Nuacht

25 Dei
2017
Nuacht, Preasráitis

Camchuairt fógartha ag Foras na Gaeilge

Tá áthas ar Fhoras na Gaeilge sraith d’oícheanta eolais a fhógairt le scéimeanna maoinithe a bheidh ar fáil ón gcomhlacht thuaidh/theas don Ghaeilge in 2019 a chur chun cinn. Beidh an chéad cheann acu ar siúl ag Aonach an Oireachtais ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne ar an 2 Samhain.  Le linn na n-oícheanta roinnfidh Foras na Gaeilge eolas faoi obair na heagraíochta, a scéimeanna maoinithe agus na tacaíochtaí atá ar fáil. Beidh deis ag an bpobal aiseolas a thabhairt maidir le cur chun cinn na Gaeilge ina gceantar féin agus ceisteanna a chur.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Tá ceantair áirithe thuaidh agus theas aitheanta againn óna bhfuil líon na n-iarratas ar ár scéimeanna maoinithe éagsúla measartha íseal le blianta beaga anuas. Le dul i ngleic leis seo, eagraíodh camchuairteanna i míonna Feabhra agus na Samhna 2017 le labhairt le pobail sna ceantair seo agus é mar aidhm againn feasacht a ardú faoi na deiseanna maoinithe agus tacaíochtaí atá ar fáil dóibh. Ba mhór an tairbhe a bhain leis na seisiúin sin toisc gur roinn rannpháirtithe aiseolas luachmhar linn atá anois curtha san áireamh againn. Táimid ag súil go mór le dul i mbéal an phobail arís leis an dara camchuairt seo le scéimeanna maoinithe 2019 a chur faoina mbráid.”

 

I measc na scéimeanna a bheidh á bplé beidh Scéim na nImeachtaí Óige, Scéim na gCampaí Samhraidh agus scéimeanna scríbhneoireachta. Cuireann Foras na Gaeilge maoiniú ar fáil freisin i réimsí an ghnó, na n-ealaíon, na meán agus na foilsitheoireachta. Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Fhoras na Gaeilge, www.forasnagaeilge.ie/sceimeanna, le haghaidh liosta iomlán de na scéimeanna atá ar fáil.

 

Cuirfidh Foras na Gaeilge na seisiúin seo a leanas i láthair le linn na seachtainí seo romhainn:

 

Dáta

Baile

Ionad

Am

02/11/2018

Cill Airne, Co. Chiarraí

Aonach an Oireachtais, Oireachtas na Samhna, Gleneagle Hotel, V93 V6WF

15:00

07/11/2018

Cathair Chill Chainnigh

Springhill Court Hotel, R95 NX32

19:30

07/11/2018

An Chorr Chríochach, Co. Thír Eoghain

Burnavon Theatre, BT80 8DN

19:00

08/11/2018

Port Laoise, Co. Laoise

Maldron Hotel, R32 HKN3

19:30

14/11/2018

Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall

An Grianán Theatre, F92 RV1F

19:30

15/11/2018

Cathair Shligigh

Sligo Southern Hotel, F91 EW24

19:30

16/11/2018

Cathair na Gaillimhe

Tionól Forbartha Gaeloideachas, Clayton Hotel, H91 D526

16:15

 

* Críoch *

Faoi Fhoras na Gaeilge

 

Cuireadh Foras na Gaeilge ar bun faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta agus tá siad freagrach as na nithe seo a leanas

  • cur chun cinn na Gaeilge;
  • úsáid na Gaeilge a éascú agus a spreagadh sa chaint agus i scríbhinn, sa saol poiblí agus sa saol príobháideach sa Deisceart agus, i gcomhthéacs Chuid III den Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh, i dTuaisceart Éireann mar a mbeidh éileamh cuí ann;
  • comhairle a thabhairt don dá lucht riaracháin, do chomhlachtaí poiblí agus do ghrúpaí eile san earnáil phríobháideach agus san earnáil dheonach;
  • tionscadail tacaíochta a ghabháil de láimh, agus cúnamh deontais a thabhairt do chomhlachtaí agus do ghrúpaí de réir mar a mheasfar is gá;
  • taighde, feachtais fógraíochta, caidreamh poiblí agus caidreamh leis na meáin a ghabháil de láimh;
  • téarmaíocht agus foclóirí a fhorbairt;
  • tacú le hoideachas trí mheán na Gaeilge agus le múineadh na Gaeilge.

Tuilleadh eolais: 

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175    

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie

 

Colm Ó hArgáin, Ardoifigeach Feidhmiúcháin: Oideachas, Foras na Gaeilge.

