Nuacht

23 Mei
2017
Nuacht

Edel Ní Chorráin ceaptha mar Leas-Phríomhfheidhmeannach/ Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais ar Fhoras na Gaeilge

D’fháiltigh bord Fhoras na Gaeilge roimh an bhfógra go bhfuil Edel Ní Chorráin ceaptha mar Leas-Phríomhfheidhmeannach/Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais ar Fhoras na Gaeilge. Ag labhairt dó inniu, dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Ba mhaith liom a ceapachán a thréaslú le Edel agus tá mé féin agus an fhoireann ag súil go mór le bheith ag obair léi ina ról nua. Is post ríthábhachtach é an post seo, agus cé go mbeidh Edel lonnaithe in oifig Fhoras na Gaeilge i mBéal Feirste, beidh cúraimí an oideachais uirthi don tír ar fad le linn ama atá cinniúnach i réimse an oideachais i dtaca leis an Ghaeilge de. Beidh Edel ag tabhairt réimse scileanna agus taithí léi isteach sa phost ó na tréimhsí atá caite aici mar mhúinteoir agus mar riarthóir i réimse an oideachais.”

Rachaidh Edel i mbun a cuid cúraimí mar Leas-Phríomhfheidhmeannach/Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais ar Fhoras na Gaeilge in oifigí Bhéal Feirste i lár mhí Lúnasa.

 

Nóta beathaisnéise: Edel Ní Chorráin

I nGarastún i gCo. Fhear Manach, a tógadh Edel Ní Chorráin. Is céimí de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh í (BA sa Ghaeilge agus Matamaitic). D’fhreastail sí ar Ollscoil na Ríona, Béal Feirste, áit ar bhain sí Teastas Iarchéime san Oideachas agus M.Sc sna hIlmheáin  Oideachais amach. Chaith Edel tréimhsí éagsúla ag múineadh i gColáiste Feirste i mBéal Feirste, i gCholáiste Chineál Eoghain i gCo. Dhún na nGall agus mar Eagarthóir Cúnta le Foras na Gaeilge. Ceapadh í mar Bhainisteoir Oideachais don Ghaeloideachas, Iar-bhunscolaíocht, le Comhairle Curaclaim, Scrúdúcháin agus Measúnaithe (CCEA) in 2012 agus le linn na tréimhse sin bhí sí freagrach as acmhainní a sholáthar don earnáil iar-bhunscolaíochta lán-Ghaeilge ó thuaidh, acmhainní ar líne ina measc.

Stádas: Choose Status

16 Mei
2017
Nuacht

Spotsolas - An tÁisaonad

Cúlra
D’fhás an tÁisaonad ó earnáil na Gaelscolaíochta féin. Thosaigh sé i scoil, ach ón bhliain 1998 tá sé lonnaithe i gColáiste hOllscoile Naomh Muire, Béal Feirste. Tá sainról ag An Áisaonad freastal ar riachtanais daltaí Gaelscolaíochta, go príomha mar a bhaineann siad leis an churaclam ó thuaidh, an t-aon eagraíocht a bhfuil an sainról sin aici.

Tá an lán d’acmhainní an Áisaonaid ar fáil ar líne

Roimh a bhunú, bhí géarghá le leabhair scoile den chéad scoth. Go dtí sin ní raibh d’acmhainní ar fáil ach fótachóipeanna agus ábhair lámhdhéanta.
Anois, tá rogha an-leathan d’acmhainní ar fáil ag an Áisaonad, idir leabhair, chluichí, áiseanna ar líne agus ábhar tacaíochta a fhreastalaíonn ar riachtanais an tumoideachais i ngach cearn den tír agus ag gach leibhéal. Chomh maith leis sin, déanann an tÁisaonad taighde ar na háiseanna maidir lena bhfóirsteanacht don tumoideachas lán-Ghaeilge.

Múinteoirí
Cuireann an tÁisaonad béim ar leith ar a chaidreamh le múinteoirí. Bíonn fócasghrúpaí aige do mhúinteoirí ó aoisghrúpaí éagsúla. Bíonn ionadaithe na bhfócasghrúpaí ar an Choiste Comhairliúcháin a chuireann comhairle ar an Áisaonad. Déantar dréachtaí d’acmhainní nua a thriail sna scoileanna agus tugann múinteoirí aiseolas sula gcuirtear i gcló iad. Lena chois sin, eagraíonn an tÁisaonad ceistneoirí, comhdhálacha agus ceardlanna le tuairimí na múinteoirí a bhailiú agus le riachtanais a mheas.

