Preasráitis

13 Már
2019
Nuacht, Preasráitis

TechFéile 2019

 

TechFéile 201

 

Déardaoin 14 Márta 2019, An Dubhlann, Gaillimh

Lá inspioráideach agus ceiliúrtha do dhaoine óga agus d’oideachasoirí a ghlacann páirt i gClár TechSpace.

Tá ócáid TechFéile á reáchtáil i mbliana don dara huair i nGaillimh an tseachtain seo, an 14 Márta 2019. Is leagan Gaeilge é TechFéile don ócáid Creative Tech Fest atá ar súil le roinnt blianta anuas ag TechSpace.  Is léiriú den ócáid TechFéile atá i gceist don bhliain seo, a bheidh bunaithe ar 20 ceardlann agus 10 gcomórtas. Beidh ceardlanna ar siúl faoi réimse ábhar éagsúil i saol na meán cumarsáide agus na teicneolaíochta; ina measc Ceardlanna Aimsire, Tráchtaireacht Spóirt, dearadh gréasáin, priontáil 3D agus Cluichí Ríomhaireachta.  Is deis iontach í do na scoileanna/ionad óige a gcuid stuif a chur ar thaispeántas agus is ceiliúradh é ar an sárobair atá á bhaint amach ag an aos óg san teicneolaíocht cruthaitheach. 

Tá TG4, Conradh na Gaeilge agus Camara Education Ireland ag obair i bpáirtnéireacht leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta chun an ócáid TechFéile a reáchtáil.  Tá an ócáid ar siúl sa Dubhlann agus é mar aidhm aici an chruthaíocht agus an teicneolaíochta a spreagadh i measc scoláirí óga Gaeltachta agus Gaelscoile ó cheann ceann na tíre. Tá súil le os cionn 200 dalta ó scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna atá mar pháirt den gclár TechSpace a bheith i láthair.

I measc na n-aoíanna ar an lá, beidh an réalt teilifíse Bláthnaid Ní Chofaigh ag labhairt agus beidh an banna ceoil Togra ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne agus Driseog ó Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal ag seinm.

Dúirt Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeilge, an Ghaeltacht agus do na hOileáin, Seán Kyne TD;

“Tá an-lúcháir orm go bhfuil an Clár TechSpace, mar atá ainmnithe anois, á chur i bhfeidhm go náisiúnta i mbliana.  Tá maoiniú bliantúil curtha ar fáil ag mo Roinn don chlár seo ó 2015 i leith.   Tá maoiniú de €419,108 ceadaithe don togra seo do 2019 agus maoiniú don ócáid Tech Féile mar chuid dó seo.  Is iontach spreagúil agus bródúil an ócáid í Tech Féile agus tá mé thar a bheith sásta go bhfuil ar chumas mo Roinne an ócáid seo a mhaoiniú arís i mbliana.  Is é seo an dara bliain a bheas Tech Féile ar siúl agus is iontach an deis í don aos óg a gcuid samhlaíochta agus cruthaitheachta a chur ar thaispeántas.  Tugann sé deis ar leith do dhaoine óga a scileanna i gcúrsaí teicneolaíochta agus ealaíne a chur chun cinn agus an Ghaeilge á úsáid acu.”

 

Tá an clár TechSpace á rith le 4 bliana anuas faoi scáth na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. https://www.techspace.ie/clartechspace

 

Déan teagmháil le TechFéile ag info@techspace.ie

Tá na sonraí uilig ag https://www.techspace.ie/tech-feile

 

Samhlaigh – Cruthaigh – Spreag 

CRÍOCH


Oifig Preasa agus Eolais

Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta
Teileafóin: 087 6737338 / (01) 631 3807 / 3803 / 3909 (díreach)
Ríomhphost: press.office@chg.gov.ie
Suíomh Gréasáin: www.chg.gov.ie
Twitter: @DeptAHG

Stádas: Choose Status

18 Ean
2019
Nuacht, Preasráitis

€95,864 ceadaithe do Scéim na bhFéilte 2019

Tá lúcháir ar Fhoras na Gaeilge a fhógairt go bhfuil deontais dar luach €95,864 ceadaithe do 42 fhéile a bheidh á reáchtáil le linn 2019 trí Scéim na bhFéilte 2019. Cheadaigh bord Fhoras na Gaeilge na deontais ag cruinniú boird an lae inniu.

Cuireann Scéim na bhFéilte maoiniú ar fáil d’fhéilte a bhfuil sé mar aidhm acu na healaíona Gaeilge, na healaíona dúchasacha agus oidhreacht na Gaeilge a chothú agus a chur chun cinn trí mheán na Gaeilge nó go dátheangach mar dhlúthchuid den fhéile. Tugann na féilte ardán náisiúnta agus idirnáisiúnta do na healaíona agus is mór an tionchar a bhíonn acu ar phobal na Gaeilge agus ar an mórphobal i gcoitinne.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Tá siad tábhachtach fosta mar dheis do phobal na Gaeilge ar fud na tíre gréasáin shóisialta a fhorbairt trí mheán na Gaeilge, agus do phobail a bheith á bhforbairt féin mar phobail ina mbíonn an Ghaeilge á húsáid ar bhonn rialta.”