Teil: 00353 1 639 8400

Ríomhphost: cohargain@forasnagaeilge.ie

Stádas: Choose Status

23 Dei
2017
Nuacht, Preasráitis

Grúpaí le Gaeilge 2018: Scéim nua fógartha ag Foras na Gaeilge

D’fhógair Foras na Gaeilge scéim nua inniu a thugann tacaíocht do dheiseanna úsáide Gaeilge agus glacfar le hiarratais as seo go dtí an 1 Nollaig 2017. Is é bunaidhm Grúpaí le Gaeilge

tacú le deiseanna úsáide sa phobal trí mhaoiniú a chur ar fáil do ghrúpaí le clár gníomhaíochtaí a bhaineann le sainspéis atá acu a reáchtáil trí Ghaeilge. Tacóidh sé le grúpaí éagsúla a bhfuil an Ghaeilge mar mheán cumarsáide acu, ach nach í an Ghaeilge amháin an sainspéis atá acu.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Tá grúpaí ar fud an oileáin a thagann le chéile le comhspéis a chleachtadh trí Ghaeilge agus tá áthas orainn go mbeidh ar ár gcumas na grúpaí seo, chomh maith le grúpaí nua a thiocfaidh chun cinn, a chumasú tríd an scéim seo. Tá sé mar aidhm againn tacú le grúpaí a théann i mbun gníomhaíochtaí éagsúla, bíodh sin trí ióga, gníomhaíochtaí spóirt nó club leabhar, le húsáid na Gaeilge mar theanga shóisialta agus phobail a spreagadh. Tá córas iarratais ar líne forbartha againn don scéim agus, den chéad uair riamh, beidh Foras na Gaeilge ag glacadh le hiarratais ón bpobal tríd an suíomh gréasáin. Is forbairt thábhachtach é seo mar go n-éascóidh sé an córas an próiseas iarratais don deontaí agus muid ag dul i dtreo próiseas níos nuálaí mar a fhorbraíonn cúrsaí teicneolaíochta. Táimid ag súil go mór le heolas faoin scéim a roinnt leis an bpobal ag sraith oícheanta eolais a bheidh á fógairt go luath”.

Tá ról comhairliúcháin ag An tOireachtas maidir le reáchtáil na scéime Grúpaí le Gaeilge mar aon le tacaíocht, comhairle agus cúnamh a chur ar fáil do choistí pobail ar spéis leo iarratas a dhéanamh ar an scéim.

Ar fhógairt na scéime dó dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais, “Is cúis áthais dom go bhfuil ról comhairliúcháin agus tacaíochta ag an Oireachtas ar an scéim Grúpaí le Gaeilge. Tabharfaidh an scéim deis do ghréasáin sainspéise fud fad na tíre deiseanna úsáide Gaeilge a chruthú mar aon le struchtúr níos beaichte a chur ar na himeachtaí a chuirfear ar fáil. Tá súil ag an Oireachtas go spreagfaidh an scéim seo réimse leathan iarratas ina gcuimseofar deiseanna úsáide Gaeilge don phobal le taitneamh a bhaint as an teanga. Tá tábhacht agus fiúntas ar leith le forbairt na gclubanna siúlóide, reatha, cócaireachta agus go leor sainspéiseanna eile timpeall na tíre. Tacóidh an scéim Grúpaí le Gaeilge go mór le haitheantas agus spreagadh a thabhairt do na gréasáin luachmhara seo.”

Críoch

Fiosruithe maidir leis an scéim:

Foras na Gaeilge: www.forasnagaeilge.ie/grupai  |  grupai@forasnagaeilge.ie 353 1 639 8400

An tOireachtas: eolas@antoireachtas.ie | 353 1 475 3857

Fiosruithe ó na meáin:

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teagmháil: 0035387 673 6175 | Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie

Stádas: Choose Status

11 Dei
2017
Nuacht, Preasráitis

Aonach na nEalaíon á reáchtáil ag An tOireachtas i gCo. Dhoire

Déardaoin an 12 Deireadh Fómhair tiocfaidh lucht na Gaeilge agus lucht na n-ealaíon le chéile in An Carn, Carn Tóchair, i gCo. Dhoire le deiseanna leis na healaíona trí Ghaeilge a chur chun cinn ó thuaidh a phlé. Tá Oireachtas na Gaeilge ag reáchtáil na hócáide seo i gcomhar le Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann agus le Foras na Gaeilge, agus mar a mhínigh Majella Ní Chríocháin, Oifigeach Imeachtaí an Oireachtais:

‘D’eascair seo ó phlé a tharla idir muid féin, An Chomhairle Ealaíon agus Foras na Gaeilge faoi cén chaoi is fearr leis na healaíona Gaeilge a fhorbairt sa tuaisceart. D’aontaigh muid gur cóir deis a thabhairt d’eagrais agus d’oifigigh Ghaeilge, agus d’eagrais ealaíon nach eagrais Ghaeilge iad, teacht le chéile agus samplaí de thionscadail ealaíon Gaeilge d’ardchaighdeán a chur os a gcomhar. Labhróidh an físealaíontóir Nuala Ní Fhlathúin faoi thionscadal ealaíon pobail inar phléigh sí tábhacht na Gaeilge do phobal beag tuaithe. Taispeánfaidh an cóiréagrafaí Ríonach Ní Néill a gearrscannán I Modh Rúin faoi mhná sna 60aidí, 70aidí agus 80aidí a thóg a gcuid páistí le Gaeilge, agus faoin gcaoi a mbaineann sí leas as a saothar ealaíon leis an nGaeilge a chur chun cinn. Is é teideal an chur i láthair a dhéanfaidh an file agus ceoltóir Marcus Mac Conghail ná Buail Aríst Mé – Dé hÍde agus an Dúitseach.

Maidir le hardán a thabhairt do na healaíona Gaeilge, labhróidh Aisling Ní Labhraí ón gCultúrlann i mBéal Feirste faoi ról na n-ionad; cuirfidh Rossa Ó Snodaigh (KÍLA, agus bunaitheoir An Puball Gaeilge ag an Electric Picnic) síos ar na deiseanna maidir le himeachtaí Gaeilge a chur ar chlár féilte ealaíon; agus pléifidh an t-amhránaí agus ceoltóir Dermott Mulholland na deacrachtaí a bhaineann le lucht féachana a fhorbairt do na healaíona i gceantair thuaithe.’

Seo mar a labhair Edel Ní Chorráin, Leas-Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge faoin ócáid:

‘Is deis iontach an lá seo atá eagraithe ag Oireachtas na Gaeilge dhá ghné de chuid chultúr na hÉireann a chur chun cinn le chéile, an Ghaeilge agus na healaíona. Tá muid thar a bheith sásta a bheith páirteach sa chéad ócáid den chineál seo ó thuaidh agus tá súil againn go mbeidh deiseanna eile ann amach anseo tionscadail eile a dhéanamh agus An Chomhairle Ealaíon agus Foras na Gaeilge ag obair le chéile.’

Is i nGaeilge a dhéanfar na cuir i láthair uile agus beidh córas aistriúcháin comhuaineach ar fáil dóibh siúd nach bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu. Beidh an tAonach ar siúl ó 10:30 a.m. go 3:30 p.m. agus is féidir ticéad saor in aisce a chur in áirithe ag http://www.eventbrite.com/e/aonach-na-nealaion-arts-fair-tickets-37843393609?aff=es2. Cuirfear lón saor in aisce ar fáil freisin agus beidh deis ag daoine eolas faoina gcuid eagras a roinnt le rannpháirtithe eile ag am lóin.

Níor reáchtáladh a leithéid riamh cheana agus tá súil ag An tOireachtas, ag An Chomhairle Ealaíon agus ag Foras na Gaeilge go nglacfaidh daoine páirt san aonach agus go n-eascróidh tionscadail eile ealaíon uaidh.

CRÍOCH

Tuilleadh eolais:

Majella Ní Chríocháin Oifigeach Imeachtaí & Forbartha Freastail

+353 (0)87 977 6852 | majella@antoireachtas.ie | www.antoireachtas.ie

Stádas: Choose Status

28 Meá
2017
Nuacht, Preasráitis

Ré nua agus Foras na Gaeilge ag bogadh chuig ceannáras nua ar Shráid Amiens

Beidh Foras na Gaeilge ag bogadh chuig ceannáras nua i mBaile Átha Cliath ar an 29 Meán Fómhair. 

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Tá ceangal fada ag foireann Fhoras na Gaeilge leis an teach Seoirseach seo ar Chearnóg Mhuirfean agus tá cuid den fhoireann lonnaithe anseo ó bunaíodh Foras na Gaeilge in 1999, níos faide siar fiú mar bhaill foirne de Bhord na Gaeilge a bhog anseo in 1981. Agus ar ndóigh tá pobal na Gaeilge ag úsáid na n-oifigí ó shin i leith, rud a fhágann go bhfuilimid ag fágáil stair fhada inár ndiaidh. Ach tá ceannáras nua ar ardchaighdeán aimsithe againn a oireann dár riachtanais, atá go síoraí ag méadú mar a fhásann Foras na Gaeilge. Leagadh sprioc uaillmhianach amach don athlonnú seo agus rinne an fhoireann éacht le hí a bhaint amach. Is cúis áthais dom go mbeidh foireann uile Bhaile Átha Cliath lonnaithe in aon ionad amháin agus go mbeidh an spás agus na hacmhainní cuí againn do bhaill foirne ó oifigí eile Fhoras na Gaeilge a bheidh ag teacht ar cuairt. Tá súil agam mar an gcéanna, mar a rinneadh le 7 Cearnóg Mhuirfean, go n-aithneoidh pobal na Gaeilge gur leosan an foirgneamh nua ar Shráid Amiens agus go gcuirfear tús le ré nua i stair na teanga sa phríomhchathair leis an athlonnú. Tá borradh faoin Ghaeilge faoi láthair thuaidh agus theas agus, agus beidh anois baile seasmhach ag Foras an Gaeilge le tacú le cur chun cinn na Gaeilge ar fud an oileáin. Beidh sé tráthúil go mbeidh an ceannáras á nochtadh againn don phobal ag tús na bliana úire, Bliain na Gaeilge 2018.”

