Gradam

30 Sam
2020
Nuacht, Gradam

Ainmnithe do Ghradam Uí Shúilleabháin 2020

 

 

 

Tá leabhair Ghaeilge ar shár-chaighdeán ainmnithe le haghaidh na nGradam Foilsitheoireachta i mbliana. Is féidir teacht ar na leabhair agus na húdair a bhí ainmnithe le haghaidh Gradam Uí Shúilleabháin thíos anseo. Comhghairdeas mór leo ar fad, go háirithe le buaiteoir na bliana Ré Ó Laighléis, a scríobh an leabhar Máchail - Scéalta Díoltais, foilsithe ag Móinín.

MÁCHAIL le Ré Ó Laighléis, foilsithe ag Móinín – Snátha as a chéile á dtrasnú féin go sciliúil ealaíonta i dtáipéis dhraíochtúil an scéil íogair seo. Scéal atá go hiomlán ar an sprioc maidir le cúrsaí na linne seo. Scéal diamhair, scéal eachtraíochta, scéal fealsúnachta. Saothar atá eisceachtúil ar an uile bhealach!

AN DIABHAIL DÉANTA le Joe Steve Ó Neachtain, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht – Sa chnuasach gearrscéalta seo, cíortar ábhair an saol mór ag brú isteach ar an mbaile beag, saincheisteanna sóisialta, an rachmas ag streachailt leis an mbochtanas, agus an grá agus an briseadh croí in árach a chéile gan stad gan staonadh.

SA TEACH SEO ANOCHT le Micheál Ó Conghaile, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht – Is úrscéal nua é seo ó pheann Mhíchíl Uí Chonghaile. Insíonn an leabhar seo scéal fear atá ar tí siúl amach agus a theach a fhágáil, an teach inar rugadh agus tógadh é, agus a theaghlach ina dhiaidh.

CROÍ CINE cnuasaithe ag Seán de Fréine, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht – Is cnuasach uathúil scríbhneoireachta í Croí Cine a sholáthraíonn réamhrá cuimsitheach fairsing ar scríbhneoireacht na Gaeilge, a shíneann siar chomh fad leis na 1600í go dtí deireadh an 20ú haois. Is cnuasach é seo de na céadta sleachta gairide as litríocht na Gaeilge - scothshamplaí den fhilíocht, de nathanna cainte, agus de scríbhneoireacht shaibhir na Gaeilge ó cuireadh peann Éireannach le pár i gcéaduair sa séú céad.

AN BAILE BEAG GÉIMIÚIL: AMHRÁIN NA TRÁ BÁINE curtha in eagar ag Sinéad Ní Ráinne, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht – Tá cáil i bhfad agus i ngearr ar an Trá Bháin, i gCeantar na nOileán i gConamara mar áit a bhfuil na trí ní nach féidir a fhoghlaim ­sa saol – fonn, féile agus filíocht – le fáil go fairsing ann. Tá sé amhrán déag sa leabhar seo a cumadh sa cheantar féin, nó a chum daoine ón gceantar a chuaigh ar imirce. Tá aiste chuimsitheach

Ar fáil anois le ceannacht:

https://www.siopaleabhar.com/

https://www.litriocht.com/

https://www.siopagaeilge.ie/

https://leabharbreac.com/

 

Stádas: Choose Status

30 Sam
2020
Nuacht, Gradam

Gearrliosta Ghradam de Bhaldraithe 2020

 

 

 

Tá leabhair Ghaeilge ar shár-chaighdeán ainmnithe le haghaidh na nGradam Foilsitheoireachta i mbliana. Is féidir teacht ar na leabhair agus na húdair a bhí ainmnithe le haghaidh Gradam de Bhaldraithe thíos anseo. Comhghairdeas mór leo ar fad, go háirithe le Colmcille Ó Monacháin, a d’aistrigh Ar Luch agus ar Dhuine le John Steinbeck, agus foilsithe ag Leabhar Breac.