Buail isteach chuig an oifig leis an réimse a fheiceáil

Acmhainní
Thar na blianta tá a lán tionscadal nuálach forbartha ag an Áisaonad. Ina measc seo tá an Clár Luathléitheoireachta (Cleite), Mata Bunscoile Collins, 49 leabhar mhóra (cuid acu le ceol) cuid leabhar léitheoireachta do gach leibhéal, agus a lán eile nach iad. Faoi láthair, soláthraíonn an tÁisaonad seirbhís nuachta ar líne do Ghael-scoileanna ó thuaidh tríd an chóras C2K – an Seomra Nuachta. Gach lá, cuirtear alt tarraingteach idirghníomhach le chéile do dhaltaí scoile. Tá a lán gnéithe eile ann, mar shampla, Fillteáin Fíricí (ciclipéid), físeáin, puzail agus comórtais.

An Clár Luathléitheoireachta
Tá an Clár Luathléitheoireachta (CLEITE) ar cheann de na tionscadail is rathúla a bhí againn. Is clár struchtúrtha é a chuimsíonn léitheoireacht faoi threoir agus na scileanna atá de dhíth. Rinneadh é a fhorbairt i gcomhar le COGG a thacaigh fosta leis an oiliúint a cuireadh ar fáil. Tá 60 leabhar i ngach banda agus tá 3 bhanda ar fáil. Faoi láthair, tá an tÁisaonad ag forbairt clár léitheoireachta don chéad aoisghrúpa eile.
Tuilleadh eolais: http://www.stmarys-belfast.ac.uk/aisaonad/CLL/

Cuirtear béim ar oiliúint

Oiliúint
Is cuid lárnach d’obair an Áisaonaid go gcuireann sé oiliúint ar fáil do mhúinteoirí ar an dóigh is fear lena chuid áiseanna a úsáid. Déantar sin trí chuairteanna ar scoileanna, laethanta oiliúna in ionaid lárnacha nó trí fhíseáin a chur ar fáil ar líne.

Sonraí teagmhála
Tá gach eolas faoin Áisaonad, mar aon le hábhar tacaíochta, ar fáil ar ár suíomh gréasáin, www.aisaonad.org. Thig leat scairt a chur orainn (+44) (0)28 90243864 nó bualadh isteach chuig an oifig againn i gColáiste Ollscoile Naomh Muire, trasna an bhealaigh ó Chultúrlann McAdam Ó Fiaich i gcroílár na Ceathrún Gaeltachta in iarthar Bhéal Feirste.

Is féidir dul i dteagmháil le gach ball den fhoireann:

Bainisteoir: Ciarán Ó Pronntaigh ciaran@aisaonad.org
Comhairleoir Oideachais: Jacqueline de Brún jacai@aisaonad.org
Eagarthóir: Gabhán Ó Dochartaigh gabhan@aisaonad.org
Teicneoir: Colm Mac Aindreasa colm@aisaonad.org
Riarthóir: Ciarán Ó Dornáin cod@aisaonad.org

Nó tabhair cuairt ar ár leathanach facebook leis an eolas is déanaí a fháil.

Tá na céadta leabhar gleoite ar fáil ón Áisaonad

Ordú
Tá ár bpraghasliosta ar fáil here http://www.stmarys-belfast.ac.uk/aisaonad/Reicneoir/Praghasliosta.pdf

Thig leat do bhille a oibriú amach anseo: http://www.stmarys-belfast.ac.uk/aisaonad/Reicneoir/reicneoir.html

Is féidir ordú a dhéanamh trí ghlao gutháin nó trí ríomhphost (ordu@aisaonad.org)

Cuir glao orainn am ar bith má tá ceist ar bith agat faoinár gcuid acmhainní.

Stádas: Choose Status

12 Mei
2017
Nuacht

Nóta comhbhróin

Is le croí trom a chualamar go bhfuair Domhnall Mac Síthigh (Danny Sheehy) bás tar éis timpiste farraige sa Spáinn Dé hAoine. B’fhile, staraí, gníomhaí teanga agus bádóir é Danny a bhí ina bhall dílis den Choiste Téarmaíochta le blianta, agus aireoimid uainn é. Ár gcomhbhrón lena bhean Máire, a mbeirt iníon Orla agus Róisin, a mac Cormac agus lena ghaolta ar fad. Ar dheis Dé go raibh a anam uasal.

Domhnall Mac Síthigh (Danny Sheehy)

 

Stádas: Choose Status

04 Bea
2017
Nuacht

Tá eagrán speisialta dar teideal Éire curtha amach ag an iris liteartha Fhreaslannach Ensafh

Tá eagrán speisialta dar teideal Éire (Ireland) (2017, uimh. 1) curtha amach ag an iris liteartha Fhreaslannach Ensafh agus istigh ann tá aistriúcháin Freaslainnise de dhánta agus scéalta, agus bunsaothar Freaslannach spreagtha ag Éirinn. Tá na haistriúcháin déanta ar shaothar scríofa i mBéarla agus i nGaeilge ag scríbhneoirí Éireannacha.