Críoch

Tuilleadh eolais:

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie

Stádas: Choose Status

10 Ean
2019
Nuacht, Preasráitis

Nuashonrú mór ar ábhar an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge

Bheith istigh ag body shaming, single-use plastic, withdrawal agreement agus emergency accommodation den chéad uair

 

Rinne Foras na Gaeilge nuashonrú suntasach ar shuíomh an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge ar an Déardaoin 10 Eanáir. Mar chuid den obair atá ar siúl ar an leagan clóite den fhoclóir leasaíodh breis is 13,000 iontráil le bliain anuas, idir shlacht a chur ar iontrálacha, earráidí a cheartú agus chomhaid fuaime agus ghramadaí bhreise a chur le hiontrálacha.

Chomh maith leis na leasuithe thuas, tá breis is 100 iontráil/ciall nua curtha leis an bhfoclóir bunaithe ar chúrsaí reatha, anailís ar chuardaigh ar an suíomh (cuardaigh gan toradh, go háirithe), aiseolas/iarratais ó úsáideoirí, agus gnáthúsáid Bhéarla na hÉireann. I measc na n-iontrálacha agus na n-aonad céille nua a cuireadh leis an suíomh tá:

  • Cúrsaí reatha: backstop, burqa, shaming (body shaming), Eurosceptic, withdrawal agreement, homeless crisis, emergency accommodation, rough sleeper, homeless hub, single-use plastic, House of Commons, regulatory alignment, customs arrangement, hard border, soft border, frictionless economy, direct trade.
  • Cuardaigh agus iarratais ó úsáideoirí: craft beer, cutie, soakage, snowball fight, influencer, critical thinking, Dubai, carpool, sparkling water, pay gap, transformative.
  • Úsáid Bhéarla na hÉireann: to make strange with sb, quare, scutter, hames, to be sore on sb, cat (the weather’s cat), not the sharpest tool in the shed.

Tá líon na n-úsáideoirí ar líne ag méadú i gcónaí: sa bhliain 2018, thriall breis is 1.9 milliún úsáideoir ar foclóir.ie, agus táthar muiníneach go sárófar an 2 mhilliún úsáideoir in aghaidh na bliana gan mhoill.

Is é an Foclóir Nua Béarla-Gaeilge an príomhthionscadal foclóireachta atá idir lámha ag Foras na Gaeilge faoi láthair. Tá sé ar fáil saor in aisce ar líne agus mar aip, agus beidh sé ar fáil mar leabhar in 2020.

Faighimid aiseolas ón bpobal go rialta mar gheall ar an bhfoclóir, aiseolas a bhaineann leis an ábhar agus le feidhmiúlacht an tsuímh. Táimid an-bhuíoch de na daoine sin a chuireann an t-aiseolas luachmhar sin chugainn agus tá mórán leasuithe déanta againn san fhoclóir dá réir. Bí i dteagmháil linn ag aiseolas@focloir.ie.

Tuilleadh eolais: 

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175    

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie

Stádas: Choose Status

07 Nol
2018
Nuacht, Preasráitis

Os cionn €3 milliún de dheontais faofa ag bord Fhoras na Gaeilge ag cruinniú deireanach na bliana

Is cúis áthais d’Fhoras na Gaeilge a chur in iúl gur faomhadh os cionn €3 milliún de dheontais, i réimsí an raidió, na litríochta, na foilsitheoireachta, an phobail agus an oideachais ag an gcruinniú deireanach de chuid bhord Fhoras na Gaeilge le linn 2018. 

Ceadaíodh deontais do Raidió na Life (€720,000 thar thréimhse trí bliana) agus do Raidió Fáilte (£648,000 thar thréimhse trí bliana) faoin Scéim Raidió Pobail 2019-2021, a thacóidh leis an dá stáisiún sceideal craoltóireachta lán-Ghaeilge a chur ar fáil do phobal éisteachta logánta Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste.  Ceadaíodh deontais chun litríocht agus foilsitheoireacht na Gaeilge a chur chun cinn trí Scéim na dTionscadal Litríochta 2019 (€103,005) agus Scéim na Foilsitheoireachta (€674,574) a thacóidh le pleananna 13 chomhlacht foilsitheoireachta Gaeilge in 2019 lena n-áirítear Coiscéim, LeabhairCOMHAR agus Leabhar Breac.

I réimse an oideachais tá ceithre dheontas ar luach €80,524 ina n-iomláine, ceadaithe do Scéim na Scoláireachtaí 2019. Bronnfar na deontais ar thrí cheanneagraíocht: Conradh na Gaeilge (€38,541), Gael Linn (€28,305) agus Cumann na bhFiann (€3,678), chomh maith le Cumann an Phiarsaigh (€10,000), le deis a thabhairt do dhaoine óga, do dhaoine fásta agus do theaghlaigh freastal ar chúrsa Gaeltachta le linn 2019. Bhain 509 bhfoghlaimeoir, 421 duine óg, 24 dhuine fhásta agus 15 theaghlach leas as an scéim in 2018.

