmheasa

Teil: 066 91 1919

Ríomhphost: eolas@cccdeo.ie

Suíomh: www.cccdteo.com

Mac Domhnaill Dental

Trá Lí,

Co. Chiarraí.

Fiaclóir

Teil: fiacloir@gmail.com

Ríomhphost: 066 712 1457

Suíomh: www.macdomhnailldental.ie

 

 

Tuilleadh eolais:

Lena fháil amach conas is féidir le do ghnólacht tairbhe a bhaint as Q-Mharc Gnó le Gaeilge déan teagmháil le Foras na Gaeilge:

 

Teil: 353 74 955 8126

Ríomhphost: eolas@qmharc.ie

Suíomh idirlín: www.qmharc.ie

 

Fiosruithe ó na meáin:

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175    

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie

Stádas: Choose Status

23 Fea
2018
Nuacht, Preasráitis

Scéim na nOifigeach Gaeilge & Scéim na Scoláireachtaí 2018 faofa ag Bord Fhoras na Gaeilge

Is cúis áthais d’Fhoras na Gaeilge a chur in iúl gur faomhadh caiteachas dar luach £179,098 do Scéim na nOifigeach Gaeilge ag cruinniú boird de chuid Fhoras na Gaeilge inniu. Trí Scéim na nOifigeach Gaeilge, cuireann Foras na Gaeilge cómhaoiniú ar fáil do chomhairlí áitiúla ó thuaidh le deis a thabhairt dóibh seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge agus le tacú leo forbairt a dhéanamh ar chur chun cinn agus úsáid na Gaeilge. Déanfaidh Foras na Gaeilge cómhaoiniú ar phoist Oifigeach Gaeilge sna comhairlí seo a leanas thar thréimhse 3 bliana na scéime:

  • Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin: £44,774.50 mar chómhaoiniú ar phost mar Oifigeach Gaeilge.
  • Comhairle Cathrach Bhéal Feirste: £44,774.50 mar chómhaoiniú ar phost mar Oifigeach Gaeilge.
  • Comhairle Ceantair Fhear Manach & na hÓmaí: £89,549 mar chómhaoiniú ar dhá phost mar Oifigeach Gaeilge.

I measc na seirbhísí a cuireadh ar fáil tríd an scéim seo ó 2006 tá; clár oiliúna theagasc na Gaeilge d’oibrithe na gcomhairlí, clár imeachtaí agus gníomhaíochtaí cultúrtha, comhairle agus tacaíocht d’oibrithe na gcomhairlí agus don phobal a bhíonn ag éileamh seirbhísí trí Ghaeilge agus seirbhísí aistriúcháin inmheánach.  Ag fáiltiú roimh chinneadh Bhord Fhoras na Gaeilge inniu, dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Leanann an cinneadh a rinne Bord Fhoras na Gaeilge próiseas comhairliúcháin a reáchtáil Foras na Gaeilge i mí Aibreáin agus Bealtaine 2017 ar mhaithe le tuairimí a chloisteáil faoi thodhchaí Scéim na nOifigeach Gaeilge sa rialtas áitiúil ó thuaidh. Is léir dúinn go mbíonn tionchar láidir ag Oifigeach Gaeilge i gceantar na comhairle agus tá lúchair orainn go mbeidh níos mó deiseanna forbartha ag an Ghaeilge i limistéar na gcomhairlí áitiúla seo.”

Anuas ar Scéim na nOifigeach Gaeilge, tá ceithre dheontas ar luach €80,524 ina n-iomláine, ceadaithe ag Bord Fhoras na Gaeilge do Scéim na Scoláireachtaí 2018. Bronnfar na deontais ar thrí cheanneagraíocht;  Conradh na Gaeilge (€35,100), Gael Linn (€24,864) agus Cumann na bhFiann (€10,560), chomh maith le Cumann an Phiarsaigh (€10,000), le deis a thabhairt do dhaoine óga, do dhaoine fásta agus do theaghlaigh freastal ar chúrsa Gaeltachta le linn 2018.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Tá áthas orainn deontais Scéim na Scoláireachtaí 2018 a fhógairt inniu mar go dtugann an scéim thábhachtach seo deis luachmhar d’fhoghlaimeoirí óga ó thuaidh freastal ar chúrsa Gaeltachta, iad siúd atá faoi mhíbhuntáiste go háirithe. Is eispéireas fíordhearfach é an tréimhse foghlama sa Ghaeltacht do scoláirí óga, eispéireas a leagann bunchloch agus iad ag fhoghlaim na Gaeilge mar phróiseas fadsaoil ina dhiaidh. Is mór againn go bhfuil ar ár gcumas an próiseas seo a éascú don fhoghlaimeoir.”