Is é an scríbhneoir Éireannach is cáiliúla san eagrán seo an file Patrick Kavanagh (1904-1967). Tá ceithre cinn dá dhánta aistrithe ag Eppie Dam agus Jantsje Post ó Bhéarla go Freaslainnis agus tá intreoir dá shaothar scríofa ag Post. San áireamh chomh maith tá filíocht de chuid dhá fhile óga ó Chorcaigh, Ailbhe Ní Ghearbhuigh agus Billy Ramsell, aistrithe go Freaslainnis ag André Looijenga.

Ba é a spreag an smaoineamh an t-eagrán seo de Ensafh a dhéanamh, a dhíríonn ar Éirinn, ná teagmháil idir na heagarthóirí agus Réaltán Ní Leannáin, an scríbhneoir Éireannach a chuir i gcrích socrúchán liteartha ocht seachtaine in Leeuwarden in 2016 mar chuid den chlár malairte liteartha Focail Eile. Scríobhann Réaltán, arb as Béal Feirste di agus a chónaíonn i mBaile Átha Cliath, prós agus filíocht i nGaeilge. Tá dhá cheann dá scéalta, aistrithe ag Janneke Spoelstra agus Hedwig Terpstra, san áireamh san eagrán seo. Tá ceithre cinn de dhánta Janneke Spoelstra aistrithe go Gaeilge ag Réaltán chomh maith.

Tá an t-ábhar maidir le hÉirinn scríofa ag Edwin de Groot (dán faoin nGorta Mór agus faoi theanga agus faoi litríocht na Gaeilge).

Tá intreoir bheag ar litríocht na Gaeilge scríofa ag Réaltán freisin agus cuireann André Looijenga an Ghaeilge i láthair do dhaoine taobh amuigh d’Éirinn.

Tá de rún ag Ensafh gné-ailt speisialta eile ar theangacha neamhfhorleathana Eorpacha a chur ar fáil. Díreoidh an chéad cheann eile ar Mhálta agus tá eagráin beartaithe do Thír na mBascach, an Mhacadóin agus an Fhreaslainn thuaidh.

Stádas: Choose Status

21 Aib
2017
Nuacht, Preasráitis

Próiseas Comhairliúcháin: Athbhreithniú ar Mhaoiniú d’Ionaid Ghaeilge

Tá próiseas comhairliúcháin á reáchtáil ag Foras na Gaeilge le tuairimí a lorg faoin mbealach is fearr chun tacaíocht a chur ar fáil d’ionaid Ghaeilge ar fud an oileáin. Mairfidh an próiseas comhairliúcháin as seo go dtí an 22 Meitheamh 2017.

Tá Foras na Gaeilge ag iarraidh thuairimí an phobail, agus é mar aidhm aige freastal níos straitéisí agus níos leithne a dhéanamh ar ionaid Ghaeilge eile atá ag teacht chun cinn ó thuaidh agus ó dheas. Cé nach bhfuil aon scéim ag Foras na Gaeilge faoi láthair le freastal ar ionaid Ghaeilge tá deontas bliantúil á chur ar fáil do Chultúrlann McAdam Ó Fiaich i gCathair Bhéal Feirste agus do Ghaeláras Uí Chanáin i gCathair Dhoire. Go deireadh 2016, tá infheistíocht maoinithe os cionn €6,143,500 nó £4,490,395 curtha ar fáil don dá mhór-ionad Gaeilge ag Foras na Gaeilge thar na blianta. Tá luach de £223,000 de mhaoiniú bliantúil á chur ar fáil ag Foras na Gaeilge don dá ionad Gaeilge faoi láthair.

Ag labhairt dó inniu ar fhógairt an phróisis, dúirt Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge “Tugann taighde le fios dúinn, má bhíonn ‘spás sábháilte’ ar fáil ag daoine a labhraíonn mionteanga go gcuireann sin go mór le húsáid na Gaeilge sa phobal.  Aithníonn an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 an tábhacht a bhaineann le timpeallacht faoi leith a chothú do phobal labhartha na Gaeilge agus ról an ionaid Ghaeilge mar institiúid leis an ‘spás sábháilte’ a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge i gceantair éagsúla. Is gné ríthábhachtach de phrionsabail na pleanála teanga é an gréasán sóisialta, tá ról lárnach ag ionaid Ghaeilge chun deiseanna úsáidte do phobail na Gaeilge a spreagadh laistigh de thimpeallacht shóisialta, agus ba mhaith linn tuairimí an phobail a fháil ar an bhealach is fearr leis sin a dhéanamh.”

