Preasráitis

11 Nol
2019
Nuacht, Preasráitis

Os cionn €1m de dheontais ceadaithe ag bord Fhoras na Gaeilge

Is cúis áthais d’Fhoras na Gaeilge a chur in iúl gur faomhadh caiteachas dar luach €1,094,301 ag cruinniú boird de chuid Fhoras na Gaeilge ar an 6 Nollaig.

Ceadaíodh deontais chun litríocht agus foilsitheoireacht na Gaeilge a chur chun cinn trí Scéim na dTionscadal Litríochta 2020 (€99,721) agus Scéim na Foilsitheoireachta (€655,819) a thacóidh le pleananna 12 chomhlacht foilsitheoireachta Gaeilge in 2020 lena n-áirítear Cló Iar-Chonnacht, Éabhlóid agus Futa Fata. 

I réimse an oideachais tá deontais ar luach €211,572 ina n-iomláine ceadaithe do Scéim na Scoláireachtaí Gaeltachta 2020-2022. Bronnfar na deontais ar dhá cheanneagraíocht: Conradh na Gaeilge (€113,841 do scoláirí faoi 18 ó thuaidh) agus Gael Linn (€85,731 do scoláirí faoi 18 ó thuaidh agus €12,000 do dhaoine fásta).

Ceadaíodh €120,000 don cheanneagraíocht Gael Linn leis an tionscadal Gaelbhratach a reáchtáil sna scoileanna arís in 2020. Scéim í seo atá á maoiniú ag Foras na Gaeilge agus á reáchtáil ag Gael Linn le tacaíocht ó Chonradh na Gaeilge agus ó Ghlór na nGael agus a thugann spreagadh d’úsáid na Gaeilge i meánscoileanna agus i mbunscoileanna Béarla ar fud an oileáin.

Ceadaíodh £6,470 do Scéim Cholmcille a chothaíonn caidreamh agus a neartaíonn an gaol idir pobail teanga Ghaeilge na hAlban agus Ghaeilge na hÉireann. Tá Teanga an Cheoil Cheiltigh, a bheidh á reáchtáil ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich ón 12 go dtí an 15 Márta 2020, i measc na dtionscadal ar ceadaíodh deontas dóibh.

Ag fáiltiú roimh chinntí an bhoird, dúirt príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Tá maoiniú á chur ar fáil do chuid de na tionscadail is tábhachtaí d’fhorbairt leanúnach na Gaeilge, agus is maoiniú é seo a rachaidh a thorthaí díreach chuig pobal na Gaeilge, trínár gcomhpháirtithe, na ceanneagraíochtaí agus na comhlachtaí foilsitheoireachta, chuig foghlaimeoirí na Gaeilge, chuig ár scríbhneoirí, agus ar ndóigh, uathu sin chuig an phobal léitheoireachta”.    

Ba é cruinniú an 6 Nollaig an cruinniú deireanach a bhí ag cúigear comhaltaí boird, a dtiocfaidh deireadh lena dtréimhsí ar bhord Fhoras na Gaeilge. Ghabh cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Pól Ó Gallchóir buíochas le Seán Micheál Ó Dómhnaill, a bhfuil breis agus ocht mbliana tugtha aige don bhord, agus le Gráinne McElwain, Bláthnaid Ní Chofaigh, Seán Ó Coistealbha agus Seán Ó hArgáin, a mbeidh deireadh ag teacht lena dtréimhsí mar chomhaltaí boird ar an 12 Nollaig.

Ar an ábhar nach bhfuil an feidhmeannas ó thuaidh ag feidhmiú faoi láthair ní féidir leis an gComh-Aireacht Thuaidh Theas teacht i gceann a chéile agus ní féidir cinntí eatramhacha a dhéanamh i leith na bhforas thuaidh theas. Ag caint dó i ndiaidh an chruinnithe, dúirt cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, “Leanfaidh obair bhord Fhoras na Gaeilge ar aghaidh, cé go mbeidh bord níos lú ann, go dtí go dtiocfaidh an dá rialtas ar réiteach ar an cheist seo. Táimid ag súil go dtarlóidh sin go luath in 2020.”

Críoch

Scéim na Scoláireachtaí Gaeltachta 2020-2022

Dáiltear Scéim na Scoláireachtaí Gaeltachta 2020-2022 faoi thrí chatagóir:

Catagóir

Eagraíocht

Scoláirí faoi 16: dírithe ar Thuaisceart Éireann amháin.

Conradh na Gaeilge

Gael Linn

Daoine fásta: dírithe ar dhaoine fásta ó thuaidh agus ó dheas

Gael Linn

Teaghlaigh

Beidh cur chuige a bhaineann le deontais do theaghlaigh á fhógairt in 2020.

Is féidir teagmháil dhíreach a dhéanamh le Conradh na Gaeilge agus Gael Linn le fiosruithe maidir leis na deontais atá ceadaithe do na catagóirí thuas.

Stádas: Choose Status

01 Nol
2019
Nuacht, Preasráitis

An Foras Teanga 20 bliain ar an bhfód inniu

Tá fiche bliain ann inniu ó bunaíodh An Foras Teanga ar an 2 Nollaig 1999. Anuas ar an bhForas Teanga, a bhfuil Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise mar chuid de, agus tríd an gComhairle Aireachta Thuaidh/Theas (CATT), bunaíodh 5 chomhlacht forfheidhmithe thuaidh theas eile*, ag eascairt ó chur i bhfeidhm Chomhaontú Aoine an Chéasta. Tiocfaidh na comhlachtaí forfheidhmithe le chéile ag ócáid atá á reáchtáil ag CATT in Ard Mhacha inniu le comóradh a dhéanamh ar a bhfuil bainte amach ag an gcomhpháirtíocht thuaidh theas ó tháinig Comhaontú Aoine an Chéasta i bhfeidhm.

Mar chuid de chomóradh fiche bliain Fhoras na Gaeilge, tá súil á caitheamh ar mhórfhorbairtí atá déanta in earnáil na Gaeilge le fiche bliain anuas, bunú na sé cheanneagraíocht Ghaeilge, ina measc. Ag teacht leis an gcaochlú atá tagtha ar na bealaí a ndéanaimid cumarsáid ó bunaíodh Foras na Gaeilge in 1999, tá feachtas gníomhach agus bríomhar á reáchtáil ar ardáin chomhaimseartha agus dhigiteacha, idir phodchraoltaí agus na meáin shóisialta. Beidh áis phraiticiúil dóibh siúd a bhfuil eolas á lorg acu faoin nGaeilge ar fáil ar leagan athdheartha dár ngréasán dátheangach dár dteanga, www.gaeilge.ie,  ón lá inniu.