Ceadaíodh €120,000 don cheanneagraíocht Gael Linn leis an tionscadal Gaelbhratach a reáchtáil sna scoileanna arís in 2019. Scéim í seo atá á maoiniú ag Foras na Gaeilge agus á reáchtáil ag Gael Linn le tacaíocht ó Chonradh na Gaeilge agus ó Ghlór na nGael agus a thugann aitheantas fíorthábhachtach d’úsáid na Gaeilge i meánscoileanna agus i mbunscoileanna ar fud an oileáin. Bronnadh an Gaelbhratach ar 80 scoil in 2018 agus tá an scéim ag dul ó neart go neart ó seoladh é in 2014.

Faoin gCiste Infheistíochta do Bhunú Soláthar Réamhscolaíochta agus Cúram Leanaí bronnfar deontas dar luach £11,333 ar Naíscoil na Caille i gCathair Ard Mhacha le tacú leo seisiúin súgartha do pháistí a reáchtáil.

Faomhadh Straitéis Cholmcille 2019-2021 a leagann amach cuspóirí straitéiseacha le haghaidh 2019-2021 agus misean le cainteoirí Ghaeilge na hAlban agus na hÉireann a thabhairt le chéile. Faoi Scéim Deontas Cholmcille ceadaíodh £10,500 do Chlub Óige Luraigh le freastal ar Fhèis Eilean an Fhraoich i Leódhas le linn mhí Iúil agus Lúnasa 2019. Tabharfaidh an deontas deis do dhéagóirí agus oibrithe óige as Co. Dhoire dul go Leódhais, turas a chuirfidh go mór le feasacht an ghrúpa ar Ghaeilge na hAlban agus a dhaingneoidh an gaol idir iad agus lucht a gcomhaoise in Albain.

Faomhadh scéim nua dar teideal Scéim na Mor-Imeachtaí Ealaíon 2019 a dhíreoidh ar mhór-imeachtaí a bhfuil d’aidhm acu úsáid na Gaeilge a chur chun cinn sa phobal trí na healaíona teangabhunaithe Gaeilge. Lena chois sin, díreoidh an scéim ar na gréasáin shóisialta Ghaeilge, ar an mórphobal agus ar earnáil na n-ealaíon ar bhonn uile oileáin agus idirnáisiúnta.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Léiríonn raon leathan na ndeontas a cheadaigh Foras na Gaeilge inniu an bhrí agus an bheocht atá faoin Ghaeilge ag leibhéal an phobail thuaidh agus theas i ngach réimse den tsaol. Tá súil againn go gcuirfidh na deontais bonn bríomhar fuinniúil faoi fhorbairt na Gaeilge ag tús 2019, agus tréaslaím a ndíograis agus a ndua do na ghrúpaí uilig a fuair maoiniú uainn le linn 2018 agus atá ag ullmhú anois do 2019.”

Críoch

 

Nóta don eagarthóir:

  1. Scéimeanna maoinithe Fhoras na Gaeilge

Tá gach eolas maidir leis na scéimeanna maoinithe thíos atá ar oscailt faoi láthair ar fáil ar www.forasnagaeilge.ie/sceimeanna:

Fógrófar Scéim na Mor-Imeachtaí Ealaíon 2019 an tseachtain dar tús an 19 Nollaig 2018 ar an nasc thuas.

  1. Faoi Scéim na Scoláireachtaí 2019

Dáiltear Scéim na Scoláireachtaí faoi thrí chatagóir:

Catagóir

Eagraíocht

Scoláirí faoi 16, dírithe ar Thuaisceart Éireann amháin

Conradh na Gaeilge

Gael Linn

Cumann na bhFiann

Daoine fásta, dírithe ar dhaoine fásta ó thuaidh agus ó dheas 

Gael Linn

Teaghlaigh, dírithe ar theaghlaigh ó thuaidh agus ó dheas 

Cumann an Phiarsaigh

 

Is féidir teagmháil dhíreach a dhéanamh le Conradh na Gaeilge, Gael Linn, Cumann na bhFiann agus Cumann an Phiarsaigh le fiosruithe maidir leis an scéim seo.

Tuilleadh eolais: 

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175    

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie

 

Stádas: Choose Status

02 Sam
2018
Nuacht, Preasráitis

Comhchruinniú stairiúil le hÚdarás na Gaeltachta & €4.6M de dheontais faofa ag bord Fhoras na Gaeilge

Reáchtáladh comhchruinniú idir bord Fhoras na Gaeilge agus bord Údarás na Gaeltachta den chéad uair ag Oireachtas na Samhna 2018 i gCill Airne inniu. Ag an gcruinniú pléadh comhpháirtíocht reatha, tosaíochtaí na n-eagras, chomh maith le deiseanna féideartha comhpháirtíochta don todhchaí, i réimse na pleanála teanga ach go háirithe. Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “B’ócáid stairiúil agus fhíorthábhachtach comhchruinniú an lae inniu a thug deis don dá bhord stiúrtha deiseanna comhpháirtíochta a chíoradh. Is iad Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta an dá phríomheagras a mbeidh ról lárnach acu i gcur i bhfeidhm Plean Gníomhaíochta 2018-2022 don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus mar sin, beimid ag obair go dlúth le chéile le dlús a chur faoinár ngníomhaíochtaí sna cúig bliana amach romhainn.”