Dúirt Clárbhainisteoir Cumarsáide, Margaíochta & Feasachta Fhoras na Gaeilge, Anna Davitt “Tá sé mar aidhm ag foireann Bhaile Átha Cliath a bheith bogtha isteach san oifig nua ar an Luan an 2 Deireadh Fómhair. Ní thiocfaidh aon athrú ar uimhir ghutháin Fhoras na Gaeilge agus beidh teacht orainn i gcónaí ar (01) 639 8400 ach beidh gach comhfhreagras poist d’oifig Bhaile Átha Cliath le seoladh chuig 63-66 Sráid Amiens, Baile Átha Cliath 1 feasta. Ba mhór againn foighne an phobail agus muid ag socrú isteach sa cheannáras nua sna seachtainí amach romhainn.”

Dúnfar oifig Bhaile Átha Cliath go sealadach ar an 29 Meán Fómhair leis an athlonnú a éascú agus beifear ag feidhmiú ó oifigí nua in 63-66 Sráid Amiens, Baile Átha Cliath, ón Luan, an 2 Deireadh Fómhair. Sa chás go bhfuil ceist phráinneach agat d’oifig Bhaile Átha Cliath le linn na tréimhse seo, is féidir glaoch ar oifig Bhéal Feirste ar 028 (048) 90890970 agus cuirfear do theachtaireacht ar aghaidh.

Críoch

 

Tuilleadh eolais:

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175    

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie

Stádas: Choose Status

11 Meá
2017
Nuacht, Preasráitis

Edel Ní Chorráin tosaithe mar Leas-Phríomhfheidhmeannach/ Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais Fhoras na Gaeilge

Tá Edel Ní Chorráin tosaithe i mbun a cuid cúraimí mar Leas-Phríomhfheidhmeannach/Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais Fhoras na Gaeilge in oifig Bhéal Feirste.

Thréaslaigh Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, a ceapachán le Edel thiar i mí an Mheithimh 2017, ag rá go mbeidh “cúraimí an oideachais uirthi don tír ar fad le linn am atá cinniúnach i réimse an oideachais i dtaca leis an Ghaeilge de”. Tugann sí réimse leathan scileanna agus taithí léi isteach sa phost ríthábhachtach seo le Foras na Gaeilge, a bhfuil sé ar cheann de phríomhfheidhmeanna aige tacú le hoideachas trí mheán na Gaeilge agus le múineadh na Gaeilge. 

Tá taithí na mblianta ag Edel i réimse an oideachais, in oiliúint múinteoirí agus ag dearadh áiseanna teagaisc Gaeilge don seomra ranga go háirithe. I measc na dtionscadal a d’fhorbair Edel mar Bhainisteoir Oideachais don Ghaeloideachas, Iar-bhunscolaíocht, leis an gComhairle Curaclaim, Scrúdúcháin agus Measúnaithe (CCEA), tá foclóir ar líne ar a dtugtar Ríomhfhoclóir Matamaitice, a thugann sainmhíniú ar théarmaíocht na matamaitice. Beidh sí ag díriú go sonrach ar na réimsí seo sa ról nua ó thaobh forbairtí a dhéanamh in oiliúint tosaigh múinteoirí chomh maith le sraith seimineár uile-oileáin a thabharfaidh treoir straitéiseach d’eagraíochtaí a dhearann áiseanna foghlama Gaeilge.  Mar Leas-Phríomhfheidhmeannach agus mar bhall den fhoireann ardbhainistíochta, beidh ról lárnach aici ag pleanáil, ag eagrú agus ag bainistiú ghnó Fhoras na Gaeilge.

Ag labhairt faoina tosaíochtaí sa ról nua, dúirt Edel, “anois agus aird ar leith ó thuaidh ar an Ghaeilge, beidh tábhacht  le ról reachtúil comhairleach Fhoras na Gaeilge do na Rialtais, agus béim ar leith ar ról ceannasaíochta Fhoras na Gaeilge. Lena chois sin beidh sé mar thosaíocht agam feasacht a ardú ar bhuntáistí an dátheangachais, an tairbhe a bhaineann le staidéar a dhéanamh ar ábhair eile cosúil le Matamaitic trí mheán na Gaeilge go háirithe. Fuair mé mo chuid oideachais trí mheán an Bhéarla agus tuigim an tábhacht a bhaineann leis an Ghaeilge a chur chun cinn sna scoileanna a bhfuil an Béarla mar mheán teagaisc iontu chomh maith. Mar sin, tá sé mar aidhm agam feasacht a ardú maidir le tairbhe na Gaeilge do dhaoine óga tríd an tionscadal Gaelbhratach agus cur le líon na ndaltaí a roghnaíonn an Ghaeilge mar ábhar GCSE agus don A-leibhéal.”