Dúirt príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Tá tírdhreach na teanga in Éirinn i ndiaidh athrú ó bhonn le 20 bliain. Is ó thuaidh is suntasaí atá an t-athrú sin le sonrú. Tá Foras na Gaeilge ina chuid lárnach den chlaochlú sin. Le Foras na Gaeilge tá bealach córasach ann anois againn thuaidh agus theas trí scéimeanna maoinithe le tacú le pobail agus le grúpaí atá ag iarraidh an Ghaeilge a fhorbairt.”

Dúirt cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Pól Ó Gallchóir, “D’éirigh le Foras na Gaeilge cur go suntasach leis an chreatlach thacaíochta thuaidh agus theas – áirím an bonn buan atá faoi Chultúrlann Mac Adam Ó Fiaich, Cultúrlann Uí Chanáin, Raidió na Life, Raidió Fáilte agus na sé cheanneagraíocht Ghaeilge atá mar chnámh droma thacaíochta don phobal. Tá an foclóir ar líne www.foclóir.ie ar cheann de na háiseanna foghlama is tábhachtaí dá bhfuil againn don teanga, agus tá téarma.ie ar cheann de na forbairtí is suntasaí agus an Ghaeilge á hullmhú le bheith aitheanta go hiomlán mar theanga oibre de chuid an AE in 2022.”

“Is é an príomhról a bhí ag Foras na Gaeilge san fhiche bliain ó bunaíodh é, córas tacaíochta a fhorbairt – córas a chinnteodh go dtiocfadh torthaí buana as fuinneamh, díograis agus fiontraíocht an phobail ó thaobh na Gaeilge de. De bharr na socruithe a bhain le Comhaontú Bhéal Feirste, is féidir bonn ceart a chur faoinár n-aislingí. Nílimid gan ár ndóthain dúshlán maidir le forbairt na Gaeilge ar fud an oileáin, ach anois tá bonneagar agus córais againn le tabhairt futhú,” a dúirt príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn.

Breathnaigh ar fhíseán #Foras20 ar an nasc seo: https://www.youtube.com/watch?v=89kWSeV0CX8

#Foras20

Bí ag caint linn ar na meáin shóisialta!

* Is iad na 5 chomhlacht forfheidhmithe thuaidh theas eile Uiscebhealaí Éireann, Biaslán: An Bord um Chur Chun cinn na Sábháilteachta Bia, Idir-Thrádáil Éireann, Comhlacht na gClár Speisialta AE agus Coimisiún an Fheabhail, Chairlinn agus Shoilse na hÉireann. 

Stádas: Choose Status

01 Sam
2019
Nuacht, Preasráitis

€5.3M de dheontais faofa & Comhpháirtíocht le hÚdarás na Gaeltachta ag dul ó neart go neart

Is cúis áthais d’Fhoras na Gaeilge a chur in iúl gur faomhadh caiteachas os cionn €5.3M ag cruinniú boird de chuid Fhoras na Gaeilge ag Oireachtas na Samhna 2019 in Citywest. Ceadaíodh deontais dar luach €4.6M don 6 Cheanneagraíocht Ghaeilge do 2020 lena n-áirítear Oireachtas na Gaeilge, Conradh na Gaeilge, Gael Linn, Gaeloideachas, Glór na nGael agus Cumann na bhFiann.

Ceadaíodh £272,486.00 do Choláiste Ollscoile Naomh Muire i leith an Áisaonaid Lán-Ghaeilge, le háiseanna ar ardchaighdeán a chur ar fáil do scoileanna ina dteagasctar na curaclaim agus siollabais trí Ghaeilge in 2020. Ceadaíodh síneadh ama go 31 Nollaig 2020 don 22 dheontaí faoin scéim reatha de Scéim Pobal Gaeilge agus plé ar siúl faoi láthair faoin scéim nua a thiocfaidh in áit scéime reatha ina dhiaidh sin.

Ag fáiltiú roimh chinntí an bhoird, dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Is cúis áthais dúinn an tsuim mhór airgid a ceadaíodh inniu a fhógairt. Is é seo an caiteachas is mó a bheidh á cheadú as buiséad 2020 agus is infheistíocht ríthábhachtach í seo a tacóidh go mór le húsáid na Gaeilge i measc an phobail. Táthar ag tógáil ar an gcomhpháirtíocht idir na 6 Cheanneagraíocht bliain i ndiaidh bliana ó bunaíodh an cur chuige nua in 2014. Bhí deis thábhachtach againn ár bplean gnó agus Plean Corparáideach 2020-2022 a phlé inniu agus muid ag pleanáil chun cinn do 2020. Chuireamar ‘Treo Straitéiseach’ don eagraíocht sa tréimhse 2020-2025 faoi bhráid an phobail ag seisiún breá bríomhar comhairliúcháin a d’eagraíomar mar ócáid ar leith ag Oireachtas na Samhna inné. Is é seo an chéad uair a bhí deis againn comhairliúchán poiblí den chineál seo a dhéanamh faoinár dtodhchaí agus fuaireamar aiseolas an-luachmhar ó rannpháirtithe an tseisiúin faoinár dtreo. Agus cloch mhíle 20 bliain ó bunaíodh Foras na Gaeilge in 1999 á sroichint againn i mí na Nollag, beidh sé tábhachtach deis a thabhairt don phobal aiseolas a thabhairt dúinn ar ár dtosaíochtaí agus réimsí oibre ar bhonn rialta feasta.”

Reáchtáladh an dara comhchruinniú idir bord Fhoras na Gaeilge agus bord Údarás na Gaeltachta roimh chruinniú boird an lae inniu. Bhí an phleanáil teanga, tacaíocht ghnó agus tráchtála d’fhoilsitheoirí na Gaeltachta agus comhpháirtíocht maidir le Comóradh 1500 Cholmcille 2020-2021 i measc na réimsí a pléadh.