Is cúis áthais d’Fhoras na Gaeilge a chur in iúl gur faomhadh caiteachas os cionn €4.6M ag cruinniú boird de chuid Fhoras na Gaeilge a lean comhchruinniú an lae inniu. Chomh maith le deontais do Cheanneagraíochtaí Gaeilge, ceadaíodh deontas do Choláiste Ollscoile Naomh Muire i leith an Áisaonaid Lán-Ghaeilge, a chuireann áiseanna ar ardchaighdeán ar fáil do scoileanna ina dteagasctar na curaclaim agus siollabais trí Ghaeilge.

I réimse na meán, beidh tús á chur le hathbhreithniú ar réimse na meán Gaeilge in 2018 agus táthar ag súil leis an bpróiseas athbhreithnithe a tabhairt chun críche le linn 2019. Chuige sin, tá síneadh ama 12 mí tugtha do chonarthaí in earnáil na meán Gaeilge; Rua Media (NÓS), Comhar Teo. agus Tuairisc.ie go deireadh 2019.

Ag fáiltiú roimh chinntí an bhoird, dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Tá lúcháir orainn an tsuim mhór airgid a ceadaíodh inniu a fhógairt. Is é seo an sciar is mó a bheidh á cheadú as buiséad 2019. Tá na deontais a faomhadh inniu ag brath ar chinneadh na ranna urraíochta i leith maoiniú d’Fhoras na Gaeilge in 2019.”

Críoch

Tuilleadh eolais & grianghraif:

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175    

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie

Stádas: Choose Status

02 Sam
2018
Nuacht, Preasráitis

Athsheoladh focal.ie: Bunachar focal na Nua-Ghaeilge

Beidh an suíomh idirlín focal.ie á athsheoladh ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne mar chuid d'imeachtaí foclóireachta Fhoras na Gaeilge ag an bhféile. Suíomh tairsí nua, Stór Focal na Gaeilge Comhaimseartha, atá sa leagan nua seo de focal.ie, mar a liostaítear na focail go léir a fhaightear sna  príomhfhoinsí tagartha ó thús ré an Chaighdeáin Oifigiúil go dtí an lá atá inniu ann. Beidh an t-úsáideoir in ann cliceáil chun an fhianaise ábhartha go léir a fheiceáil in aon cheann de na foinsí sin.

"Is ar an nGaeilge amháin atáthar ag díriú in focal.ie," arsa Pádraig Ó Mianáin, Eagarthóir Foclóireachta Fhoras na Gaeilge. "Aon duine ar spéis leis focail na Gaeilge, beidh spéis aige san eolas cuimsitheach atá á chur i láthair anois ar an aon suíomh amháin – cad iad na focail atá in úsáid, cad iad na cialla atá leo, cá bhfuil siad le fáil, cá huair a tháinig siad i dtreis, srl. Is é focal.ie an suíomh foirfe dá leithéid, agus táimid an-sásta go mbeidh sé á sheoladh ag féile mhór phobal na Gaeilge."

Sa suíomh nua faightear innéacs de na focail Ghaeilge atá le fáil i sé phríomhfhoinse: an bunábhar Gaeilge in Foclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill, in tearma.ie, i mbunachar téarmaíochta gaois.ie, agus in An Foclóir Beag; mar aon leis na príomhaistriúcháin Ghaeilge atá san Fhoclóir Nua Béarla-Gaeilge (focloir.ie) agus in English-Irish Dictionary de Bhaldraithe. Chomh maith leis sin tugtar sonraí minicíochta na bhfocal go léir i Nua-Chorpas na hÉireann.

"Is réamhchéim é focal.ie d'fhorbairt na bhfoclóirí Gaeilge-Gaeilge agus Gaeilge-Béarla atá beartaithe ag Foras na Gaeilge nuair a bheidh an foclóir reatha i gcló in 2020," arsa Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge. "Tá a lán forbairtí spéisiúla a d'fhéadfaí a dhéanamh ar an suíomh amach anseo, mar shampla, liostaí ó na canúintí a chur leis nó naisc chuig foinsí ábhartha eile. Tá i gceist amach anseo, leis, deis sluapháirtíochta a thabhairt don phobal chun focail, cialla nó nótaí tráchta a chur leis an suíomh."

