Na hEalaíona

08 Fea
2019
Na hEalaíona

Scéim do Sholáthróirí Sainchúrsaí Oiliúna Gaeilge don Earnáil Phoiblí 2019 – 2021

Fáiltíonn Foras na Gaeilge roimh iarratais faoin Scéim do Sholáthróirí Sainchúrsaí Oiliúna Gaeilge don Earnáil Phoiblí, thuaidh agus theas, don tréimhse 2019-2021.

Díreoidh an scéim seo ar sholáthróirí sainchúrsaí oiliúna Gaeilge don earnáil phoiblí, le cabhrú leo seirbhísí a thairiscint do phobal na Gaeltachta agus do phobal na Gaeilge, agus le go mbeidh foireann na hearnála poiblí sa dhá dhlínse in ann freastal cuí a dhéanamh ar an bpobal céanna.

Léigh níos mó

Spriocdháta

Faoi 12 meán lae Dé hAoine an 8 Feabhra 2019

Tuilleadh eolais agus foirmeacha iarratais

Earnáil Phoibí agus na hEalaíona

Foras na Gaeilge

63-66 Sráid Amiens

Baile Átha Cliath

D01 H275

Léigh níos lú

 

Stádas: DÚNTA

23 Ean
2019
Nuacht, Na hEalaíona

Scéim na Mór-Imeachtaí Ealaíon 2019

Díríonn an scéim seo ar mhór-imeachtaí a bhfuil d’aidhm acu an Ghaeilge agus na healaíona teangabhunaithe Gaeilge a chothú agus a chur chun cinn trí mheán na Gaeilge nó go dátheangach mar dhlúthchuid de mhór-imeacht. Lena chois sin díríonn an scéim seo ar na gréasáin shóisialta Ghaeilge, ar an mórphobal agus ar earnáil na n-ealaíon ar bhonn uile-oileáin agus go hidirnáisiúnta.  

Beidh Scéim na Mór-Imeachtaí Ealaíon oscailte do ghrúpaí gairmiúla cuí chun deis a thabhairt dóibh forbairt a dhéanamh ar mhór-imeachtaí ealaíon nó ar ghnéithe de mhór-imeachtaí ealaíon atá á reáchtáil agus á gcur i bhfeidhm trí mheán na Gaeilge nó a bhfuil na healaíona teangabhunaithe Gaeilge mar chuid lárnach díobh.

Léigh níos mó

Cáipéísí:

Critéir & Tuilleadh Eolais

Application Form

Spriocdháta: 12 Meánlae an 23 Eanáir 2019

Léigh níos mó

Stádas: DÚNTA

19 Dei
2018
Na hEalaíona

Scéim na gCompántas Drámaíochta 2019

Beidh Scéim na gCompántas Drámaíochta oscailte do ghrúpaí drámaíochta amaitéaracha agus proifisiúnta, grúpaí nua-bhunaithe san áireamh, ar mian leo drámaí Gaeilge nó dátheangacha a léiriú timpeall na tíre.

Léigh níos mó

Díríonn an scéim seo ar chompántais drámaíochta Gaeilge a bhfuil sé mar aidhm acu drámaíocht na Gaeilge a chothú, a fhorbairt, agus a chur ar fáil d’earnáil na n-ealaíon, do phobal na Gaeilge, don mhórphobal, agus don earnáil oideachais. Lena chois sin, is ar fhorbairt pobail freastail agus féachána imeachtaí drámaíochta a dhíríonn an scéim seo.

Spriocdháta: 12 meán lae an 19 Deireadh Fómhair 2018

Cáipéisí:

Treoirlínte agus Critéir Scéim na gCompántas Drámaíochta 2019

Foirm iarratais Scéim na gCompántas Drámaíochta 2019 

Tabhair faoi deara go gcaithfidh gach iarratasóir an seicliosta um chumhdach cuí a chur isteach leis an iarratas, tá na seicliostaí ar fáil thíos:

Seicliosta Cumhdach leanaí_Ó Thuaidh

Seicliosta Cumhdach leanaí_Ó Dheas 

Léigh níos mó

 

Stádas: DÚNTA

12 Dei
2018
Na hEalaíona

Scéim na bhFéilte 2019

Beidh Scéim na bhFéilte oscailte do ghrúpaí áitiúla cuí chun deis a thabhairt dóibh forbairt a dhéanamh ar fhéilte ealaíon nó ar eilimintí d’fhéilte atá á reáchtáil agus á gcur i bhfeidhm trí mheán na Gaeilge nó a bhfuil na healaíona Gaeilge mar chuid lárnach díobh.

Léigh níos mó

Díríonn an scéim seo ar fhéilte a bhfuil d’aidhm acu an Ghaeilge, na healaíona Gaeilge, na healaíona dúchasacha agus oidhreacht na Gaeilge a chothú agus a chur chun cinn trí mheán na Gaeilge nó go dátheangach, mar dhlúthchuid den fhéile, agus ardán a chur ar fáil do phobal na Gaeilge, don mhórphobal agus d’earnáil na n-ealaíon.