Dúirt Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Pól Ó Gallchóir, “Leagadh bunchloch thábhachtach nuair a reáchtáladh comhchruinniú le bord Údarás na Gaeltachta den chéad uair anuraidh agus tá lúcháir orm go bhfuil an chomhpháirtíocht eadrainn ag dul ó neart go neart. Tá ár ndá eagraíocht ag saothrú san aon ghort amháin, gualainn le gualainn, le húsáid na Gaeilge a mhéadú sa phobal, agus dá mhéad dá mbímid ag tacú le hobair a chéile is amhlaidh is fearr é do phobal na Gaeilge ar fud na tíre.”

Críoch 

Tuilleadh eolais & grianghraif:

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175    

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie

Stádas: Choose Status

09 Dei
2019
Nuacht, Preasráitis

Buiséad Fhoras na Gaeilge & Cáinaisnéis 2020

D’fháiltigh príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, roimh an soiléiriú atá eisithe ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir le tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste.

I ráiteas maidir le Cáinaisnéis 2020, dúirt príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, “Fáiltímid roimh an tsoiléiriú ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta gur chaith Foras na Gaeilge an leithdháileadh iomlán a bhí ar fáil dúinn in 2018 inár mbuiséad bonnlíne. Tá cúrsaí buiséid níos dúshlánaí ná riamh, ó tharla gur laghdaigh buiséad Fhoras na Gaeilge gach bliain ó 2008 go 2016. In 2016, cé gur cuireadh stop leis na ciorruithe ainmniúla, níor tugadh ardú buiséid dúinn dár gcláir dheontais go fóill. Mar sin, cuirimid an-bhéim ar an tábhacht a bhaineann leis an tsoláthar atá curtha ar fáil dúinn a chaitheamh go héifeachtach ó bhliain go bliain”.

Ag tagairt do Cháinaisnéis 2020 dúirt príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Ar an ábhar gur socrú idir an Roinn Pobal ó thuaidh agus an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ó dheas a bhíonn i gceist maidir le buiséad an Fhorais Teanga, ní bhíonn eolas ar fáil i leith leithdháileadh Fhoras na Gaeilge go dtí go mbíonn sin socraithe idir an dá rialtas. Mar sin de, níl a fhios ag Foras na Gaeilge go fóill go baileach cén buiséad a bheidh ar fáil againn de bharr Cháinaisnéis 2020. Ar ndóigh, tá Foras na Gaeilge ag dul i ngleic le ciorruithe leanúnacha ar a bhuiséad, atá laghdaithe beagnach 25% le blianta anuas, agus is dúshlán leanúnach dúinn é freastal ar an éileamh ar mhaoiniú don Ghaeilge.

Fáiltímid go mór roimh an mhaoiniú breise atá fógartha d’Údarás na Gaeltachta agus don phróiseas pleanála teanga. Fáiltímid fosta roimh an tsoláthar shuntasach breise de €5m atá fógartha ag an Aire Madigan do na healaíona, don Chomhairle Ealaíon, agus roimh an mhaoiniú shuntasach breise d’Fhís Éireann, agus do Ghaillimh 2020. I bhfianaise na laghduithe atá déanta ar mhaoiniú Fhoras na Gaeilge le 10 mbliana anuas, tá súil againn go gcuirfidh an maoiniú suntasach breise seo ar chumas na n-eagraíochtaí ealaíon sin forbairt mhór a dhéanamh ar an fhreastal a bheidh siad a dhéanamh ar na healaíona Gaeilge sa phobal agus i scoileanna ar fud na tíre in 2020. Cuirfidh sin go mór leis an phróiseas pleanála teanga ar fud na tíre, agus cabhróidh sé na bearnaí suntasacha atá fágtha le blianta beaga anuas i bhforbairt réimsí éagsúla na n-ealaíon Gaeilge de bharr laghduithe i maoiniú Fhoras an Gaeilge a dhúnadh.”

Críoch

Tuilleadh eolais:

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175    

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie

 

Stádas: Choose Status

18 Meá
2019
Nuacht, Preasráitis

€500,000 ceadaithe ag Foras na Gaeilge do na meáin go ceann 2020

Ag a gcruinniú Boird Dé hAoine an 13 Meán Fómhair 2019, rinne Bord Fhoras na Gaeilge cinneadh maoiniú a cheadú go ceann bliain eile faoi Scéim na Meán Gaeilge, do Comhar; Tuairisc.ie agus Nós.

Agus é ag caint ar chinneadh an Bhoird, dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn:

“i ndiaidh anailís a dhéanamh ar na haighneachtaí a fuarthas mar chuid den chomhairliúchán poiblí ar tháinig deireadh leis ar an 15 Lúnasa 2019, ba léir dúinn nach raibh tacaíocht ó na daoine a sheol aighneachtaí chugainn, dár moltaí, agus bunaithe air sin tá cinneadh déanta ag an Bhord leanúint leis an gcur chuige reatha go ceann bliain eile”.

As an 107 aighneacht a fuair Foras na Gaeilge faoin gcomhairliúchán, bhí an mhórchuid acu ag moladh leanúint leis an gcur chuige reatha. Faoin gcur chuige reatha, cuireann Foras na Gaeilge €0.5m sa bhliain ar fáil do thrí chonraitheoir reatha: €298k do Tuairisc.ie; €120k do Comhar agus £68k do Nós.

De bharr gur trí phróiseas tairisceana a bronnadh na conarthaí reatha ar na soláthróirí reatha, beidh an maoiniú bliana á chur ar fáil de réir théarmaí na gconarthaí reatha.

Arsa an Príomhfheidhmeannach ar an fhoras thuaidh theas:

“is léir go bhfuil léitheoirí na dtrí fhoilseachán seo sásta leis an ábhar a chuireann siad ar fáil, agus, cé go bhfuil dúshláin éagsúla fós le réiteach, agus muid ag iarraidh cur le líon na ndaoine as an phobal atá ag léamh an ábhair a fhoilsíonn siad, ní mór dúinn cluas a thabhairt do na daoine atá á léamh faoi láthair”.

Beidh deireadh ag teacht leis na conarthaí reatha ar a 31 Nollaig 2019, agus mairfidh an maoiniú a chuirfidh Foras na Gaeilge á thairiscint dóibh anois go dtí 31 Nollaig 2020.