Ba mhaith le Foras na Gaeilge tuairimí a fháil ón bpobal ar na ceithre rogha éagsúla atá leagtha amach sa doiciméad comhairliúcháin, agus iarrtar tuairimí, go háirithe, ó ghrúpaí maoinithe reatha, ó dheontaithe faoi scéimeanna éagsúla Fhoras na Gaeilge chomh maith le tuairimí na 6 Cheanneagraíocht ar na roghanna éagsúla agus ar fhorbairt scéim nua d’ionaid Ghaeilge, trí aighneachtaí scríofa agus teagmháil leanúnach.

Tá sonraí agus doiciméad comhairliúcháin an phróisis ar fáil ag an nasc seo. Foilseofar toradh an phróisis agus achoimre freagairtí ar shuíomh gréasáin Fhoras na Gaeilge, www.forasnagaeilge.ie, san fhómhar 2017.

 

Tuilleadh eolais:

Comhordaitheoir Freagairtí

Foras na Gaeilge

2-4 Sráid na Banríona

Béal Feirste, BT1 6ED

Teil: 0044 2890 890970

Ríomhphost: ionaid@forasnagaeilge.ie

 

Comhordaitheoir Freagairtí

Foras na Gaeilge

7 Cearnóg Mhuirfean

Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353 1 639 8400

Ríomhphost: ionaid@forasnagaeilge.ie

 

Fiosruithe ó na meáin:

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175    

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie

Stádas: Choose Status

11 Aib
2017
Nuacht, Preasráitis

Diarmuid de Faoite roghnaithe le dul chun na Macadóine le linn an tsamhraidh

Tá lúcháir ar Fhoras na Gaeilge a fhógairt go bhfuil Diarmuid de Faoite roghnaithe acu le seal a chaitheamh sa Mhacadóin mar chuid den tionscadal Focail Eile sa samhradh i mbliana. Beidh Diarmuid lonnaithe in Bitola thall. Díreoidh sé ar a shaothar scríbhneoireachta, beidh sé ag coinneáil blag agus beidh sé páirteach in imeachtaí a bhaineann le mionteangacha, an Mhacadóinis go háirithe, nuair a bheas sé ann.

Is aisteoir, scríbhneoir, stiúrthóir agus drámateiripeoir é Diarmuid, é ina mhúinteoir drámaíochta freisin ag gach leibhéal oideachais agus san earnáil phroifisiúnta chomh maith. I measc a chuid drámaí scríofa tá Pádraic Ó Conaire, Paris Texas (leagan stáitse Dhiarmada den scannán) agus Foxy Jack – Giolla Éireann (i gcomhpháirt le Seán Ó Tarpaigh).

 In 2016 bhí sé le feiceáil in Macalla 1916 agus Seachtar Fear – Seacht Lá/Seven Men – Seven Days do Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, Death Row Memoirs of an Extra Terrestrial do Music for Galway, Foxy Jack - Giolla Éireann do Ghnó Mhaigh Eo/Féile Ealaíne Chathair na Mart agus The Playboy of the Western World – The Musical d'Amharclann na Cathrach, Gaillimh.

D'oibrigh Diarmuid leis an iliomad comhlachtaí teilifíse ach tá aithne air den chuid is mó mar Phádraic Ó Conaire in Pádraic – an Fear, Jack in Ros na Rún agus Cathal in Corp agus Anam. Scríobh agus stiúraigh sé an chéad choimisiúnú drámaíochta de chuid TG4, Une Histoire d'Amour. 

Páirt an Chaptaein atá aige san fhadscannána a eiseofar in 2017 Pilgrimage. Scríobh Diarmuid an dráma raidió Pádraic do BBC NI, craoladh a leagan ceoldráma de The Playboy of the Western World – a Radio Musical i gcompháirt le Justin Mc Carthy ar RTÉ agus scríobh agus thaifead sé sraith scéalaíochta sé pháirt déag, Tuatha Dé Danainn, do Raidió na Gaeltachta le déanaí.

Bhí sé le cloisteáil in Duairceán agus Casadh an tSúgáin do RTÉ agus Hairs and Races do Galway Bay FM. Chuir sé eagar ar Rogha Scéalta le Pádraic Ó Conaire (Cló Iar Chonnacht 2008) agus le deireanas d’aistrigh sé Seacht mBua an Éirí Amach/Seven Virtues of the Rising (Arlen House, 2016). Scríobh sé na gearrscéalta Never Smile at a Crocodile (Crannóg Magazine) agus Bealtaine (The Irish Times) agus tá dánta leis foilsithe in Feasta, The Galway Review agus North by Northwest Words.