 

Críoch

 

Nóta don Eagarthóir

Nóta beathaisnéise: Edel Ní Chorráin

Is ar an nGarastún i gCo. Fhear Manach a tógadh Edel Ní Chorráin. Is céimí de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh í (BA sa Ghaeilge agus Matamaitic). D’fhreastail sí ar Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, áit ar bhain sí Teastas Iarchéime san Oideachas agus M.Sc sna hIlmheáin  Oideachais amach. Chaith Edel tréimhsí éagsúla ag múineadh i gColáiste Feirste i mBéal Feirste, i gColáiste Chineál Eoghain i gCo. Dhún na nGall agus mar Eagarthóir Cúnta le Foras na Gaeilge. Chaith sí 10 mbliana ag obair mar chinnire, mar mhúinteoir agus ansin mar Phríomhoide i gColáiste Mhachaire Rabhartaigh. Ceapadh í mar Bhainisteoir Oideachais don Ghaeloideachas, Iar-bhunscolaíocht, leis an gComhairle Curaclaim, Scrúdúcháin agus Measúnaithe (CCEA) in 2012 agus le linn na tréimhse sin bhí sí freagrach as acmhainní a sholáthar don earnáil iar-bhunscolaíochta lán-Ghaeilge ó thuaidh, acmhainní ar líne ina measc.

 

Tuilleadh eolais:

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175    

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie

 

 

 

Stádas: Choose Status

23 Lún
2017
Nuacht

Socrúchán cruthaitheach liteartha do scríbhneoirí Gaeilge

Glao ar iarratais le haghaidh socrúchán cruthaitheach liteartha 8 seachtaine, 15 Deireadh Fómhair go 15 Nollaig 2017, i dTír na mBascach do scríbhneoirí Gaeilge.

Is é an spriocdháta d’iarratais 1 p.m. an 8 Meán Fómhair 2017.

Is clár comhpháirtíochta é an tionscadal liteartha Focail Eile idir eagraíochtaí cultúrtha agus teanga i réigiúin Eorpacha agus tá sé d’aidhm aige líonra de shocrúcháin chruthaitheacha a chruthú do scríbhneoirí Eorpacha i mionteangacha agus i dteangacha mionlaigh. Is iad na heagraíochtaí comhpháirtíochta:

  • Donostia Kultura agus San Sebastian 2016 (Tír na mBascach)
  • Foras na Gaeilge (Éire)
  • X-OP, malartán d’oibritheoirí agus de tháirgeoirí ealaíne (an tSlóivéin)
  • Fóram Óige na Mladi (an Mhacadóin)
  • Leeuwarde/Ljouwert 2018 (an Fhreaslainn).

Is iad cuspóirí an tionscadail:

  • Cuidiú an litríocht a scríobhtar i mionteangacha agus i dteangacha mionlaigh a chur in iúl níos faide i gcéin.
  • Béim a chur ar thábhacht na héagsúlachta teanga.
  • Solas a chaitheamh ar an bpróiseas cruthaitheachta liteartha.
  • Aird a tharraingt ar théamaí sóisialta, saincheisteanna agus grúpaí sóisialta a bhaineann le mionteangacha.
  • An comhoibriú a chur chun cinn idir scríbhneoirí agus ealaíontóirí i litríocht i mionteangacha agus i dteangacha mionlaigh. 
  • Deis a thabhairt do scríbhneoirí tairbhe a bhaint as socrúchán liteartha le cuidiú leo forbairt ina ngairm liteartha.

Is iad na codanna an tionscadail:

  • Socrúcháin: Seo croí an tionscadail, atá bunaithe ar mhalartú scríbhneoirí idir régiúin éagsúla. Cuirfidh gach réigiún rannpháirteach dhá scríbhneoir le socrúchán ocht seachtaine a chur isteach in dhá réigiún comhpháirtíochta i ngach ceann de na trí bliana, agus fáilteoidh gach réigiún chomh maith roimh dhá scríbhneoir gach bliain ó réigiúin chomhpháirtíochta. Beidh 10 scríbhneoir ar fad ag glacadh páirte gach bliain.