Beidh tuarascáil iomlán á foilsiú ar shuíomh gréasáin Fhoras na Gaeilge go luath ar an chomhairliúchán.

Críoch

Tuilleadh eolais:
Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge
Teil: 0035387 673 6175
Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie

Stádas: Choose Status

15 Lún
2019
Nuacht, Preasráitis

Gearrliostaí na nGradam Foilsitheoireachta 2019 fógartha

 

 

 

 

D’fhógair An tOireachtas, i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge, inniu (Déardaoin, 15 Lúnasa 2019) na leabhair atá ainmnithe ar na Gearrliostaí do Gradam Réics Carló (Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg), Gradam Uí Shúilleabháin (Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta) agus gradam úrnua do shaothar aistrithe go Gaeilge ó theanga eile, Gradam de Bhaldraithe.

Roghnaítear na buaic-shaothair de réir na gcritéar seo a leanas: fiúntas an ábhair; caighdeán na Gaeilge; dearadh an leabhair, ag áireamh téacs, clúdach, léaráidí agus dea-chleachtas foilsitheoireachta; caighdeán foilsitheoireachta; agus mar a fhreastalaíonn an leabhar ar riachtanais an mhargaidh léitheoireachta.

Tá seacht leabhar déag (17) roghnaithe ar ghearrliostaí na bliana seo - Sé (6) leabhar ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin, cúig (5) leabhar ar ghearrliosta Ghradam Réics Carló agus sé (6) leabhar ar ghearrliosta Ghradam de Bhaldraithe. I measc na dTithe Foilsitheoireachta a bhfuil leabhar ainmnithe acu i mbliana tá, Cló Iar-Chonnacht, Cois Life, Dalen Éireann, Foilseacháin Ábhair Spioradálta, Futa Fata, Leabhar Breac, agus LeabhairCOMHAR. Tá liosta iomlán den trí ghearrliosta ar fáil thíos.

“Déanaim comhghairdeas ó chroí le gach Teach Foilsitheoireachta atá ar ghearrliostaí na bliana seo”, a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. Tá fás agus forbairt dochreidte tagtha ar earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge agus tá áthas orainn, mar eagraíocht, a bheith bainteach leis sin agus aitheantas cuí a thabhairt don obair mhór atá ar siúl. Tugann sé misneach dúinn go bhfuil seacht leabhar déag á bhfógairt againn inniu a foilsíodh le deich mí anuas agus tréaslaím leis na Tithe Foilsitheoireachta as an díograis, an paisean agus sár-chaighdeán na foilsitheoireachta atá acu”, a dúirt sé.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Déanaim comhghairdeas leis na foilsitheoirí uile atá ar ghearrliostaí na bliana seo. Tá fás mór i ndiaidh teacht ar fhoilsitheoireacht na Gaeilge le 20 bliain; tá leabhair den scoth á bhfoilsiú, agus réimse an-mhaith ar fáil anois i raon leathan seánraí, do dhaoine ar spéis leo ábhar léitheoireachta i nGaeilge. Tá lúchair orm go bhfuil na gradaim fhoilsitheoireachta á leathnú amach agus gradam úr, Gradam de Bhaldraithe, curtha leo i mbliana den chéad uair chun aitheantas cuí a thabhairt dá saothar i réimse an aistriúcháin.  Guím gach rath ar na Tithe Foilsitheoireachta”.

Fógrófar na buaiteoirí ag oíche mhór liteartha, ag a ndéanfar ceiliúradh ar gach gné de scríbhneoireacht na Gaeilge, i dTeach an Ardmhéara, Baile Átha Cliath, Dé Máirt, 1 Deireadh Fómhair 2019, tráth a ndéanfaidh Leabhair COMHAR Portráidí Scríbhneoirí Gaeilge 2020 a nochtadh.  Gabhann duaischiste de €17,000 leis an trí ghradam foilsitheoireachta. Tá eolas cuimsitheach maidir leis na leabhair ar fáil ag www.antoireachtas.ie.
 

Le haghaidh tuilleadh eolais: 
Louise Ní Dháibhéid, An tOireachtas     T: 00353 87 1005439      R: louise@antoireachtas.ie

 

Nótaí don Eagarthóir

  1. Bronnfar na duaiseanna mar seo a leanas: €5,000 ar fhoilsitheoir an leabhair do Ghradam Uí Shúilleabháin agus €2,500 ar údar an tsaothair; €5,000 ar fhoilsitheoir an leabhair do Ghradam Réics Carló, €1,250 ar údar an tsaothair agus €1,250 ar mhaisitheoir an tsaothair; €1,500 ar fhoilsitheoir an leabhair do Ghradam de Bhaldraithe agus €500 ar aistritheoir an tsaothair.
  2. Is iad Foras na Gaeilge a dhéanann urraíocht ar na Gradaim Fhoilsitheoireachta.
  3. Is Ceanneagraíocht é An tOireachtas sa réimse, ‘Deiseanna a thacaíonn le hÚsáid na Gaeilge agus Bunú Gréasán’.
  4. Tá Comórtais Liteartha an Oireachtais ar an bhfód ón mbliain 1897 agus tugann siad aitheantas agus ardán thar a bheith luachmhar do scríbhneoirí na Gaeilge. Tá cuid de mhórscríbhneoirí an chéid seo caite, Pádraig Mac Piarais, Máirtín Ó Cadhain agus Nuala Ní Dhomhnaill i measc iar-bhuaiteoirí na gcomórtas seo.
  5. Eagraíonn an tOireachtas príomhfhéile náisiúnta na nGael, Oireachtas na Samhna, go bliantúil agus chuimsíonn comórtais do dhaoine óga agus do dhaoine fásta sna taibh-ealaíona traidisiúnta mar aon le réimse leathan imeachtaí ceoil, amhránaíochta, caidrimh, siamsaíochta, spóirt agus dioscúrsa.
  6. Bíonn eolas cothrom le dáta i gcónaí ar www.antoireachtas.ie maidir le himeachtaí agus comórtais uile na heagraíochta.