Spriocdháta: 12 meán lae an 12 Deireadh Fómhair 2018

Cáipéisí:

Treoirlínte agus Critéir Scéim na bhFéilte Gaeilge 2019

Foirm Iarratais Féilte 2019

Tabhair faoi deara go gcaithfidh gach iarratasóir an seicliosta um chumhdach cuí a chur isteach leis an iarratas, tá na seicliostaí ar fáil thíos:

Seicliosta Cumhdach leanaí_Ó Thuaidh

Seicliosta Cumhdach leanaí_Ó Dheas 

Léigh níos mó

Stádas: DÚNTA

08 Nol
2017
Na hEalaíona

Scéim na gComplachtaí Drámaíochta 2018

Díríonn an scéim seo ar Chomplachtaí Drámaíochta Gaeilge a bhfuil mar aidhm acu drámaíocht na Gaeilge a chothú, a fhorbairt, agus a chur ar fáil d’earnáil  na n-ealaíon, do phobal na Gaeilge, don mhórphobal, agus don earnáil oideachais.

Stádas: DÚNTA

01 Nol
2017
Na hEalaíona

Scéim na bhFéilte 2018

Díríonn an scéim seo ar fhéilte a bhfuil mar aidhm acu na healaíona Gaeilge, na healaíona dúchasacha agus oidhreacht na Gaeilge a chothú agus a chur chun cinn trí mheán na Gaeilge nó go dátheangach, mar dhlúthchuid den fhéile, agus ardán a chur ar fáil go hidirnáisiúnta, do phobal na Gaeilge, don mhórphobal agus d’earnáil na n-ealaíon.

Léigh níos mó

Spriocdháta:  12.00 meánlae, Dé hAoine, 1 Nollaig 2017

Cáipéisí:

Treoirlínte 7 Critéir Gaeilge 2018

Foirm-Scéim-na-bhFeilte - 2018

Treoirlínte 7 Critéir Béarla 2018

Léigh níos mó

Stádas: DÚNTA

20 Ean
2017
Na hEalaíona

Scéim na gComplachtaí Drámaíochta

Díríonn an scéim seo ar Chomplachtaí Drámaíochta Gaeilge a bhfuil mar aidhm acu drámaíocht na Gaeilge a chothú, a fhorbairt, agus a chur ar fáil d’earnáil  na n-ealaíon, do phobal na Gaeilge, don mhórphobal, agus don earnáil oideachais.

Léigh níos mó

Spriocdháta:  12.00 meánlae, Dé hAoine, 20 Eanáir 2017

Cáipéisí:

Foirm Iarratas Scéim na gComplachtaí Drámaíochta 2017

Critéir Scéim na Complachtaí 2017

Léigh níos lú

Stádas: DÚNTA

07 Nol
2016
Na hEalaíona

Scéim na bhFéilte 2017

 

Díríonn an scéim seo ar fhéilte a bhfuil mar aidhm acu na healaíona Gaeilge, na healaíona dúchasacha agus oidhreacht na Gaeilge a chothú agus a chur chun cinn trí mheán na Gaeilge nó go dátheangach, mar dhlúthchuid den fhéile, agus ardán a chur ar fáil go hidirnáisiúnta, do phobal na Gaeilge, don mhórphobal agus d’earnáil na n-ealaíon.

Léigh níos mó

Spriocdháta:  12.00 meánlae, Dé hAoine, 27 Eanáir 2017

Cáipéisí:

Foirm Iarratas agus Critéir Scéim na bhFéilte 2017

Léigh níos mó

Stádas: DÚNTA

08 Fea
2016
Na hEalaíona

Scéim na bhFéilte

Díríonn an scéim seo ar fhéilte a bhfuil mar aidhm acu na healaíona Gaeilge, na healaíona dúchasach agus oidhreacht na Gaeilge a chothú agus a chur chun cinn trí mheán na Gaeilge nó go dátheangach, mar dhlúthchuid den bhféile, agus ardán a chur ar fáil go hidirnáisiúnta, do phobal na Gaeilge, don mhórphobal agus d’earnáil na n-ealaíon.

Léigh níos mó

Tá Scéim na bhFéilte 2016 dúnta.

Tuilleadh eolais sna cáipéisí thíos:

Foirm Scéim na bhFeilte 2016

Léigh níos lú

Stádas: DÚNTA

08 Fea
2016
Na hEalaíona

Scéim na gComplachtaí Drámaíochta

Díríonn an scéim seo ar Chomplachtaí Drámaíochta Gaeilge a bhfuil mar aidhm acu drámaíocht na Gaeilge a chothú, a fhorbairt, agus a chur ar fáil d’earnáil na n-ealaíon, do phobal na Gaeilge, don mhórphobal, agus don earnáil oideachais.

Léigh níos mó

Tá Scéim na gComplachtaí Drámaíochta 2016 dúnta.

Tuilleadh eolais sna cáipéisí thíos:

Foirm Scéim na gComplachtaí 2016

Léigh níos lú

Stádas: DÚNTA

Cuir d'ainm ar ár liosta poist

Cuir d'ainm ar ár liosta poist leis an nuacht is déanaí maidir le Foras na Gaeilge a fháil.