Tá Fiontar agus Ollscoil Chathair BÁC páirteach sa leagan nua seo de focal.ie chomh maith tríd an mbunachar téarmaíochta atá ag gaois.ie. Is comhpháirtíocht é seo atá le leas chách, a deir an tOllamh Ciarán Mac Murchaidh, Ceann Scoile Fiontar agus Scoil na Gaeilge, a dhéanfaidh an seoladh oifigiúil ag an Oireachtas. "Is tríd an téarmaíocht atá go leor d'fhocail nua na Gaeilge á gcumadh agus á gcur i gcúrsaíocht, agus is áis iontach don úsáideoir é an dá mhórshuíomh téarmaíochta a bheith taobh le taobh leis na suíomhanna foclóireachta. Ónár dtaobhna de, is deis eile é an suíomh nua seo chun acmhainní luachmhara gaois.ie a chur i lár an aonaigh leis na príomhfhoinsí Gaeilge eile."

 

Seolfar focal.ie ag 4.00 p.m. inniu sa Seomra Torc in Óstán Gleneagle, Cill Airne ag Oireachtas na Samhna 2018.

 

Déanfar sruthú beo ar an ócáid ar leathanach Facebook Fhoras na Gaeilge.

 

Tuilleadh eolais: Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175 

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie

Stádas: Choose Status

25 Dei
2018
Nuacht, Preasráitis

Camchuairt 2019 fógartha ag Foras na Gaeilge 

PREASEISIÚINT

Camchuairt 2019 fógartha ag Foras na Gaeilge 

25 Deireadh Fómhair 2018

 

Tá áthas ar Fhoras na Gaeilge sraith d’oícheanta eolais a fhógairt le scéimeanna maoinithe a bheidh ar fáil ón gcomhlacht thuaidh/theas don Ghaeilge in 2019 a chur chun cinn. Beidh an chéad cheann acu ar siúl ag Aonach an Oireachtais ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne ar an 2 Samhain.  Le linn na n-oícheanta roinnfidh Foras na Gaeilge eolas faoi obair na heagraíochta, a scéimeanna maoinithe agus na tacaíochtaí atá ar fáil. Beidh deis ag an bpobal aiseolas a thabhairt maidir le cur chun cinn na Gaeilge ina gceantar féin agus ceisteanna a chur.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Tá ceantair áirithe thuaidh agus theas aitheanta againn óna bhfuil líon na n-iarratas ar ár scéimeanna maoinithe éagsúla measartha íseal le blianta beaga anuas. Le dul i ngleic leis seo, eagraíodh camchuairteanna i míonna Feabhra agus na Samhna 2017 le labhairt le pobail sna ceantair seo agus é mar aidhm againn feasacht a ardú faoi na deiseanna maoinithe agus tacaíochtaí atá ar fáil dóibh. Ba mhór an tairbhe a bhain leis na seisiúin sin toisc gur roinn rannpháirtithe aiseolas luachmhar linn atá anois curtha san áireamh againn. Táimid ag súil go mór le dul i mbéal an phobail arís leis an dara camchuairt seo le scéimeanna maoinithe 2019 a chur faoina mbráid.”

I measc na scéimeanna a bheidh á bplé beidh Scéim na nImeachtaí Óige, Scéim na gCampaí Samhraidh agus scéimeanna scríbhneoireachta. Cuireann Foras na Gaeilge maoiniú ar fáil freisin i réimsí an ghnó, na n-ealaíon, na meán agus na foilsitheoireachta. Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Fhoras na Gaeilge, www.forasnagaeilge.ie/sceimeanna, le haghaidh liosta iomlán de na scéimeanna atá ar fáil.

Cuirfidh Foras na Gaeilge na seisiúin seo a leanas i láthair le linn na seachtainí seo romhainn:

 

Dáta

Baile

Ionad

Am

02/11/2018

Cill Airne, Co. Chiarraí

Aonach an Oireachtais, Oireachtas na Samhna, Gleneagle Hotel, V93 V6WF

15:00

07/11/2018

Cathair Chill Chainnigh

Springhill Court Hotel, R95 NX32

19:30

07/11/2018

An Chorr Chríochach, Co. Thír Eoghain

Burnavon Theatre, BT80 8DN

19:00

08/11/2018

Port Laoise, Co. Laoise

Maldron Hotel, R32 HKN3

19:30

14/11/2018

Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall

An Grianán Theatre, F92 RV1F

19:30

15/11/2018

Cathair Shligigh

Sligo Southern Hotel, F91 EW24

19:30

16/11/2018

Cathair na Gaillimhe

Tionól Forbartha Gaeloideachas, Clayton Hotel, H91 D526

16:15

* Críoch *

Faoi Fhoras na Gaeilge

Cuireadh Foras na Gaeilge ar bun faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta agus tá siad freagrach as na nithe seo a leanas

  • cur chun cinn na Gaeilge;
  • úsáid na Gaeilge a éascú agus a spreagadh sa chaint agus i scríbhinn, sa saol poiblí agus sa saol príobháideach sa Deisceart agus, i gcomhthéacs Chuid III den Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh, i dTuaisceart Éireann mar a mbeidh éileamh cuí ann;
  • comhairle a thabhairt don dá lucht riaracháin, do chomhlachtaí poiblí agus do ghrúpaí eile san earnáil phríobháideach agus san earnáil dheonach;
  • tionscadail tacaíochta a ghabháil de láimh, agus cúnamh deontais a thabhairt do chomhlachtaí agus do ghrúpaí de réir mar a mheasfar is gá;
  • taighde, feachtais fógraíochta, caidreamh poiblí agus caidreamh leis na meáin a ghabháil de láimh;
  • téarmaíocht agus foclóirí a fhorbairt;
  • tacú le hoideachas trí mheán na Gaeilge agus le múineadh na Gaeilge.