 

Gradam Uí Shúilleabháin

 

GRÁINNE – GAISCÍOCH GAEL le Siobhán Parkinson, foilsithe ag Cois Life – 

 

Le blianta anuas atá athrú nach beag tagtha ar cháil Ghráinne Ní Mháille, ó neamairt na staire ar feadh na gcéadta bliain go dtí an t-ardstádas lena bhféachtar uirthi inniu, amhail pearsa diaganta, nach mór.  Foghlaimíonn páistí scoile fúithi, agus is mó insint a dhéantar ar a saol dathannach, ina measc, insintí neamhfhicsin agus úrscéalta grafacha, drámaí agus ceol.  Bhí an-tóir ar scéalta faoina cuid eachtraí agus faoina cuid gaiscí ach ní raibh úrscéal againn go dtí anois a thug léargas iomlán ar a saol.  

 

AN TROMDHÁMH le Feargal Ó Béarra, foilsithe ag Leabhar Breac - Cuairt a thug Seanchán Ollamh agus a chuideachta ar an rí, agus saint is síor-éilimh na cuideachta ainmheasartha sin — idir fhilí, cheoltóirí, bhantracht is ghiollaí — is údar don aoirscéal binb-bhriathrach seo ó pheann anaithnid thart ar an mbliain 1300. Scéal iltéamach ilchisealach é Tromdhámh Guaire a bhfuil cuid dá phréamha ag síneadh siar chomh fada leis an seachtú́ haois, tréimhse a shamhlaítear le triúr dá mhórphearsana, Seanchán Toirpéist féin, Dallán Forgaill, agus Guaire an Oinigh. Sa leagan nua-chóirithe seo, tugtar friotal is foghar an tseanscéil slán go soléite do léitheoir na haoise seo.

 

TITLEY le Máirtín Coilféir, foilsithe ag LeabhairComhar – Ábhar critice ar shaothar Titley atá sa leabhar seo. Is é saothar scríofa agus stáitse Titley, seachas a shaothar don raidió nó don teilifís, atá faoi chaibidil ag an údar agus cuirtear san áireamh mórán gach a bhfuil foilsithe aige óna chéad alt i 1965 go dtí an t-alt is deireanaí uaidh in 2016.

 

LUÍSE GHABHÁNACH NÍ DHUFAIGH: CEANNRÓDAÍ le Celia de Fréine, foilsithe ag LeabhairComhar – Beathaisnéis Luíse Ghabhánach Ní Dhufaig, bhean iomráiteach, fhísiúil, mhisniúil atá sa leabhar seo agus cuireann Celia de Fréine i láthair go seoigh í le daonnacht agus le dúthracht taighde.

 

Tairngreacht le Proinsias Mac a’ Bhaird, foilsithe ag LeabhairComhar - Cuirtear saol Chonchúir Uí Bhraonáin bun os cionn go hiomlán nuair a thagann sé ar dhúnmharú scáfar ar mhullach uaigheanna Uí Néill agus Uí Dhónaill sa Róimh. Is gearr go mbíonn a bheatha féin i mbaol. 

 

LÁMH, LÁMH EILE le hAlan Titley, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht – Úrscéal cruabhruite bleachtaireachta lonnaithe in Éirinn comhaimseartha atá sa leabhar seo a bhfuil gach uile rud ag baint leis - bleachtairí ar cuma leo, Gardaí a bhfuil a bpraghas féin acu (b’fhéidir), Rúisigh leis an iliomad airgid, lucht siúil barbartha agus béasach, iománaithe ar an gclaí, mná beáir críonna agus go leor eile.

 

 

Gradam Réics Carló

 

BOSCADÁN le hÁine Ní Ghlinn, foilsithe ag Cois Life – Tá róbó cairtchláir á chruthú ag Aoife, agus níl uaithi ach píosa spraoi. Nuair a thagann an róbó chun beatha, tosaíonn an spraoi i gceart!

 

NÓINÍN le Máire Zepf, foilsithe ag Cois Life – Casann Nóinín, déagóir cúthail, ar bhuachaill ar an idirlíon. Níl Oisín cosúil leis na buachaillí eile ar scoil. Nuair a thiteann Nóinín i ngrá le hOisín, déanann sí dearmad ar a cara is fearr, Eimear. Úrscéal saorvéarsaíochta é seo ina n-insíonn Nóinín féin agus Eimear an dá thaobh den scéal.

 

SPÉIRLING le hOrna Ní Choileáin, foilsithe ag Cois Life – Is minic a bhíonn Manon agus Líosa ag cadhcáil nó ag siopadóireacht, agus iad ag baint súp as an saol ar oileán Aruba, oileán i Muir Charaib. Nuair a chasann siad ar chailín eile dá n-aois féin ar an trá, tagann athrú ar an saol socair sin.

 

BEAG BÍDEACH le Sadhbh Devlin agus maisithe ag Róisín Hahessy, foilsithe ag Futa Fata - Tá grá ag Nína dá deartháirín beag Jimí. Ach, uaireanta cuireann sé isteach uirthi. Go háirithe nuair atá sí ag iarraidh a bheith ag spraoi le cairde speisialta Nína, na babóga.

PERCY PÉACÓG le Gemma Breathnach agus maisithe ag Tarsila Krüse, foilsithe ag Futa Fata – Tá Percy Péacóg cuthail. Ní maith leis aird, ach tá rud amháin, mór álainn, ildaite ag baint le Percy a tharraingníonn go leor airde air – a eireaball mór, ildaite. In am an ghátair, faigheann an phéacóg chúthail amach gur rud an-úsáideach é an t-eireaball céanna….

 

Gradam de Bhaldraithe

 

K.O.S.T.K.A le Przemyslaw Wysoglad SJ agus aistrithe ag Mark Ó Fionnáin, foilsithe ag Foilseacháin Ábhair Spioradálta – Sa choimic K.O.S.T.K.A. tá scéal Staszek agus a dhearthár Paweł. Scéal bheirt ógánach a thug orthu an bóthar fada go Vín chun iad féin a ullmhú ann do shaol an duine fhásta. 

 

FILE AR FHILE le Rimbaud, Anedda, Machado, Fried agus Chedid agus aistrithe ag Liam Ó Muirthile, Eiléan Ní Chuilleanáin, Tomás Mac Síomóin, Gabriel Rosenstock, Ailbhe Ní Ghearbhuigh, foilsithe ag Cois Life – Tionscadal uaillmhianach aistriucháin filíochta í seo ina ndéanann filí aitheanta na hÉireann aistriúcháin go Gaeilge ar dhánta filí suaithinseacha na hEorpa. Eagráin uimhrithe theoranta atá sa saothar, seoda ó fhilíocht na hEorpa ón naoú haois déag go dtí an lá inniu.