Ainmníodh Diarmuid i gcomhair IFTA dá ról mar Chathal in Corp agus Anam i 2012, bhuaigh sé gradam an aisteora is fearr ag Gradaim na Meán, 2011, gradam an chláir faisnéise is fearr dá chlár, Pádraic - an Fear in éindí le Johnny White ag Féile na Meán Ceilteach 2008 agus gradam Stewart Parker dá dhráma, Pádraic Ó Conaire, 2002. Bhuaigh The Playboy of the Western World - a Musical for Radio bonn cré-umha ag an New York Festival's World's Best Radio Programs do agus bonn airgid ag na Gradaim PPI.   

Tuilleadh eolais ar fáil ar www.focaileile.ie agus focaileile@forasnagaeilge.ie

 

Stádas: Choose Status

07 Aib
2017
Nuacht, Preasráitis

Idir dhúshláin agus dheiseanna i dtorthaí Daonáireamh 2016

Foilsíodh ‘Torthaí Achomair Dhaonáireamh 2016, Cuid 1’ inniu a léiríonn na chéadtorthaí maidir le húsáid na Gaeilge i measc daonra 4,761,865 na hÉireann.  Dúirt 1,761,420 (39.8%) de fhreagróirí go raibh siad in ann an Ghaeilge a labhairt, titim bheag 0.7% ar fhigiúr 2011. As an 1,761,420 duine a bhí in ann an Ghaeilge a labhairt, labhair 73,803 acu sin an Ghaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais, laghdú 3,382 ar fhigiúr 2011.

Ag labhairt dó inniu ar fhoilsiú na dtorthaí, dúirt Seán Ó Coinn, Priomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge go léiríonn an titim ar líon na ndaoine atá in ann an Ghaeilge a labhairt “na dúshláin agus na deiseanna atá roimh Fhoras na Gaeilge agus earnáil na Gaeilge sna blianta amach romhainn. Cé go léiríonn na figiúirí go bhfuil titim bheag ann, tá 1,761,420 cainteoir Gaeilge in Éirinn go fóill agus is ábhar dóchais an méid sin.  Dúirt sé  “is ábhar imní an laghdú 11.2% atá tar éis teacht ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta, go háirithe i gcontaethe Mhaigh Eo, Dhún na nGall agus Chiarraí. Léiríonn na figiúirí sin dúinn a leochailí atá an Ghaeilge sa Ghaeltacht. É sin ráite, seasann daonra iomlán na Gaeltachta ag 96,090 agus tá Gaeilge ag 66.3% den daonra sin. Ní mór dúinn an deis a thapú tríd na prósis pleanála teanga le dul i bhfeidhm ar an 33.7% acu sin nach bhfuil ag labhairt Gaeilge.”

Ag tagairt don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 dúirt Ó Coinn “bhí tús lag ag forbairt na Straitéise sna blianta tosaigh de bharr chúrsaí geilleagair ach tá 6 cheanneagraiocht Ghaeilge ann ó 2014 a dhíríonn go sonrach ar réimsí oibre éagsúla a chuireann deiseanna úsáide don Ghaeilge ar fáil. Le bunstruchtúir An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 curtha i bhfeidhm, tá próiseas pleanála teanga in áit lena n-áirítear Limistéir Pleanála Teanga, Bailte Seirbhíse Gaeltachta, Líonraí Gaeilge agus an Polasaí don Oideachas Gaeltachta. Struchtúir iad atá á bhforbairt le tógáil ar líon na gcainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht’.

Ag tagairt don chóras oideachais, dúirt Ó Coinn “is ábhar dóchais é líon na ndaoine óga (69.9%) idir 10 agus 19 atá in ann an Ghaeilge a labhairt, rud a léiríonn go bhfuil ag éirí le múinteoirí i roinnt mhaith dá scoileanna dul i bhfeidhm ar dhaoine óga. Tá sé soiléir mar sin féin gur gá amharc ar an gcóras oideachais lena fháil amach cad é mar is féidir dul i ngleic leis an aon trian den aoisghrúpa sin (30.1%) a mheasann nach bhfuil labhairt na Gaeilge acu i ndiaidh teacht tríd an chóras oideachais.”

D’fháiltigh Foras na Gaeilge go mór roimh mhaoiniú breise €750,000 a cheadaigh An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta i mí na Nollag 2016, agus le fógairt na Roinne inniu. Dúirt Ó Coinn, “Is léir go bhfuil deireadh tagtha le ré na gciorruithe agus go mbeidh deis againn aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a leiríonn na figiúirí daonáirimh in 2017 lenár bpáirtithe leasmhara.”

Beidh na torthaí á scagadh ag Foras na Gaeilge leis na Ceanneagraíochtaí Gaeilge, leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta , An Roinn Oideachais agus Scileanna chomh maith le páirtithe leasmhara eile na míonna amach romhainn.