Críoch

Nóta don Eagarthóir

Faoi Scéim na nOifigeach Gaeilge

Sa bhliain 2006 bhunaigh Foras na Gaeilge Scéim na nOifigeach Gaeilge do Chomhairlí i dTuaisceart Éireann, bunaithe ar a mhacasamhail de scéim a bhí i bhfeidhm ó dheas faoi Bhord na Gaeilge ó lár na nóchaidí. Faoin scéim seo, cuireadh cómhaoiniú ar fáil le haghaidh tuarastal oifigeach Gaeilge go ceann trí bliana, i gcomhar leis na comhairlí áitiúla ar choinníoll go n-ullmhófaí plean gníomhaíochta don chomhairle i gcomhar le Foras na Gaeilge. D’éirigh leis na comhairlí seo a leanas cómhaoiniú a bhaint amach faoin scéim 2007 – 2010:

  • Comhairle Ceantair Mhachaire Fíolta & Comhairle Buirg Léim an Mhadaidh
  • Comhairle Buirg Dhún Geanainn & Thír Eoghain Theas agus Comhairle Ceantair na Corra Críocha
  • Comhairle Cathrach Dhoire.

Fógraíodh an dara scéim don tréimhse 2010 – 2013 agus ina dhiaidh sin don tréimhse 2013 – 2016. Is iad na cúig chomhairle chéanna a bhí ag feidhmiú faoin scéim go dtí gur athraíodh teorainneacha na gcomhairlí faoin Athbhreithniú ar Riarachán Poiblí ó thuaidh. 

Faoi Scéim na Scoláireachtaí 2018

Dáiltear Scéim na Scoláireachtaí faoi thrí chatagóir:

Catagóir

Eagraíocht

Scoláirí faoi 16: Dírithe ar Thuaisceart Éireann amháin.

Conradh na Gaeilge

Gael Linn

Cumann na bhFiann

Daoine fásta: Dírithe ar dhaoine fásta ó thuaidh agus ó dheas  

Gael Linn

Teaghlaigh: Dírithe ar theaghlaigh ó thuaidh agus ó dheas  

Cumann an Phiarsaigh

Chuaigh Scéim na Scoláireachtaí 2017 chun tairbhe 576 fhoghlaimeoir; 504 dhuine óg, 17 nduine fhásta agus 15 theaghlach. Is féidir teagmháil a dhéanamh le Conradh na Gaeilge, Gael Linn, Cumann na bhFiann agus Cumann an Phiarsaigh maidir leis na scoláireachtaí.

Tuilleadh eolais:

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teagmháil: 0035387 673 6175 | Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie

Stádas: Choose Status

22 Fea
2018
Nuacht

Céim Stairiúil do Phobal Labhartha na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht

Don chéad uair i stair na hÉireann bronnfar aitheantas oifigiúil náisiúnta ar phobail taobh amuigh den Ghaeltacht a thacaíonn le húsáid laethúil na Gaeilge i measc a bpobal.

Tá cúig phobal roghnaithe: Béal Feirste, Co. Aontroma; Baile Locha Riach, Co. na Gaillimhe; Carn Tóchair, Co. Dhoire; Cluain Dolcáin, Co. Átha Cliath; agus Inis, Co. an Chláir, le hiarratas a dhéanamh chuig an Aire an stádas oifigiúil ‘Líonra Gaeilge’ a bhaint amach.