MO THEACHÍN GAN CHUMA GAN CHAOI le Julia Donaldson agus aistrithe ag Tadhg Mac Dhonnagáin, foilsithe ag Futa Fata – Tá seanbhean ina cónaí i dteachín beag agus í míshásta go bhfuil an áit chomh beag. Tagann seanfhear cliste an bealach agus cuireann sé comhairle aisteach uirthi – an bhó, an gabhar, an mhuc agus an chearc a thabhairt isteach sa teach. An mbeidh sí sásta?

 

ASTERIX AGUS TROID NA dTREABH le R. Goscinny & A. Uderzo agus aistrithe ag Gabriel Rosenstock, foilsithe ag Dalen Éireann – Is ceannaire é Tadhgus Dháthaobhix atá sásta comhoibriú le lucht an choncais, na Rómhánaigh. Téann sé i ngleic le Taoisix i dTroid na dTreabh — an té a bhuafaidh an troid sin beidh sé i gceannas ar threibh an cheannaire chloíte.

 

CHARLIE AGUS MONARCHA NA SEACLÁIDE le Roald Dahl agus aistrithe ag Niamh Ní Argáin, foilsithe ag Leabhar Breac – Níl Willy Wonka - ná an taobh istigh dá mhonarcha iontach seacláide feicthe ag aon duine le blianta fada. Nuair a fhógraíonn sé comórtas ina dtabharfar buaiteoirí na gcúig thicéad órga ar thuras sa mhonarcha, tá tír is talamh ag iarraidh teacht ar na ticéid!

 

BERTIE BROCACH le hAlan MacDonald agus aistrithe ag Marion Ní Shúilleabháin, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht - Seo é Bertie Brocach, an buachaill is brocaí, is bréine agus is barrúla dár casadh ariamh ort. Cuirfidh sé alltacht ort. Cuirfidh sé déistean ort. Cuirfidh sé fonn múisce ort, b'fhéidir. Ach más maith leat mísc agus más breá leat brocamas, agus más dánaíocht agus diabhlaíocht is deise leat ar domhan, suigh síos go socair agus bain sásamh agus sonas as.

 

 

Stádas: Choose Status

02 Lún
2019
Nuacht, Preasráitis

Luach beagnach ceathrú milliún euro faofa ag bord Fhoras na Gaeilge do Scoláireachtaí Gaeltachta

Ag cruinniú i mBéal Feirste ar an Aoine an 26 Iúil, rinne bord Fhoras na Gaeilge cinneadh infheistíocht ar luach €241,572 a dhéanamh thar trí bliana i Scéim na Scoláireachtaí Gaeltachta 2020-2022. Beidh an scéim ag freastal ar 3 ghrúpa go sonrach lena n-áirítear scoláirí faoi 18 (dírithe ar Thuaisceart Éireann amháin), daoine fásta (dírithe ar an tír ina hiomláine) agus teaghlaigh (dírithe ar an tír ina hiomláine).

Chuir Foras na Gaeilge €80,524 ar fad ar fáil le linn na bliana reatha dá Chiste Scoláireachtaí a chuireann scoláireachtaí Gaeltachta ar fáil do dhaltaí scoile, do dhaoine fásta agus do theaghlaigh le freastal ar chúrsaí sa Ghaeltacht. Faoin scéim athbhreithnithe, cuirfear tuilleadh béime ar scoláireachtaí a chur ar fáil do scoláirí atá faoi mhíbhuntáiste chomh maith le hiarratasóirí ó na Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus na Líonraí. Fógrófar an scéim i mí Mheán Fómhair nuair a cuirfear fáilte roimh iarratais ó eagraíochtaí ar mian leo na scéimeanna a riaradh.

Tá comhairliúchán poiblí ar siúl ag Foras na Gaeilge faoi láthair le tuairimí an phobail a lorg ar an mbealach is fearr le hearnáil na meán Gaeilge clóite agus ar líne a mhaoiniú as an gciste de €500k a chuireann Foras na Gaeilge ar fáil ar bhonn bliantúil do na foilseacháin tuairisc.ie; nós.ie agus Comhar.

Dúirt Cathaoirleach bhord Fhoras na Gaeilge, Pól Ó Gallchóir, “Tá sé ríthábhachtach go gcuireann an pobal, idir phobal na Gaeilge agus mhórphobal na tíre thuaidh agus theas a gcuid tuairimí in iúl dúinn lena chinntiú go mbeidh siad á gcur san áireamh sa chur chuige a bheidh ag Foras na Gaeilge don réimse tábhachtach seo ó 2020 ar aghaidh.”

Críoch

Tuilleadh eolais:

Comhairliúchán ar earnáil na meán Gaeilge

Beidh Foras na Gaeilge ag glacadh le freagairtí go dtí an 15 Lúnasa agus tá gach eolas faoin gcomhairliúchán ar fáil ar https://www.forasnagaeilge.ie/nuacht/comhairliuchan/

Scéim na Scoláireachtaí Gaeltachta 2020-2022

Fógrófar gach eolas faoi scéimeanna san fhómhar ar www.forasnagaeilge.ie. Is féidir clárú ar ár liosta teagmhála ar an suíomh gréasáin le heolas rialta a fháil faoi Fhoras na Gaeilge.

Stádas: Choose Status

17 Mei
2019
Nuacht, Preasráitis

Luach os cionn €400,000 de dheontais ceadaithe ag bord Fhoras na Gaeilge  

Ag cruinniú boird de chuid Fhoras na Gaeilge ar an 14 Meitheamh 2019, in oifigí Fhoras na Gaeilge i Ráth Chairn, Co. na Mí, ceadaíodh luach €427,805 de dheontais i réimsí na hóige, na scríbhneoireachta agus na foilsitheoireachta.

Ceadaíodh deontais dar luach €247,825 do Scéim na nImeachtaí Óige 2019/20, a thugann deiseanna úsáide do dhaoine óga, a spreagann iad chun an Ghaeilge a úsáid i mbealach spraíúil. Cuirfidh na deontais ar chumas na ndeontaithe ar a laghad 12 sheisiún a eagrú le linn thréimhse na scoilbhliana, atá dírithe ar dhaoine óga idir 3 bliana agus 18 mbliana d’aois taobh amuigh den scoil. Meastar go mbeidh deis ag nach mór 4,000 páiste a bheith rannpháirteach sna himeachtaí.