Tuilleadh eolais: 

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175    

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie

Colm Ó hArgáin, Ardoifigeach Feidhmiúcháin: Oideachas, Foras na Gaeilge.

Teil: 00353 1 639 8400

Ríomhphost: cohargain@forasnagaeilge.ie

Stádas: Choose Status

17 Dei
2018
Nuacht, Preasráitis

Ceiliúrann Foras na Gaeilge oifigigh Ghaeilge i gcomhairlí sa tuaisceart

Preaseisiúint

Ceiliúrann Foras na Gaeilge oifigigh Ghaeilge i gcomhairlí sa tuaisceart

 

Rinne Foras na Gaeilge, an comhlacht trasteorann ar a bhfuil freagracht as an Ghaeilge a chur chun cinn, ceiliúradh Dé Máirt an 9 Deireadh Fómhair 2018 ar na ceithre oifigeach Gaeilge nua-cheaptha i dtrí cheantar comhairle sa tuaisceart le páirtmhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge faoi Scéim na nOifigeach Gaeilge ag ócáid i Halla na Cathrach i mBéal Feirste. 

Tá Comhairle Bhéal Feirste i ndiaidh a gcéad oifigeach Gaeilge riamh a cheapadh de réir straitéis teanga na comhairle. Tá Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin i ndiaidh an dara hoifigeach Gaeilge acu a cheapadh agus tá dhá oifigeach Gaeilge ceaptha ag Comhairle Ceantair Fhear Manach agus na hÓmaí tríd an scéim reatha.

Tá naoi n-oifigeach Gaeilge i bpost faoi láthair i gcúig chomhairle ar fud an tuaiscirt, a bhfuil ceathrar acu maoinithe ag Foras na Gaeilge faoin scéim seo.

Chuir Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste, Suzanne Wylie, fáilte roimh na hoifigigh Ghaeilge nua agus aíonna chun na hócáide agus chuir sí béim ar an ról tábhachtach a imríonn an Ghaeilge in éagsúlacht teanga agus chultúrtha chathair Bhéal Feirste. D’fháiltigh sí roimh fhorbairtí atá déanta ag Comhairle Bhéal Feirste maidir le teangacha, go háirithe lainseáil straitéis teanga na comhairle 2018-2023, ag aithint na tacaíochta atá faighte ó Fhoras na Gaeilge.

Thug Leas-Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Edel Ní Chorráin, aitheantas do thábhacht stairiúil na hócáide, go háirithe do Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste ag ceapadh a gcéad oifigeach Gaeilge,  “Leis an Ghaeilge á plé go poiblí b’fhéidir níos mó ná riamh roimhe sa tuaisceart, tá deiseanna nua ag teacht chun cinn le spéis phoiblí sa Ghaeilge agus sa chultúr Gaelach ag méadú, agus leis seo tagann deiseanna nua.  Leis na deiseanna sin tagann, ar ndóigh, cuid dúshlán, ach cuirimid fáilte roimh na céimeanna atá déanta ag na comhairlí seo ag ceapadh oifigigh Ghaeilge.” 

Ag caint ag an ócáid chomh maith bhí an Dr David Mitchell, Ollamh Cúnta le Réiteach Coimhlinte agus Athmhuintearas i gColáiste na Tríonóide Baile Átha Cliath agus comhúdar Reconciliation through language learning? A case study of the Turas Irish language project in East Belfast, atá lonnaithe i mBéal Feirste. Ina iris cuireann sé béim ar na féidearthachtaí a bhaineann leis an Ghaeilge a bheith ina cúis le comhaontú i dTuaisceart Éireann:

Since language learning is naturally accompanied by encounter with the history of the language, it can open a space for the discovery of shared historical experiences, or revision of narrow or destructive understandings of history.

Ag an ócáid chéanna lainseáil Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge, i gcomhar leis an Choiste um Riarachán ar Cheartas, taighde ar an Ghaeilge i gcomhairlí áitiúla, lena n-áirítear Próifílí Teanga 2018, a chuireann síos ar an tsoláthar pobail, oideachais agus shóisialta i ngach ceann de na 11 chomhairle áitiúil. Agus é ag labhairt faoin taighde dúirt sé, “Léiríonn na Próifílí Teanga, a lainseáladh mar aguisín leis an taighde a d’fhoilsigh Conradh na Gaeilge inniu, cuid den obair iontach atá ar siúl maidir leis an Ghaeilge sna comhairlí áitiúla. Léiríonn siad chomh maith, áfach, bearnaí móra i dtacaíocht phobail agus i soláthar i gcuid de na comhairlí. Léiríonn an taighde go soiléir go bhfuil cuid comhairlí ann ar theip orthu a ndualgais a aithint nó a chur i bhfeidhm i leith na Gaeilge, mar a shonraítear sa dlí áitiúil agus idirnáisiúnta. Táimid ag iarraidh a bheith ag obair leis na comhairlí seo amach anseo, ag tarraingt ar chur chuige comhairlí eile maidir leis an chleachtas is fearr.”