Bronnfaidh an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an stádas ‘Líonra Gaeilge’ ar na pobail, tar éis plean Gaeilge, plean a bheas le cur i ngníomh thar thréimhse 5-7 bliain (Acht na Gaeltachta, 2012), a bheith comhaontaithe ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus ag Foras na Gaeilge.

Tá feachtas poiblíochta cruthaithe chun an pobal a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid go laethúil. ‘Gaeilge le Chéile’ - Trí Chéim Shimplí: Gaeilge a úsáid -  Gach Lá, Gach Áit, le Gach Duine

  “Go bunúsach táimid ag iarraidh go mbeidh níos mó Gaeilge le cloisteáil agus le feiceáil sa cheantar tríd níos mó deiseanna a chruthú agus a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid gach lá, ag tosú le rud simplí ar nós ‘Go raibh maith agat’ agus ‘Slán’ a úsáid gach lá, gach áit le gach duine.  Bainfidh na ceantair seo tairbhe as próiseas pleanála agus as infheistíocht sa todhchaí dá bharr”, Brian Ó Gáibhín, Líonra Chluain Dolcáin.

Seoladh ‘Gaeilge le Chéile’ agus na ‘Líonraí Gaeilge’ go hoifigiúil ar an Déardaoin 22 Feabhra 2018 i bPáirc an Chrócaigh ag 11 a.m. agus bhí Bernard Dunne i láthair mar aoi speisialta. Bhí an tAire Joe McHugh TD i láthair ar an lá fosta.

Tuilleadh Eolas:

Brian Ó Gáibhín:  +353-87-2844195 / brian@araschronain.ie

Pádraig Ó Tiarnaigh:  +44-77-16690237 / Padraig@cnag.ie

Féach fósta: www.glc.ie / Facebook / Instagram / Twitter - @ GaeilgeLC

Aguisín: ACHT NA GAELTACHTA, 2012

11.—(1) Féadfaidh an tAire le hordú, pobal sonraithe, seachas pobal i Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta nó i limistéar Gaeltachta, a ainmniú chun bheith ina Líonra Gaeilge.

(2) Maidir le pobal a shonrófar in ordú arna dhéanamh faoi fho- alt (1),

is pobal é—

(a) a thacaíonn le húsáid na Gaeilge, agus

(b) a chomhaontaigh plean Gaeilge dá dtagraítear a chur i ngníomh.

 

Aguisín 2: 

Bronnfaidh Foras na Gaeilge an stádas ‘Líonra Gaeilge’ ar na pobail i dTuaisceart Éireann, tar éis plean Gaeilge, plean a bheas le cur i ngníomh thar thréimhse 5-7 bliain, a bheith comhaontaithe ag Foras na Gaeilge.

Stádas: Choose Status

16 Fea
2018
Nuacht

Scléip 2018

Is éard atá i Scléíp na comórtas tallainne spreagúil agus spraíúil atá oscailte do na hiar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge amháin. Cuireann sé béim ar na healaíona comhaimseartha agus ar chruthaitheacht agus ar chumadóireacht na rannpháirthithe. Tugann sé deis do dhaltaí iar-bhunscoile ceol, amhráin, cóiréagrafaíocht agus sceitsí nuachumtha a chur ar stáitse ós comhair lucht féachana agus moltóirí proifisiúnta, in amharclanna ó cheann ceann na tíre.

Tuilleadh Eolais

Gealairí 2018

 

Stádas: Choose Status

14 Fea
2018
Nuacht, Preasráitis

All-Star Use of Irish Language Award 2018

Tá Foras na Gaeilge ag déanamh urraíochta ar cheann de ghradaim Business All Stars 2018Is gradam úrnua é seo a thugann aitheantas do ghnólachtaí a úsáideann an Ghaeilge mar uirlis mhargaíochta.

Beidh an All-Ireland Business Summit ar siúl i bPáirc an Chrócaigh ar an Déardaoin 19 Aibreán 2018.  Ag an ócáid, bronnfar 21 duais, ina measc an gradam All-Star Use of Irish Language Award 2018. 