I réimse na foilsitheoireachta ceadaíodh luach €140,480 de choimisiúnaithe faoi Scéim na gCoimisiún 2019 le tacú le lucht liteartha na Gaeilge freastal ar an éileamh sna réimsí éagsúla léitheoireachta. Anuas ar na deontais i réimse na foilsitheoireachta, bronnfar deontais dar luach €39,500 ar ábhar scríbhneoirí agus ar mheantóirí faoi Scéim Meantóireachta 2019. Tugann an scéim seo deis luachmhar do scríbhneoirí i dtús a ré scríbhneoireachta comhairle faoina gcuid scríbhinní agus faoi cheird na scríbhneoireachta i gcoitinne a fháil ó scríbhneoirí aitheanta.

Dúirt príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Is cúis dóchais dom an t-éileamh mór ar Scéim na nImeachtaí Óige ó bhliain go bliain agus tiomantas na n-iarratasóirí ó thaobh deiseanna a sholáthair do dhaoine óga an Ghaeilge a úsáid ar bhonn sóisialta taobh amuigh den scoil. Is cás linn, áfach gur tháinig laghdú 26% ar an gciste don scéim seo i mbliana agus nach mbeidh ar ár gcumas ach tacú le líon céanna na ndeontaithe. Tá maoiniú Fhoras na Gaeilge laghdaithe go mór ó thréimhse na géarchéime eacnamaíochta agus níl méadú i ndiaidh teacht ar an mhaoiniú ó shin.

Maidir leis an Scéim Meantóireachta, is ábhar dóchais mar an gcéanna againn go bhfuil scríbhneoirí nua ag teacht chun cinn agus iad ag iarraidh feabhas a chur ar a gceird tríd an Scéim Méantóireachta. Tá borradh le blianta beaga anuas ar an bhfoilsitheoireacht Ghaeilge, go háirithe i seánra leabhar na bpáistí, agus tá súil againn go mbeidh na scríbhneoirí atá ag fáil tairbhe as an scéim seo ag teacht chun cinn mar scríbhneoirí Gaeilge sna blianta beaga amach romhainn.”

Críoch

 

Tuilleadh eolais

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175    

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie

Stádas: Choose Status

06 Mei
2019
Preasráitis

Ceiliúradh déanta ar oidhreacht Cholmcille in Ardteampall Chríost

Rinneadh ceiliúradh ar oidhreacht Cholmcille ag ócáid speisialta i Seomra an Cheoil in Ardteampall Chríost ar an Satharn an 8 Meitheamh, oíche chinn Fhéile Cholmcille. In 2020-21 beidh sé 1500 bliain ó rugadh Naomh Colmcille, agus thug an oíche blaiseadh i nGaeilge agus i mBéarla ar an oidhreacht sin go hidirnáisiúnta agus i mBaile Átha Cliath féin.

Clár comhpháirtíochta is ea Colmcille idir Foras na Gaeilge agus Bòrd na Gàidhlig, a chuireann chun cinn úsáid Ghaeilge na hÉireann agus Ghaeilge na hAlban in Éirinn agus in Albain agus idir an dá thír. D’eagraigh Foras na Gaeilge an ócáid i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta, Comhairle Contae Dhún na nGall, Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Bháin, agus Oideas Gael, agus mar chuid den chlár comhpháirtíochta Colmcille idir Foras na Gaeilge agus Bòrd na Gaeilge in Albain.

Dúirt príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Anocht, an 8 Meitheamh, oíche Fhéile Cholmcille. Fuair sé bás in Oileán Í na hAlban ar an 9 Meitheamh. Riamh ó shin tá daoine ag tabhairt Cholmcille chun cuimhne. Ag meán oíche anocht beidh daoine ag siúl agus ag urnaí ar thuras Cholmcille i nGleann Cholm Cille agus i nGartán. Beidh ceiliúradh i mórán áiteanna i nDún na nGall agus i nDoire Cholmcille. Níl aon phearsa sa stair is fearr a léiríonn na ceangail idir pobal Ghaeilge na hÉireann in Éirinn agus pobal Ghaeilge na hAlban in Albain, ná a léiríonn ár n-oidhreacht choiteann.

Tá an ócáid seo anocht á heagrú ag Foras na Gaeilge, i gcomhar le Bòrd na Gàidhlig in Albain, Údarás na Gaeltachta, Comhairle Contae Dhún na nGall agus Comhairle Chathair Dhoire agus an tSratha Bháin, agus Oideas Gael. Is mian liom buíochas a ghabháil leo uile, agus lena gcuid ionadaithe anseo anocht. Is mian liom go háirithe buíochas a ghabháil le déan agus le bord Ardteampall Chríost as an ionad stairiúil seo a bhfuil nasc aige le Colmcille a chur ar fáil dúinn anocht, agus leis an Chanónach Gary Hastings as fáilte chaoin a chur romhainn. Ba mhaith liom buíochas ar leith a ghabháil leis an Dr Brian Lacey a bhfuil oiread déanta aige le stair agus oidhreacht Cholmcille a thabhairt chun solais ar feadh breis mhór agus fiche bliain, le Gearóidín Bhreathnach, scéalaí agus amhránaí as Rann na Feirste, leis an Dr Ann Buckley ó Choláiste na Tríonóide, agus leis na cantairí ó Schola Amra a chluinfimid anocht.”

Críoch

 

  

Nóta don eagarthóir maidir le clár na hoíche

  1. Cén Fáth Breith Cholmcille a Chomóradh? An Dr Brian Lacey

In 2020-21 beidh sé cothrom 1500 bliain ó rugadh Naomh Colmcille. Mar ‘cholm na cille’ chan é amháin gur mhúnlaigh sé na hinsintí den stair atá fite fuaite le chéile in Éirinn, in Albain agus i dtuaisceart Shasana, ach tá sé ina shiombail againn chomh maith anois ag am ina bhfuil teannas ag ardú. Tá an oidhreacht chultúrtha atá carntha in ainm an naoimh ar fud na n-oileán seo ollmhór, agus tá a buaicphointe i Leabhar Cheanannais. Tugadh onóir do Cholmcille i ríochtaí éagsúla Éireann, Alban agus thuaisceart Shasana sa mheánaois, agus tá baint nach beag aige le Baile Átha Cliath. Is féidir gur ina Bheatha, a scríobhadh fán bhliain 700, atá an tagairt is luaithe d’Áth Cliath, agus is féidir go raibh eaglais a bhí tiomnaithe dó ar an chnoc os cionn an átha sin mar a bhfuil Eaglais Naomh Audeon anois. Tháinig na Lochlannaigh chun na Críostaíochta faoi anáil mhanaigh Cholmcille in Inse Ghall, agus ba iad na Lochlannaigh go príomha a bhí ar chúl an spéis i gColmcille a athbheochan i mBaile Átha Cliath agus sa dúiche a bhí faoi anáil na Lochlannach thart timpeall air ón deichiú céad.