ZOG le Julia Donaldson agus Axel Scheffler agus aistrithe ag Tadhg Mac Dhonnagáin, foilsithe ag Futa Fata – Is é Zog an dragún is díograisí ar scoil ach bíonn timpistí aige go minic. Ar ámharaí an tsaoil, tagann cailín beag mistéireach i gcabhair air i gcónaí ach an mbeidh sí in ann cabhrú leis an tasc is doichte seo a dhéanamh: an banphrionsa a ghabháil?

DIALANN DÚRADÁIN: AN FHÍRINNE SHEARBH le Jeff Kinney agus aistrithe ag Máirín Nic Con Iomaire, foilsithe ag Futa Fata – Cheap Greg Heffley go mbeadh sé go hiontach a bheith níos sine, ach níl. Tá brú nua ag baint le cóisirí tí a dtéann buachaillí agus cailíní chucu in éineacht. Tá freagrachtaí nua ar Ghreg. Tá sé féin ag fás agus ag athrú agus níl a sheanchara, Rowley, thart chun labhairt leis faoi seo ar fad. An mbeidh Greg in ann ag an saol nua seo as féin? Nó an mbeidh air déileáil leis an “fhírinne shearbh”?

SLAT RÍOGA OTTOKAR le Hergé agus aistrithe ag Gabriel Rosenstock, foilsithe ag Dalen Éireann – Tugann Tintin aghaidh ar ríocht bheag, an tSildáivé, áit a bhfuil comhcheilg ar bun i gcoinne an rí óig, Múisc Áir XII. Is mian leis na comhchealgairí Ríshlat an Rí Ottokar a ghoid, siombail na ríochta. Má éiríonn leo, beidh ar an rí éirí as. Tá an tír ag cur thar maoil le feallairí! An éireoidh le Tintin an rí agus an tSildáivé a shábháil?

ASTERIX igCOILL CINSEALACHTA le René Goscinny agus Albert Uderzo agus aistrithe ag Gabriel Rosenstock, foilsithe ag Dalen Éireann – Tá Asterix agus a chomh-Ghallaigh ag seasamh in aghaidh impiriúlachas na Róimhe, mar is dual dóibh. Tá plean ag Caesar chun an lámh in uachtar a fháil orthu faoi dheireadh — an ceantar a phlódú le plandálaithe! Seasann Asterix agus a chairde in aghaidh na bplandálaithe ar dtús ach tuigeann siad de réir a chéile go mb’fhéidir go bhfuil an domhan ag athrú. An gcaithfidh na Gallaigh athrú nó má athraíonn siad an gcuirfidh siad a dteanga agus a gcultúr ársa i mbaol?

NICOLÁS BEAG: EACHTRAÍ le René Goscinny agus Jean-Jacques Sempé agus aistrithe ag Séamus Ó Coileáin, foilsithe ag Dalen Éireann – Seo Nioclás Beag, buachaill scoile atá lán d’fhuinneamh agus de dhiabhlaíocht agus a bhíonn i gcónaí i dtrioblóid. Is cuma más ar scoil nó sa bhaile atá sé, bíonn sé ina liútar éatar nuair a bhíonn Nioclás agus a chairde le chéile. Tá deis anois againn scéalta na heachtraíochta sin a léamh nó a athléamh inár dteanga féin.

AR LUCH AGUS AR DHUINE le John Steinbeck agus aistrithe ag Colmcille Ó Monacháin, foilsithe ag Leabhar Breac– Eagrán álainn Gaeilge den tseanchlasaic le John Steinbeck Of Mice and Men a céadfhoilsíodh sa bhliain 1937, ceann de mhórshaothair na haoise seo caite.

Ar fáil anois le ceannacht:

https://www.siopaleabhar.com/

https://www.litriocht.com/

https://www.siopagaeilge.ie/

https://leabharbreac.com/

Stádas: Choose Status

30 Sam
2020
Nuacht, Gradam

Gearrliosta Ghradam Réics Carló 2020

 

 

 

Tá leabhair Ghaeilge ar shárchaighdeán ainmnithe le haghaidh na nGradam Foilsitheoireachta i mbliana. Is féidir teacht ar na leabhair agus na húdair atá ainmnithe le haghaidh Ghradam Réics Carló thíos anseo. Comhghairdeas mór leo ar fad, go háirithe le buaiteoir na bliana, Máire Zepf, a scríobh an An Féileacán agus an Rí, maisithe ag Shona Shirley Macdonald, agus foilsithe ag Futa Fata.