Má tá gnó agatsa a bhaineann úsáid as an Ghaeilge ar chomharthaíocht nó ar phacáistíocht, ar shuíomh idirlín nó ar na meáin shóisialta, nó má tá seirbhís trí Ghaeilge á tairiscint agat, moltar duit cur isteach ar an ghradam.

Tabhair faoi deara, cé go bhfuil 12 Feabhra luaite, glacfar le hiarratais go dtí an Luan seo chugainn, an 19 Feabhra 2018. 

Tá gach eolas agus foirm iarratais anseo: www.bizallstarawards.ie

 

 

Tuilleadh eolais ó:

Anna Ní Bhroin    |   Oifigeach Feidhmiúcháin   |   Pobal & Gnó

(089) 2133986         annanibhroin@forasnagaeilge.ie   

An Chrannóg, Doirí Beaga, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall     

www.gnomeansbusiness.ie              www.forasnagaeilge.ie

Lean muid...

  http://twitter.com/gnoasgaeilge

  http://www.facebook.com/gnomeansbusiness/

Stádas: Choose Status

30 Ean
2018
Nuacht, Preasráitis

Ré nua d’Fhoras na Gaeilge agus ceannáras nua seolta ag An Taoiseach Leo Varadkar TD

Cuireadh tús le tréimhse nua i stair Fhoras na Gaeilge nuair a d’oscail An Taoiseach, Leo Varadkar TD, ceannáras nua Fhoras na Gaeilge ag 63-66 Sráid Amiens ag ócáid cheiliúrtha anocht.  Thug an An Taoiseach camchuairt ar na hoifigí nua lena n-áirítear stiúideoanna nua Raidió na Life agus bhí sé thar a bheith tógtha leis na háiseanna. Bhí Príomhaoire an Rialtais agus Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh, i dteannta an Taoisigh ag ócáid na hoíche anocht.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Tá lúcháir orm go bhfuil baile buan aimsithe faoi dheireadh d’fhoireann iomlán Bhaile Átha Cliath, a bhí ag obair as dhá oifig roimhe seo, go háirithe leis an iomaíocht an-ghéar atá ann faoi láthair le haghaidh spás oifige sa phríomhchathair. Tá lárionad fadtéarmach aimsithe againn anois, cóngarach do lár na cathrach agus do na lárionaid iompair phoiblí, a mbeidh sé furasta ag baill foirne agus ag an phobal taisteal chuige. Tá na hoifigí oiriúnach d’obair Fhoras na Gaeilge, agus tá áiseanna iontu a bheidh an pobal in ann a úsáid. Tá súil agam go ndéanfaidh pobal Gaeilge na cathrach a gcuid féin den fhoirgneamh seo mar a rinne siad de 7 Cearnóg Mhuirfean, agus dá réir sin go gcruthóimid stair nua don fhoirgneamh, agus i mbliain stairiúil seo Bhliain na Gaeilge go gcuirfimid tús le ré nua i stair na teanga sa phríomhchathair”.

Thug Ó Coinn aitheantas ar leith d’iar-Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Ferdie Mac an Fhailigh, a d’aithin an riachtanas agus a chuir tús leis an gcuardach do cheannáras nua sa phríomhchathair chomh fada siar le 2015, agus do na daoine eile uile, idir bhaill foirne, chomhaltaí Boird, agus eile, a raibh ionchur acu san aistriú go Sráid Amiens.

Bhí idir fhostaithe agus iar-fhostaithe, chomhaltaí agus iar-chomhaltaí boird, Airí agus ranna Stáit, cheanneagraíochtaí agus eagraíochtaí Gaeilge chomh maith le heagraíochtaí atá lonnaithe i gcomharsanacht i láthair ag seoladh cheannáras na heagraíochta uile-oileáin i mBaile Átha Cliath 1. Gráinne McElwain, léiritheoir/láithreoir teilifíse agus comhalta boird de chuid Fhoras na Gaeilge a bhí mar bhean an tí ag an ócáid cheiliúrtha. Chuir an banna ceoil, IMLÉ, clabhsúr leis an ócáid le taibhiú speisialta den amhrán Críochfort, a ghnóthaigh Amhrán na Bliana ag Gradaim Nós 2017.