 

  1. Scéal agus amhránaíocht as Tír Chonaill faoi Naomh Colmcille ag an scéalaí agus amhránaí chlúiteach Gearóidín Bhreathnach as Rann na Feirste.

 

  1. Rogha cantaireachta do thráthanna Naomh Colmcille, an Dr Ann Buckley agus Schola Amra. Tionscadal oidhreachta Eorpach is ea Amra faoi dheabhóid na naomh Éireannach i liotúirge na meánaoise. Is í an Dr Ann Buckley (Ionad Taighde Stair na Meánaoise, Coláiste na Tríonóide) stiúrthóir Amra. Tá trí cinn is fiche d’institiúidí comhpháirtíochta ann i gceithre thír déag. Tá d’aidhm aige digitiú a dhéanamh ar a maireann de chantaireacht agus de shleachta léitheoireachta diaga atá sa Historia, an tsraith ceithre huaire fichead de shearmanais chráifeacha le haghaidh an trátha dhiaga a dhéantaí a cheiliúradh ar fhéile naoimh, agus an méid sin a chur ar fáil go neamhshrianta. Is iad cantairí Schola Amra ag an ócáid seo Andrew Dempsey, Louis O’Carroll, Patrick McGinley agus Daithí Ó Nuanáin.

 

 

Tuilleadh eolais

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175    

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie

Stádas: Choose Status

23 Bea
2019
Preasráitis

Breis agus 7,000 údar óg páirteach in Scríobh Leabhar 2018/19  

Ag ócáidí ar an 20 agus 21 Bealtaine 2019, in Ionad Oideachais Thrá Lí bronnadh gradaim ar roinnt den 1,352 páiste a cheap, a dhear agus a d’fhoilsigh leabhair dá gcuid féin i nGaeilge mar chuid den tionscadal Scríobh Leabhar de chuid Fhoras na Gaeilge i gCo. Chiarraí. Bhí an t-iar-imreoir CLG agus buaiteoir ‘Dancing with the Stars’ Aidan O’Mahony i láthair mar aoi speisialta ar an oíche lena n-éacht a cheiliúradh leis na páistí.

Ar an iomlán i mbliana, ghlac 120 scoil agus breis agus 7,000 páiste páirt sa tionscadal agus scríobhadh thart ar 4,000 leabhar. Beidh ócáidí eile ar aon dul leis an searmanas seo ar siúl i gceantair eile sna seachtainí amach romhainn mar cheiliúradh ar a bhfuil bainte amach ag daltaí óga ar fud na tíre. Eagraíonn Foras na Gaeilge an tionscadal Scríobh Leabhar i gcomhar le roinnt de na hIonaid Oideachais: Ionad Oideachais an Chláir, Ionad Oideachais Iarthar Chorcaí, Ionad Oideachais Bhaile Átha Cliath Thiar, Ionad Oideachais Chora Droma Rúisc, Ionad Oideachais Laoise, Ionad Oideachais Thrá Lí, Ionad Oideachais Chill Chainnigh, Ionad Oideachais Tacaíochta Chorcaí, Ionad na Múinteoirí i nGort an Choirce i nDún na nGall agus An tÁisaonad i mBéal Feirste.

Tá páirt glactha ag níos mó ná 50,000 dalta sa tionscadal Scríobh Leabhar ó cuireadh ar bun é sa scoilbhliain 2006/2007.  Ní hamháin go scríobhann na daltaí leabhair dá gcuid féin mar chuid den tionscadal seo, ach bíonn deis acu chomh maith scéalta le leanaí as scoileanna eile a léamh agus a phlé. Tugann sé deis spreagthach don pháiste a m(h)othúcháin a léiriú trí mheán na Gaeilge. Anuas air sin, cothaíonn sé comhoibriú idir pobail scoileanna agus cuirtear na daltaí ar an eolas faoin gcoincheap maidir le hathbhreithniú piaraí agus go háirithe cothaíonn sé cruthaitheacht agus cur chuige iomlánaíoch d'fhorbairt an pháiste. Bíonn ról lárnach ag na múinteoirí freisin sa tionscadal Scríobh Leabhar agus cuirtear cúrsa inseirbhíse ar fáil dóibh d'fhonn cuidiú leo cúnamh a thabhairt do na daltaí ina gcuid iarrachtaí. 

“Tugann tionscadal Scríobh Leabhar an deis do pháistí óga a gcumas, a gcruthaitheacht agus a ndíograis i leith na Gaeilge a léiriú ó aois an-óg. Tá sé mar aidhm ag Foras na Gaeilge go mbeadh deiseanna labhartha agus scríofa ag daoine óga agus tá an aidhm sin bainte amach go paiteanta ag Scríobh Leabhar. Is mór an méid atá bainte amach nuair a amharcann tú ar líon na bpáistí agus na scoileanna a ghlac páirt sa tionscadal ó cuireadh tús leis níos mó ná deich mbliana ó shin", a dúirt Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge. “Tá muid faoi chomaoin ag Ionad Oideachais Thrá Lí agus ag na hionaid ar fad as a bheith páirteach arís i mbliana. Tá ardmholadh tuillte ag na hionaid, chomh maith leis na páistí agus na múinteoirí as an fhás as cuimse atá tar éis teacht ar an tionscadal”, a dúirt sé.

 

Críoch

 

Tuilleadh eolais:

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175    

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie

 

Stádas: Choose Status

Cuir d'ainm ar ár liosta poist

Cuir d'ainm ar ár liosta poist leis an nuacht is déanaí maidir le Foras na Gaeilge a fháil.