SCÚNC AGUS SMUIRÍN le Muireann Ní Chíobháin agus maisithe ag Paddy Donnelly, foilsithe ag Futa Fata – Tá grá mór ag Scúnc beag dá bhréagán bog, Smúirín. Is é Smúirín an compánach is ansa leis ar domhan. An rud is deise faoi Smúirín ná an boladh atá uaidh. Ach lá amháin, cailleann Smúirín a bholadh. An féidir le Mamaí an scéal a chur ina cheart?

AR STRAE le Patricia Forde agus maisithe ag John White, foilsithe ag Futa Fata – Tá Nizar i bhfad ó bhaile. B’éigean dó a bhaile sa tSiria a fhágáil nuair a thosaigh an cogadh. Tá cónaí anois air in óstán in Éirinn agus níl a fhios aige cén fhad a bheidh sé ann. Tá an saol an-deacair ar Nizar. Ansin lá amháin, bualann sé le cara nua, atá imithe ar strae…

MÍP le Máire Zepf agus maisithe ag Paddy Donnelly, foilsithe ag Futa Fata – Is í Míp an robat is cliste dár déanadh riamh. Tá sí á seoladh go Mars, le fáil amach an bhfuil eachtráin ina gcónaí ann. Tógann sí go leor pictiúr ann agus cuireann sí ar ais chuig an domhan iad, ach cá bhfuil na heachtráin? Ansin, tarlaíonn tubaiste. “Tá Míp bhocht réidh” a deir na heolaithe. Ach an bhfuil?

AN FÉILEACÁN AGUS AN RÍ le Máire Zepf agus maisithe ag Shona Shirley Macdonald, foilsithe ag Futa Fata – Tá scéal Éadaoin agus Mhír á insint in Éirinn le breis agus míle bliain. Baineann Máire Zepf casadh nua as an seanscéal ina leagan féin agus tugtar draíocht na samhlaíochta Gaelaí chun beatha in ealaín aoibhinn Shona Shirley Macdonald.

BRÍSTE AN CHEOLTÓRA le Pádraig Standún agus maisithe ag Clifford Hayes agus Deirdre Ní Thuathail, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht – Tá Jessica agus Simon ag freastal ar choláiste samhraidh chomh maith le ranganna ceol uirlise. Ba mhaith leo a bheith ina gceoltóirí, ach tá drogall orthu mar gheall ar an síorchleachtadh a bhíonn ag teastáil chuige seo. Cad a tharlódh dá bhféadfaidís dul timpeall ar fhadhb an chleachtais?

RITA AGUS AN NINJA le Máire Zepf agus maisithe ag Andrew Whitson, foilsithe ag An tSnathaid Mhór - Is cailín beag í Rita le smaointe móra.Is breá léi dul i bhfolach. Ba mhaith léi traenáil mar ninja. Ansin, bheadh sí ciúin, gasta, dofheicthe. Ach cén deireadh a bheadh leis?

NEANSAÍ AR AN BHFEIRM le hOrna Ní Choileáin agus maisithe ag Aidan J. Collions, foilsithe ag LeabhairCOMHAR – Tá fonn eachtraíochta ar Neansaí, cailín a chuirfeadh aoibhneas ar do chroí. Ar ndóigh, glactar leis go bhfuil sí soineanta go dtí go gcruthaítear a mhalairt! Pictiúr leabhar álainn ina ndéanann cailín óg cairdeas le an-chuid ainmhithe feirme. Cuireann íomhánna bríomhaire agus nua-aimseartha go mór leis an scéal.

Ar fáil anois le ceannacht:

https://www.siopaleabhar.com/

https://www.litriocht.com/

https://www.siopagaeilge.ie/

https://leabharbreac.com/

Stádas: Choose Status

Cuir d'ainm ar ár liosta poist

Cuir d'ainm ar ár liosta poist leis an nuacht is déanaí maidir le Foras na Gaeilge a fháil.