Nótaí don eagarthóir:

Faoi Fhoras na Gaeilge

Ar an dara lá de mhí na Nollag 1999 bunaíodh Foras na Gaeilge, an comhlacht atá freagrach as an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud na hÉireann.

Faoi réir Chomhaontú Aoine an Chéasta bunaíodh An Foras Teanga, Comhlacht Forfheidhmithe Thuaidh/Theas, chun an Ghaeilge agus an Ultais a chur chun cinn. Faoi choimirce an chomhlachta sin, déanfaidh Foras na Gaeilge nafreagrachtaí go léir i dtaca leis an nGaeilge a chur i gcrích. I measc na bhfreagrachtaí sin tá labhairt agus scríobh naGaeilge sa saol poiblí agus sa saol príobháideach i bPoblacht na hÉireann. Tá an fhreagracht chéanna ann i leithThuaisceart Éireann, sa chás go mbíonn an t-éileamh cuí ann agus i gcomhthéacs Chuid III de Chairt Chomhairle nahEorpa um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh. Aistríodh foireann Bhord na Gaeilge, an Ghúim (Foilsitheoirí) agusan Choiste Téarmaíochta (Forbairt Téarmaíochta) agus a ngníomhaíochtaí ar fad go dtí an comhlacht nua.

Tá Foras na Gaeilge bródúil as a ról i dtaca le comhairle a chur ar lucht rialtais, thuaidh agus theas, agus ar chomhlachtaí poiblí agus ghrúpaí eile sna hearnálacha príobháideacha agus deonacha i ngach gnó a bhaineann leisan nGaeilge chomh maith leis na tionscadail tacaíochta a chuireann siad ar bun agus cúnamh deontais a thugannsiad do ghrúpaí agus do chomhlachtaí ar fud oileán na hÉireann.

Faoi 63-66 Sráid Amiens

Ó bunaíodh Foras na Gaeilge in 1999, mar chuid de na socruithe a bhain le Comhaontú Bhéal Feirste, bhí a gceanncheathrú ag an bhforas trasteorann sna hoifigí céanna a bhí ag Bord na Gaeilge roimhe sin, ag 7 Cearnóg Mhuirfean Baile Átha Cliath 2. Tháinig deireadh le Bord na Gaeilge nuair a bunaíodh Foras na Gaeilge in 1999, agus aistríodh foireann Bhord na Gaeilge isteach i bhForas na Gaeilge. Bhí stair fhada ag na hoifigí sa seanteach Seoirseach ar Chearnóg Mhuirfean agus bhí cuid den fhoireann lonnaithe ann ó 1981 go dtí gur aistrigh foireann Bhaile Átha Cliath go 63-66 Sráid Amiens, Baile Átha Cliath 1 i mí Dheireadh Fómhair  2017.

I measc na n-áiseanna atá ag 63-66 Sráid Amiens tá stiúideonna nuálacha an stáisiúin Raidió na Life, 106.4 fm agus halla ina mbeidh imeachtaí á reáchtáil ag Foras na Gaeilge agus ag eagraíochtaí Gaeilge.

Bhí Clúid Housing lonnaithe in 63-66 Sráid Amiens le blianta beaga anuas agus tá siad anois lonnaithe ar Shráid an tSiarriam Uachtarach, Baile Átha Cliath 1.

Faoi IMLÉ:

Is banna ceoil neamhghnách iad IMLÉ, a bhfuil fuaim ar leith acu a eascraíonn as éagsúlacht chúlraí an triúr amhránaithe. Sníomhtar filíocht, rapcheol agus popcheol le chéile i bhfuaim an bhanna ar bhealach úr nach bhfuil a leithéid cloiste againn roimhe seo – go háirithe sa Ghaeilge. Measctar glór neamhshaolta Ferghal Moloney le rapáil lúfar thógálach MC Muipéad.

