Preaseisiúint - Crossways 2021 – féile ar líne de scríbhneoireacht as Éirinn agus as Albain

05 Fea

 

 

 

Beidh Crossways 2021, mórfhéile de scríbhneoireacht as Éirinn agus Albain, ag tarlú ar líne deireadh seachtaine an 12 go dtí an 14 Feabhra 2021. Bíonn Crossways á eagrú ag an fhoilsitheoir Duillí Éireann agus a eagarthóir Chris Agee. I mbliana, ainneoin dhúshláin COVID, tá méadú ar an fhéile. Dúirt Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, “Tá lúcháir orainn maoiniú a chur ar fáil do Crossways 2021 mar chuid de Cholmcille 1500, comóradh 1500 bliain ó rugadh Naomh Colm Cille, naomh a aontaíonn Éire agus Albain agus atá aitheanta mar fhile agus naomhphátrún filí.” Tá Crossways 2021 á mhaoiniú ag clár Cholmcille d’Fhoras na Gaeilge, Bòrd na Gàidhlig, agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha i mBaile Átha Cliath.

I mbliana beidh tromlach na léamh i nGaeilge na hÉireann agus na hAlban. Is é an file Simon Ó Faoláin léiritheoir Ghaeilge na hÉireann, agus is í an file an tOllamh Meg Bateman léiritheoir Ghaeilge na hAlban.

Tarlaíonn an fhéile i nGlaschú de ghnáth, ach d’fhéile ar líne 2021 thaistil Winnie Brooke Young, cainteoir Gaeilge as an Oileán Sgitheanach ar fud Éireann agus Alban le linn bearnaí sa dianghlasáil gur thaifead sí físeáin ardchaighdeáin d’fhilí ag léamh as a saothar. Beidh na físeáin beo ar an 12 Feabhra ag www.crossways festival.org. Beidh beirt scríbhneoirí i ngach seisiún, Nuala Ní Dhomhnaill agus Aonghus Dubh MacNeacail, mar shampla, nó Paula Meehan agus Kathleen Jamie.

Is é Duillí Éireann a d’fhoilsigh The Other Tongues: An Introduction to Irish, Scots Gaelic and Scots in Ulster and Scotland agus Crann na Teanga/The Language Tree, mórchnuasach d’fhilíocht Chathail Uí Shearcaigh. Cuireann Crossways 2021 go mór leis an chaidreamh idir scríbhneoirí Gaeilge agus Ghaeilge na hAlban, ag tógáil ar oidhreacht Thuras na bhFilí agus An Leabhar Mòr – The Great Book of Gaelic.

Críoch

Cuir d'ainm ar ár liosta poist

Cuir d'ainm ar ár liosta poist leis an nuacht is déanaí maidir le Foras na Gaeilge a fháil.