 

Críoch

 

Tuilleadh eolais:

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175    

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie

Stádas: Choose Status

06 Aib
2017
Nuacht, Preasráitis

Pacáistíocht Dhátheangach: treoir dea-chleachtais gnó seolta ag an Aire Stáit Seán Kyne T.D.

Sheol Seán Kyne, T.D., Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta an ríomhleabhar Pacáistíocht Dhátheangach: treoir dea-chleachtais gnó ag ocáid inné in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (ITBÁC), Sráid Aungier, Baile Átha Cliath 2.

Is é Pacáistíocht Dhátheangach: treoir dea-chleachtais gnó an dara ríomhleabhar sa tsraith ríomhleabhar treorach atá foilsithe ag Foras na Gaeilge don earnáil ghnó a dhíríonn ar phrionsabail an dátheangachais i gcomharthaíocht agus pacáistíocht. Tá sé mar aidhm ag an treoirleabhar an dea-chleachtas i leith úsáid na Gaeilge ar phacáistíocht a aithint agus le tabhairt le fios do lucht gnó gur acmhainn luachmhar í an teanga gur féidir úsáid le tomhaltóirí a mhealladh i dtreo a gcuid táirgí. Ba chomhfhiontar an ríomhleabhar a seoladh idir Foras na Gaeilge agus ITBÁC, a rinne an buntaighde don fhoilseachán.

Ag labhairt dó ag an seoladh dúirt an tAire Kyne gur ‘céim mhór’ a bhí sa ríomhleabhar a dhíríonn ar an réimse ‘lipéadú agus pacáistiú dátheangach’ atá luaite go sonrach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. D’fháiltigh sé go mór roimh an bhfoilseachán agus leag sé béim ar ‘an tábhacht faoi leith a bhaineann le gnólachtaí atá ag freastal ar chustaiméirí i nGaeilge agus i mBéarla sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus Limistéir Pleanála Teanga’ a chumasú le treoirleabhar praiticiúil den chineál seo.

Dúirt Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, ‘Aithníonn Foras na Gaeilge an tábhacht a bhaineann le húsáid na Gaeilge i ngach uile gné den tsochaí, agus tacaíonn an ríomhleabhar go mór le húsáid na Gaeilge mar uirlis mhargaíochta san earnáil gnó tráchtála.’ Dúirt Ó Coinn go bhfuil córas nua aitheantais á fhorbairt ag Foras na Gaeilge do ghnólachtaí faoi láthair ar a dtugtar Q-Mharc Gnó le Gaeilge, ‘a thabharfaidh aitheantas do ghnólachtaí a dhíríonn ar sheirbhísí de dhea-chleachtas an dátheangachais a chur ar fáil do chustaiméirí’. Beidh tuilleadh eolais faoin mórscéim seo ar fáil ó Fhoras na Gaeilge níos déanaí i mbliana.

Críoch

 

Nótaí don Eagarthóir:

  • Chuir Uachtarán ITBÁC, An tOllamh Brian Norton, An Dr. Máire Mhic Mhathúna, Cathaoirleach Choiste Acht na dTeangacha, ITBÁC agus An Brian O'Neill, Stiúrthóir Taighde, Fiontraíochta agus Seirbhísí Nuálaíochta, taispeántas ó mhic Léinn, fiontraithe agus baill foirne faoi bhráid an Aire Stáit Kyne agus fheidhmeannaigh Fhoras na Gaeilge ag an ócáid chéanna. Bhí tionscadail ó mhic léinn an MSc sa Nuálaíocht Cócaireachta agus Forbairt Táirgí Bia, Oifig na Gaeilge ITBÁC, An Cumann Gaelach agus Iris TAIRSEACH i measc na dtaispeántas.
  • Is iad Jean Cahill, Ceann na Fiontraíochta, Taighde agus Forbartha, Eolaíochtaí agus Sláinte agus an Dr. Olivia Freeman, léachtóir, Scoil na Margaíochta ITBÁC a rinne an buntaighde don ríomhleabhar Pacáistíocht Dhátheangach: treoir dea-chleachtais gnó.

Tuilleadh eolais

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175    

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie

Stádas: Choose Status

05 Aib
2017
Nuacht, Preasráitis

Breis agus 8,000 údar óg páirteach in Scríobh Leabhar 2016/17

Ag ócáid ar an Máirt, an 4 Aibreán, i nGaelscoil na Dúglaise bronnadh gradaim ar roinnt den 1,000 páiste a cheap, a dhear agus a d’fhoilsigh leabhair dá gcuid féin i nGaeilge mar chuid den tionscadal Scríobh Leabhar de chuid Fhoras na Gaeilge i gCo. Chorcaí. Bhí an ceoltóir agus amhránaí John Spillane i láthair mar aoi speisialta ar an oíche chomh maith le ceoltóirí áitiúla lena n-éacht a cheiliúradh leis na páistí. Ag labhairt di ag an ócáid bhronnta, dúirt Stiúrthóir Ionad Oideachais Tacaíochta Chorcaí, Niamh Ní Mhaoláin, go raibh ‘ríméad’ uirthi faoi ardchaighdeán na leabhar agus faoin ‘dearcadh dearfach a chruthaigh an tionscadal i leith na Gaeilge sna scoileanna’.