 

  • Tionscadail chruthaitheacha liteartha: Le linn na socrúchán beidh na scríbhneoirí ag obair ar ábhair a phléann le téamaí, saincheisteanna agus grúpaí sóisialta a bhaineann le teangacha neamhfhorleathana, a mbeidh de thoradh orthu téacs liteartha a phléann leis na hábhair seo, ag coinneáil i gcónaí teagmháil agus comhoibriú leis an bpobal óstach agus ag caitheamh solais ar an bpróiseas cruthaitheach. Le cuidiú seo a bhaint amach glacfaidh na scríbhneoirí páirt i sraith tionscnamh le linn na socrúchán.  

 

  • Aistriúcháin: Mar a luadh tá ar cheann de chuspóirí an tionscadail litríocht a cheaptar i dteangacha mionlaigh nó i mionteangacha a chothú agus comhoibriú a chur chun cinn idir scríbhneoirí. Aistreofar na téacsanna go léir a chruthófar le linn na socrúchán go teangacha na gcomhpháirtithe agus go Béarla. Mar gheall ar seo beimid in ann “focail eile” agus “focail daoine eile” a chomhroinnt.

 

  • Suíomh Gréasáin: Foilseofar na saothair a chruthófar sa tionscadal Beste Hitzak/Focail Eile, agus an próiseas cruthaitheach féin, ar shuíomh saindeartha. Beidh an suíomh seo ina ardán le hábhar an tionscadail a scaipeadh. 

Is mian linn gach scríbhneoir a spreagadh le freagairt ar ár nglao oscailte. Is deis iontach é seo saothar liteartha a chruthú agus eolas a chur ar an bhfíorshaol i réigiún eile. Mar a luadh cheana, cónóidh na scríbhneoirí roghnaithe i réigiún eile ar feadh ocht seachtaine, le costais uile íoctha. Gheobhaidh siad luach saothair chomh maith.

Beidh níos mó socrúchán agus imeachtaí ann amach anseo, a fhógrófar ag an am cuí.

Le haghaidh tuilleadh eolais cuir ríomhphost chuig focaileile@forasnagaeilge.iewww.focaileile.ie nó www.otherwordsliterature.eu

 

 

 

Stádas: Choose Status

08 Lún
2017
Nuacht

Folúntais Fógraithe

Is mian le Foras na Gaeilge, an comhlacht forfheidhmithe atá freagrach as an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud oileán na hÉireann, na ceapacháin seo a leanas a dhéanamh:

 

Oifigeach Feidhmiúcháin (Conradh Sealadach) Tagairt: OFCC/0617
Beidh an post seo lonnaithe in oifig Fhoras na Gaeilge i nGaoth Dobhair, Co.Dhún na nGall.

Eolas d'Iarrthóirí OFCC 0617

Foirm iarratais OFCC 0617

T: (00353) (01) 639 8412 R: poist@forasnagaeilge.ie
Nó is féidir scríobh chuig an seoladh thíosluaite agus an uimhir thagartha a lua.

SPRIOCDHÁTA
Ní mór cóip chrua d’fhoirmeacha comhlánaithe lámhshínithe bheith faighte ag an seoladh thíosluaite roimh 12 meánlae Dé hAoine, 1 Meán Fómhair 2017.
Poist,
Foras na Gaeilge,
7 Cearnóg Mhuirfean,
Baile Átha Cliath 2.


Ní ghlacfar le hiarratais ar ríomhphost

Tá Foras na Gaeilge tiomanta don chomhionannas deise agus cuirimid fáilte roimh iarratas ó iarrthóirí a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu gan bheann ar chreideamh, ar inscne, ar mhíchumas, ar chine, ar dhearcadh polaitíochta, ar aois, ar stádas pósta, ar chlaonadh gnéis nó cé acu atá nó nach bhfuil cleithiúnaithe acu. De réir fiúntais amháin a mheasfar gach iarratas.

Proficiency in the Irish language, both written and oral, is an essential requirement for the above post.

 ______________________________________________________________________________________________________________________

Oifigeach Cléireachais Tagairt: OCSSF/0517
Beidh an post seo lonnaithe i gCeannáras Fhoras na Gaeilge, i mBaile Átha Cliath.

Eolas d'Iarrthóirí OCSSF 0517

Foirm iarratais OCSSF 0517


T: (00353) (01) 639 8412 R: poist@forasnagaeilge.ie
Nó is féidir na cáipéisí a íoslódáil díreach ó https://www.forasnagaeilge.ie/fuinn/foluntais/ nó scríobh chuig an seoladh thíosluaite agus an uimhir thagartha a lua.

SPRIOCDHÁTA
Ní mór cóip chrua d’fhoirmeacha comhlánaithe lámhshínithe bheith faighte ag an seoladh thíosluaite roimh 12 meánlae, Dé Luain, 28 Lúnasa 2017.

Poist,
Foras na Gaeilge,
7 Cearnóg Mhuirfean,
Baile Átha Cliath 2.