Chuir Ardmhéara Bhéal Feirste, an Comhairleoir Deirdre Hargey, clabhsúr oifigiúil ar an ócáid agus d’athdhearbhaigh sí a tacaíocht leanúnach do Bhéal Feirste do chách agus í ag díriú ar chearta do gach saoránach sa chathair, lena n-áirítear cearta na mban ar chúram sláinte, cearta LADT agus cearta do Ghaeilgeoirí.

Críoch

Nóta don eagarthóir:

Faoi Scéim na nOifigeach Gaeilge

Trí Scéim na nOifigeach Gaeilge cuireann Foras na Gaeilge cómhaoiniú ar fáil do chomhairlí áitiúla sa tuaisceart le deis a thabhairt dóibh seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge agus le tacú leo cur chun cinn agus úsáid na Gaeilge a fhorbairt. Tá Foras na Gaeilge ag cómhaoiniú poist oifigeach Gaeilge sna comhairlí seo a leanas thar thréimhse 3 bliana na scéime reatha:

  • Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin: £44,774.50 mar chómhaoiniú do phost oifigigh Gaeilge.
  • Comhairle Cathrach Bhéal Feirste: £44,774.50 mar chómhaoiniú do phost oifigigh Gaeilge
  • Comhairle Ceantair Fhear Manach agus na hÓmaí: £44,774.50 mar chómhaoiniú do dhá phost oifigigh Gaeilge.

I measc na seirbhísí a chuirtear ar fáil tríd an scéim seo ó 2006 i leith tá: clár oiliúna Gaeilge d’oibrithe comhairle, clár ócáidí agus imeachtaí cultúrtha, comhairle agus tacaíocht d’oibrithe comhairle agus don phobal a éilíonn seirbhísí trí Ghaeilge agus seirbhísí aistriúcháin inmheánacha.

Tá faoi láthair cúig cheantar comhairle a bhfuil oifigigh Ghaeilge i bpost acu ó cuireadh tús leis an scéim:

  • Comhairle Cathrach Bhéal Feirste
  • Comhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin
  • Comhairle Ceantair Fhear Manach agus na hÓmaí
  • Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin*
  • Comhairle Lár Uladh

* Bhí oifigigh Ghaeilge Chomhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dún neamhspleách ar scéim Fhoras na Gaeilge.

Tuilleadh eolais:

Caoimhe Ní Chathail, Foras na Gaeilge: cnichathail@forasnagaeilge.ie │ 028 (048) 9089 0970

Grianghraif:

Jim Corr Photography

Stádas: Choose Status

23 Iúi
2018
Nuacht, Preasráitis

£210,000 ceadaithe do Mhisean Oirthear Bhéal Feirste don tionscadal Turas

Tá lúcháir ar Fhoras na Gaeilge a fhógairt go bhfuil deontas dar luach £210,000 ceadaithe do Mhisean Oirthear Bhéal Feirste leis an tionscadal Turas a fhorbairt thar thréimhse 3 bliana.

Bunaíodh Turas in 2012 leis an nGaeilge a chothú agus a chur chun cinn sa phobal Protastúnach, aontachtach agus dílseach ó thuaidh agus tá sé mar sprioc ag an tionscadal feasacht faoin nGaeilge a fhorbairt ar bhonn logánta, ag leibhéal an rialtais agus ag leibhéal trasteorann.

Tá plean forbartha cuimsitheach curtha le chéile ag Misean Oirthear Bhéal Feirste a dhíríonn go príomha ar fheasacht na Gaeilge a thógáil chomh maith le deiseanna foghlama agus cleachta a chruthú d’fhoghlaimeoirí leis an nGaeilge a fhorbairt i measc an phobail aontachtaigh in oirthear Bhéal Feirste agus ar fud Thuaisceart Éireann. Faoi láthair soláthraíonn Turas 14 rang Gaeilge do 200 foghlaimeoir chomh maith le seisiúin oidhreachta agus imeachtaí cultúrtha ar bhonn seachtainiúil.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge Sean Ó Coinn, “Tá an tionscadal seo ag athrú thírdhreach na Gaeilge ar fud an oileáin, go hairithe ó thuaidh, agus ag léiriú do phobal an oileáin nach bhfuil baint ag an Ghaeilge le dearcadh polaitiúil ná le féiniúlacht náisiúnta – gurb amhlaidh a bhaineann an Ghaeilge leis an oileán seo agus le pobal an oileáin.”