Ar an iomlán i mbliana ghlac 121 scoil agus breis agus 8,000 páiste páirt sa tionscadal agus scríobhadh thart ar 5,000 leabhar. Beidh ócáidí eile ar aon dul leis an searmanas seo ar siúl i gceantair eile sna seachtainí amach romhainn mar cheiliúradh ar a bhfuil bainte amach ag daltaí óga ar fud na tíre. Eagraíonn Foras na Gaeilge an tionscadal Scríobh Leabhar i gcomhar le roinnt de na hIonaid Oideachais: Ionad Oideachais an Chláir, Ionad Oideachais Iarthar Chorcaí, Ionad Oideachais Bhaile Átha Cliath Thiar, Ionad Oideachais Chora Droma Rúisc, Ionad Oideachais Laoise, Ionad Oideachais Thrá Lí, Ionad Oideachais Chill Chainnigh, Ionad Oideachais Tacaíochta Chorcaí , Ionad na Múinteoirí Ghort an Choirce i nDún na nGall agus An tÁisaonad i mBéal Feirste.

Tá páirt glactha ag níos mó ná 50,000 dalta sa tionscadal Scríobh Leabhar ó cuireadh ar bun é sa scoilbhliain 2006/2007. Ní hé amháin go scríobhann na daltaí leabhair dá gcuid féin mar chuid den tionscadal seo ach bíonn deis acu chomh maith scéalta le leanaí as scoileanna eile a léamh agus a phlé. Tugann sé deis spreagthach don pháiste a m(h)othúcháin a léiriú trí mheán na Gaeilge. Anuas air sin, cothaíonn sé comhoibriú idir pobail scoileanna agus cuirtear na daltaí ar an eolas faoin gcoincheap maidir le hathbhreithniú piaraí agus go háirithe cothaíonn sé cruthaitheacht agus cur chuige iomlánaíoch d'fhorbairt an pháiste. Bíonn ról lárnach ag na múinteoirí freisin sa tionscadal Scríobh Leabhar agus cuirtear cúrsa inseirbhíse ar fáil dóibh d'fhonn cuidiú leo cúnamh a thabhairt do na daltaí ina gcuid iarrachtaí.

“Is deis iontach é seo do leanaí spraoi a bhaint as an nGaeilge agus ag an am céanna a gcuid samhlaíochta a léiriú," a dúirt Aedín Ní Bhroin, Stiúrthóir Chlár na Leabhar Gaeilge, Foras na Gaeilge. “Scríobhann siad faoi gach cineál ábhar, óna laethanta saoire lena muintir, a n-eachtraí lena gcairde, a gcuid peataí agus an saol mór trína súile féin. Ní hamháin go ligeann an tionscadal seo dóibh leabhar dá gcuid féin a chruthú, idir a scríobh agus a mhaisiú, ach is iontach an bealach é freisin chun misneach a chothú iontu as an gcumas Gaeilge atá acu", a dúirt sí.

“Tugann tionscadal Scríobh Leabhar an deis do pháistí óga a gcumas, a gcruthaitheacht agus a ndíograis i leith na Gaeilge a léiriú ó aois an-óg. Tá sé mar aidhm ag Foras na Gaeilge go mbeadh deiseanna labhartha agus scríofa ag daoine óga agus tá an aidhm sin bainte amach go paiteanta ag Scríobh Leabhar. Is mór an méid atá bainte amach nuair a amharcann tú ar líon na bpáistí agus na scoileanna a ghlac páirt sa tionscadal ó cuireadh tús leis níos mó ná deich mbliana ó shin", a dúirt Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge. “Tá muid faoi chomaoin ag Ionad Oideachais Tacaíochta Chorcaí agus ag na hionaid ar fad as a bheith páirteach arís i mbliana. Tá ardmholadh tuillte ag na hionaid, chomh maith leis na páistí agus na múinteoirí as an fhás as cuimse atá tar éis teacht ar an tionscadal”, a dúirt sé.

* Críoch *

 

Tuilleadh eolais:

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175    

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie

Stádas: Choose Status

06 Már
2017
Nuacht

Spotsolas - Gaelchultúr

Bunaíodh Gaelchultúr in 2004 agus é mar aidhm aige an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach, idir cheol, amhránaíocht agus damhsa, a chur chun cinn i mBaile Átha Cliath agus ar fud na tíre.