Ní ghlacfar le hiarratais ar ríomhphost


Tá Foras na Gaeilge tiomanta don chomhionannas deise agus cuirimid fáilte roimh iarratas ó iarrthóirí a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu gan bheann ar chreideamh, ar inscne, ar mhíchumas, ar chine, ar dhearcadh polaitíochta, ar aois, ar stádas pósta, ar chlaonadh gnéis nó cé acu atá nó nach bhfuil cleithiúnaithe acu. De réir fiúntais amháin a mheasfar gach iarratas.

Proficiency in the Irish language, both written and oral, is an essential requirement for the above post.

Stádas: Choose Status

29 Mei
2017
Nuacht

Campaí samhraidh 2017 faoi lán seoil

Tá lúcháir ar Fhoras na Gaeilge a fhógairt go mbeidh níos mó na 80 campa samhraidh á reáchtáil ar fud fad an oileáin as seo go deireadh an tsamhraidh. Tabharfaidh Scéim na gCampaí Samhraidh 2017, a fógraíodh níos luaithe i mbliana, an deis do dhaoine óga idir 3 agus 18 mbliana déag freastal ar imeachtaí spóirt, drámaíochta, damhsa, ceoil, agus scannánaíochta chomh maith le turais. Ceadaíodh deontais dar luach €168,346, uasmhéid €2,500 nó £1,750 an ceann, do 82 champa éagsúil i mbliana.

Tabharfaidh na campaí seo eispéireas uathúil agus spraíúil do pháistí an Ghaeilge a labhairt i dtimpeallacht thaitneamhach ina gceantar féin. Beidh roinnt campaí nua á reáchtáil den chéad uair i mbliana a eagróidh imeachtaí trí mheán na Gaeilge i réimsí iomlán nua lena n-áirítear an bheachaireacht agus idirghníomhaíocht le hainmhithe feirme agus saol na tuaithe.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Is ag fógairt ár n-aiféala nach bhféadfadh Foras na Gaeilge freastal ar an éileamh ar champaí samhraidh a bhí muid an tráth seo anuraidh. Cé gur mhéadaigh líon na gcampaí a cháiligh faoin scéim in 2016, ní raibh buiséad cuí againn le tacú leo uilig agus b’éigean dúinn diúltú do 23 de na hiarratais sin. Mar sin tá an-áthas orm nach amhlaidh an cás i mbliana agus gur ceadaíodh deontais don 82 champa a cháiligh don scéim. Níl aon amhras orm ach go mbeidh tionchar dearfach ag na campaí ar úsáid na Gaeilge i gceantair éagsúla as Iarthar Bhéal Feirste go Cathair Chorcaí agus go seasfaidh a n-eispéireas leis an 3,500 páiste a bheidh ag freastal ar na campaí i mbliana.”

Le campa samhraidh a aimsiú i do cheantar féin tabhair cuairt ar an lárphointe eolais don Ghaeilge, www.peig.ie, agus cuardaigh campaí samhraidh ar an léarscáil idirghníomhach nó san eolaire imeachtaí.

Stádas: Choose Status

26 Mei
2017
Nuacht

Bronnann Cuallacht Stiúrthóirí Scáileáin na hÉireann DUAIS FHORAS NA GAEILGE ar an stiúrthóir Éireannach Dathaí Keane

Is mór an onóir do Chuallacht Stiúrthóirí Scáileáin na hÉireann (SDGI) DUAIS FHORAS NA GAEILGE a bhronnadh ar an stiúrthóir Éireannach Dathaí Keane mar aitheantas ar Chion Suaitheanta i leith na Gaeilge i Scannáin agus ar an Teilifís.

Arna stiúradh ag Keane agus le Owen McDonnell (My Mother and Other Strangers), Dara Devaney (Rúbaí), agus Seán T. Ó Meallaigh (Vikings), mar phríomhaisteoirí, ríomhann AN KLONDIKE scéal na ndeartháireacha Ó Conghaile, trí imirceach Éireannacha a théann ó Montana go dtí an Yukon le linn ruathar óir Klondike sna 1890aidí ag súil lena saibhreas a dhéanamh.

Bronnadh an duais san Odessa Club and Restaurant inniu (an 20 Meitheamh 2017) ag 8.15pm le stiúrthóir SDGI Birch Hamilton i láthair freisin.

Ag labhairt faoin duais dó, dúirt Stiúrthóir SDGI, Birch Hamilton, “Tá sé go hiontach an duais seo a bhronnadh ar Dhathaí Keane as ucht a iarrachtaí suaitheanta i leith na Gaeilge. Tá lúcháir orainn urraim a thabhairt do Dhathaí leis an duais seo agus táimid ag súil lena shaothar a fheiceáil agus lena fheiceáil conas a thiocfaidh forbairt agus bláth air amach anseo.”