Dúirt Linda Ervine, Oifigeach Forbartha Thuras, “Is mór againn tacaíocht Fhoras na Gaeilge do Thuras agus beidh ar ár gcumas leanúint orainn ag cur Gaeilge faoi bhráid pobail nua agus foghlaimeoirí féideartha chomh maith le tacú lenár bhfoghlaimeoirí reatha trí dheiseanna a chur ar fáil dóibh a gcuid scileanna teanga a fheabhsú.”

Críoch

Nóta don Eagarthóir:

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi Turas agus faoi Mhisean Oirthear Bhéal Feirste anseo: https://www.ebm.org.uk/turas/

Tuilleadh eolais:

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175 Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie

Stádas: Choose Status

19 Iúi
2018
Nuacht, Preasráitis

Fógra scoir Chois Life agus na dúshláin in earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge

Ráiteas ó Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn maidir le fógra scoir Chois Life agus na dúshláin in earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge:

 

Is oth le Foras na Gaeilge fógra scoir Chois Life, comhlacht foilsitheoireachta a bhfuil ard-mholadh tuillte acu as a bhfuil bainte amach acu ó bunaíodh iad in 1995. Fágfaidh siad bearna san earnáil lena n-imeacht, nach mbeidh furasta a líonadh, nó bhí sainchúram ar leith déanta acu de chur chuige ar leith agus de réimse ar leith foilsitheoireachta. Ar ndóigh chuir saineolas agus taithí na stiúrthóirí go mór leis an chur chuige sin agus leis na tacaíocht a chuir siad ar fáil dá n-údair.

Aithníonn Foras na Gaeilge go bhfuil earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge an-leochaileach, mar atá earnáil na foilsitheoireachta i gcoitinne in Éirinn. Tá dúshláin go leor le sárú ag na foilsitheoirí Gaeilge, ar comhlachtaí beaga teaghlaigh a mbunús, agus gan ach duine nó beirt ag plé leo. Aithnímid fosta go bhfuil earnáil na leabhar an-iomaíoch faoi láthair go hidirnáisiúnta, agus go bhfuil deacrachtaí móra ann in earnáil na Gaeilge maidir le pobal léitheoireachta, siopaí leabhar, scríbhneoirí úra, foilsitheoireacht agus eagarthóireacht, gan trácht ach ar chuid de na dúshláin. Tá ciorruithe móra déanta ó thús na géarchéime eacnamaíochta ar mhaoiniú an stáit do Chlár na Leabhar Gaeilge, atá gearrtha ó €1.8m in 2008 go €1.06 in 2017, laghdú de os cionn €700,000. Níl aon amhras orainn go bhfuil seo ag dul i bhfeidhm ar earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge ar bhealach diúltach. Ach tá sé tábhachtach a aithint go bhfuil gníomhartha níos leithne de dhíth agus nach réiteoidh maoiniú breise amháin na dúshláin in earnáil na foilsitheoireachta. Tá súil ag Foras na Gaeilge cruinniú a shocrú le stiúrthóirí Chois Life agus le Cumann na bhFoilsitheoirí leis na dúshláin seo a chíoradh.

Cé go bhfuil feabhas i ndiaidh teacht ar chúrsaí margaíochta agus dáileacháin leabhar le blianta beaga anuas, tá an timpeallacht tráchtála do dhíol leabhar an-dúshlánach in earnáil na Gaeilge agus in earnáil an Bhéarla. Agus is cinnte go dtagann méadú suntasach ar chúrsaí riaracháin de réir mar a mhéadaítear ar líon na n-údar, líon na leabhar agus láimhseáil cúlstoic.

Tá Foras na Gaeilge i ndiaidh roinnt tionscnamh a bhunú le blianta beaga anuas le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin i gcomhar leis na foilsitheoirí, agus le haghaidh a thabhairt ar cheist na léitheoireachta i measc phobal na Gaeilge. Ach aithnímid fosta go bhfuilimid ag plé le ceist atá an-chasta mar atá ceist nósmhaireachtaí léitheoireachta i measc lucht mionteanga ar fud an domhain, agus go bhfuil réimse beart de dhíth le haghaidh a thabhairt ar cheist na léitheoireachta i measc idir óg agus aosta i bpobal na Gaeilge.

Agus muid ag aithint go bhféadfadh athruithe suntasacha tarlú in earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge sna 10 mbliana atá romhainn, beidh Foras na Gaeilge ag iarraidh an cheist seo a phlé go mion le Cumann na bhFoilsitheoirí,  leis an Rialtas ó dheas, agus le páirtithe leasmhara eile thuaidh agus theas idir seo agus deireadh na bliana, ach aithnímid nach bhfuil aon ghníomh suntasach amháin is féidir a dhéanamh leis an cheist chasta seo a réiteach.

Stádas: Choose Status

Cuir d'ainm ar ár liosta poist

Cuir d'ainm ar ár liosta poist leis an nuacht is déanaí maidir le Foras na Gaeilge a fháil.