 

Cuireann Gaelchultúr cúrsaí agus acmhainní foghlama Gaeilge ar an gcaighdeán is airde ar fáil, atá dírithe ar dhaoine fásta ar fud na cruinne a bhfuil spéis acu sa teanga. Tá sé mar sprioc againn seirbhísí den scoth a thairiscint d’fhoghlaimeoirí agus do chainteoirí líofa chun iad a spreagadh lena gcuid Gaeilge a fheabhsú agus a shaibhriú. Tá cúrsaí Gaeilge á reáchtáil ag Gaelchultúr timpeall na hÉireann, agus múinteoirí cumasacha ina mbun, agus cuireann ár suíomh gréasáin ríomhfhoghlama, ranganna.com, deiseanna ar fáil d’fhoghlaimeoirí i ngach cearn den domhan cur lena gcuid Gaeilge.

Ó bhí 2005 ann, tá Gaelchultúr ag cur sainchúrsaí Gaeilge ar fáil i gcomhlachtaí de chuid na hearnála poiblí chun cabhrú leo a gcuid dualgas maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chomhlíonadh. Bíonn formhór na gcúrsaí a reáchtálaimid dírithe ar na baill foirne sin a mbíonn teagmháil rialta acu leis an bpobal agus an aidhm a bhíonn leis an oiliúint ná cur ar chumas na rannpháirtithe seirbhís do chustaiméirí a chur ar fáil trí Ghaeilge.

Ó bhí 2011 ann, tá Gaelchultúr roghnaithe ag Foras na Gaeilge le cúrsaí oiliúna a fhorbairt don earnáil phoiblí. Faoin scéim seo, tá Gaelchultúr tar éis an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil (TGG) a fhorbairt. Tá an-rath ar an TGG agus tá an líon daoine atá ag tabhairt faoi ag fás go leanúnach. I bhfómhar na bliana 2012 a reáchtáil Gaelchultúr an cúrsa den chéad uair, ag leibhéal 4 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí (CNC), agus ceathrar a d’fhreastail air. Anois, is féidir an TGG a dhéanamh ag leibhéil 3, 4, 5 agus 6 den CNC agus reáchtáiltear é in áiteanna éagsúla ar fud an oileáin. In 2016, thug breis agus 280 fostaí ón earnáil phoiblí faoin gcúrsa seo.

I samhradh na bliana 2013 bhronn Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI) stádas mar choláiste tríú leibhéal ar Ghaelchultúr. Lena chois sin, thug siad cead don chomhlacht Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán a chur ar fáil ag leibhéal 9 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí. Bhí tús curtha, mar sin, le Coláiste na hÉireann, an chéad institiúid tríú leibhéal lán-Ghaeilge. Tá trí ghrúpa éagsúla tar éis an dioplóma iarchéime seo a bhaint amach ó cuireadh tús leis agus tá an ceathrú grúpa i mbun an chláir faoi láthair.

Trí shuíomh ríomhfhoghlama an chomhlachta, www.ranganna.com, bíonn foghlaimeoirí fásta na Gaeilge ag cur barr feabhais ar a gcumas sa teanga ó gach cearn den domhan. In 2016 thug breis agus 4,000 duine faoi chúrsaí ar an suíomh.

Tá go leor foilseachán curtha i gcló ag Gaelchultúr, idir leabhair d’fhoghlaimeoirí fásta agus acmhainní do mhúinteoirí bunscoile. Is é an foilseacháin i mó tóir atá foilsithe ag an gcomhlacht ná Gramadach gan Stró!; foilsíodh an ceathrú heagrán den ghraiméar seo in 2016 agus tá breis agus 20,000 cóip den leabhar díolta go dtí seo. Tá na foilseacháin seo, mar aon le go leor táirgí eile, ar díol ar shiopa ar líne an chomhlachta, www.siopa.ie.

Le tacaíocht ó Chlár na Leabhar Gaeilge, reáchtálann Gaelchultúr club leabhar Gaeilge ar líne, www.ClubLeabhar.com, le tacú agus le cabhrú le léamh agus le foilsiú leabhair Gaeilge. Roghnaítear leabhar gach mí le léamh agus le plé agus tá beagnach 2,000 ball cláraithe leis an suíomh.

Is mian le Gaelchultúr a chinntiú i gcónaí go mbainfidh foghlaimeoirí taitneamh agus tairbhe as na ranganna dár gcuid a bhfreastalóidh siad orthu agus go bhféachfaidh siad ar fhoghlaim na Gaeilge mar rud pléisiúrtha seachas mar dhualgas.

Stádas: Choose Status

Cuir d'ainm ar ár liosta poist

Cuir d'ainm ar ár liosta poist leis an nuacht is déanaí maidir le Foras na Gaeilge a fháil.