‘Rud éigin a chruthú a bheadh éagsúil, neamhghéilliúil agus ionraic’; b’in ráiteas misin an bhanna nuair a bhunaigh Cian Mac Cárthaigh, dordghiotáraí, ar dtús é, agus cíorann a gcéad albam cuid de cheisteanna móra an tsaoil: brí na beatha, ár gcaidreamh leis an bpláinéad agus aimsiú an dóchais san éadóchas.

Tuilleadh eolais

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175    

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie

Stádas: Choose Status

08 Nol
2017
Nuacht, Preasráitis

Os cionn €1.2 milliún de dheontais ceadaithe ag bord Fhoras na Gaeilge

Is cúis áthais d’Fhoras na Gaeilge a chur in iúl gur ceadaíodh caiteachas dar luach €1,215,491 ag cruinniú boird de chuid Fhoras na Gaeilge inniu. Cheadaigh bord Fhoras na Gaeilge deontais i réimse na litríochta, na foilsitheoireachta agus an phobail chomh maith le maoiniú suntasach a chuirfidh bonn láidir faoi Bhliain na Gaeilge 2018.

Ceadaíodh €389,209 don cheanneagraíocht, Conradh na Gaeilge, chun clár cuimsitheach ildánach a chur ar fáil le linn Bhliain na Gaeilge 2018. Mar chuid den deontas sin cheadaigh Foras na Gaeilge ciste miondeontas, a chuirfidh deontais bheaga ar fáil do ghrúpaí a eagraíonn imeachtaí ar fud na tíre. Lena chois sin, beidh Clár Ildánach Bhliain na Gaeilge 2018 agus Ciste do Dhuaiseanna Scoile i measc na dtionscadal a bheidh ceadaithe faoi dheontas Fhoras na Gaeilge mar chuid den cheiliúradh idirnáisiúnta.

Ceadaíodh €40,000 don mhórléiriú ealaíne, amharclannaíochta agus ceoil, Aisling?, atá bunaithe ar shaothar nua-chumtha de chuid mhórealaíontóirí na Gaeltachta. Is é an drámadóir, scríbhneoir agus scannánóir, Darach Mac an Iomaire, stiúrthóir an tionscadail, agus beidh léirithe ar siúl i níos mó ná deich n-ionad ó thuaidh agus ó dheas le linn Bhliain na Gaeilge 2018.

Anuas ar dheontais a thacaíonn le Bliain na Gaeilge 2018 cheadaigh Foras na Gaeilge deontais de luach €112,310  chun an léitheoireacht agus litríocht i nGaeilge a chur chun cinn, agus €644,885 do comhlachtaí foilsitheoireachta, ina measc: Coiscéim, Cló Iar-Chonnachta, Futa Fata agus Leabhar Breac.

Ag fáiltiú roimh chinneadh an bhoird inniu, dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge Seán Ó Coinn, “Tréaslaím a saothar agus a gcruthaíocht leis na heagraíochtaí sin uile ar cheadaigh Foras an Gaeilge deontais dóibh inniu. Is é an ról is tábhachtaí atá ag Foras na Gaeilge ná úsáid na Gaeilge a chur chun cinn sa phobal. Trí na deontais atá ceadaithe inniu ag Foras na Gaeilge, beimid ag cuidiú le heagraíochtaí Gaeilge leanúint dá n-obair iontach ag foilsiú scoth na leabhar, á gcur i láthair an phobail, agus beimid ag cinntiú go mbeidh pobal iomlán an oileáin ábalta páirt ghníomhach a ghlacadh i mBliain na Gaeilge in 2018.”

 

*Críoch*

 

Nóta don Eagarthóir:

Cuirfidh TG4 tús spleodrach le Bliain na Gaeilge 2018 le clár beo atá urraithe ag Foras na Gaeilge, Fáilte 2018, Oíche Chinn Bhliana 2017 i gCorca Dhuibhne, Co. Chiarraí.

 

Tuilleadh eolais:

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175    

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie

 

 

Stádas: Choose Status

Cuir d'ainm ar ár liosta poist

Cuir d'ainm ar ár liosta poist leis an nuacht is déanaí maidir le Foras na Gaeilge a fháil.