I measc bhuaiteoirí na duaise roimhe seo tá Darach Mac Con Iomaire (Corp & Anam), Tom Collins (An Bronntanas), Louis Marcus (Stiúrthóir a fuair ainmniúchán Oscar as 1798 agus O’Shin, Famine) agus Colm Bairéad (stiúrthóir Lorg na gCos: Súil Siar ar Mise Éire, Screwed

CRÍOCH

 

Cuallacht Stiúrthóirí Scáileáin na hÉireann (SDGI)
Bunaíodh Cuallacht Stiúrthóirí Scáileáin na hÉireann (SDGI) in 2000 agus is é an t-eagras ionadaíoch do stiúrthóirí sa tionscal closamhairc in Éirinn agus go hidirnáisiúnta. Ina measc tá stiúrthóirí a phléann le mórscannáin, ficsean, beochan, faisnéis, drámaíocht teilifíse, gearrscannáin, físealaín agus fógraí. Tá éiteas na cuallachta cuimsitheach agus réamhghníomhach ag spreagadh fóram fuinniúil agus tacúil do stiúrthóirí lena smaointe nó lena n-ábhair imní a phlé, agus tá sé i ndiaidh fás ina fhóram le haghaidh comhphlé an-dearfach maidir le déanamh scannán.

Maidir leis an duais:
Is duais aitheantais í Duais Chuallacht Stiúrthóirí Scáileáin na hÉireann agus Fhoras na Gaeilge ar son cion suaitheanta déanta i leith na Gaeilge i mórscannáin, cláir faisnéis, agus gearrscannáin i mbeochan nó go beo. Is é is aidhm don duais seo teachtaireacht a chur chuig stiúrthóir atá ag obair in Éirinn go gcuirtear luach ar a saothar a dhéantar in Éirinn agus le hiad a spreagadh leanúint ar aghaidh ag obair i nGaeilge.

Le haghaidh tuilleadh eolais, íomhánna agus iarratais ar agallaimh déan teagmháil le Cuallacht Stiúrthóirí Scáileáin na hÉireann – hello@sdgi.ie
087 126 2376

Stádas: Choose Status

23 Mei
2017
Nuacht

Edel Ní Chorráin ceaptha mar Leas-Phríomhfheidhmeannach/ Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais ar Fhoras na Gaeilge

D’fháiltigh bord Fhoras na Gaeilge roimh an bhfógra go bhfuil Edel Ní Chorráin ceaptha mar Leas-Phríomhfheidhmeannach/Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais ar Fhoras na Gaeilge. Ag labhairt dó inniu, dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Ba mhaith liom a ceapachán a thréaslú le Edel agus tá mé féin agus an fhoireann ag súil go mór le bheith ag obair léi ina ról nua. Is post ríthábhachtach é an post seo, agus cé go mbeidh Edel lonnaithe in oifig Fhoras na Gaeilge i mBéal Feirste, beidh cúraimí an oideachais uirthi don tír ar fad le linn ama atá cinniúnach i réimse an oideachais i dtaca leis an Ghaeilge de. Beidh Edel ag tabhairt réimse scileanna agus taithí léi isteach sa phost ó na tréimhsí atá caite aici mar mhúinteoir agus mar riarthóir i réimse an oideachais.”

Rachaidh Edel i mbun a cuid cúraimí mar Leas-Phríomhfheidhmeannach/Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais ar Fhoras na Gaeilge in oifigí Bhéal Feirste i lár mhí Lúnasa.

 

Nóta beathaisnéise: Edel Ní Chorráin

I nGarastún i gCo. Fhear Manach, a tógadh Edel Ní Chorráin. Is céimí de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh í (BA sa Ghaeilge agus Matamaitic). D’fhreastail sí ar Ollscoil na Ríona, Béal Feirste, áit ar bhain sí Teastas Iarchéime san Oideachas agus M.Sc sna hIlmheáin  Oideachais amach. Chaith Edel tréimhsí éagsúla ag múineadh i gColáiste Feirste i mBéal Feirste, i gCholáiste Chineál Eoghain i gCo. Dhún na nGall agus mar Eagarthóir Cúnta le Foras na Gaeilge. Ceapadh í mar Bhainisteoir Oideachais don Ghaeloideachas, Iar-bhunscolaíocht, le Comhairle Curaclaim, Scrúdúcháin agus Measúnaithe (CCEA) in 2012 agus le linn na tréimhse sin bhí sí freagrach as acmhainní a sholáthar don earnáil iar-bhunscolaíochta lán-Ghaeilge ó thuaidh, acmhainní ar líne ina measc.

Stádas: Choose Status

Cuir d'ainm ar ár liosta poist

Cuir d'ainm ar ár liosta poist leis an nuacht is déanaí maidir le Foras na Gaeilge a fháil.