Seirbhísí Corparáideacha
Ár Misean
A chinntiú go n-eagrófar an eagraíocht ar bhealach éifeachtach réidh.
Ár Ról
Pleananna fadtéarmacha agus gearrthéarmacha a ullmhú chomh maith le tuarascálacha bliantúla a chur ar fáil. Titeann cúrsaí taighde an Fhorais faoin réimse seo chomh maith le riarachán agus tacaíocht a chur ar fáil taobh istigh d’Fhoras na Gaeilge agus bainistíocht éifeachtach a dhéanamh ar phróisis airgeadais, acmhainní daonna agus T.F.
Freagrachtaí
- Feidhm éifeachtach pleanála corparáide a fhorbairt taobh istigh d’Fhoras na Gaeilge lena n-áirítear pleananna aonad gnó, cláir oibre, buiséid agus tuarascálacha bliantúla, chomh maith le pleananna corparáideacha.
- Forbairt a dhéanamh ar tháscairí oiriúnacha feidhmithe le tacú leis an bpróiseas pleanála.
- An clár taighde a stiúradh agus a eagrú.
- Bainistiú a dhéanamh ar chúrsaí airgeadais Fhoras na Gaeilge ar bhealach atá seasmhach leis an Meamram Airgeadais, rud a chiallóidh go mbeidh tacaíocht iomlán á tabhairt d’imeachtaí na rannóg eile.
- Seirbhís éifeachtach acmhainní daonna a chur ar fáil do bhainistíocht agus d’fhoireann Fhoras na Gaeilge a chlúdaíonn réimsí eagsúil ar nós earcaíochta, traenála agus fhorbairt na foirne.
- A chinntiú go bhfuil forbairt, treisiú agus cothabháil reatha á ndéanamh ar na córais T.F. chuí i bhForas na Gaeilge.
Réimsí Oibre
Pleanáil Chorparáideach Airgeadas
Acmhainní Daonna Teicneolaíocht na Faisnéise
ÁIS (Áisíneacht Dáiliúchán Leabhar)
Foireann
Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha
Shane Ó hEidhin (Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha)
Airgeadas, Acmhainní Daonna, Teicneolaíocht na Fáisnéise
Mairéad Ní Chéadagáin (Clárbhainisteoir)
Aisling Nic Craith
Máire Ní Laoire
Colm Ó hArgáin
Anna Lee
Caitríona Howard
Fiach Uíbh Eachach
Niamh Ní Thuama
Bee Ní Choitir
Pleanáil Chorparáideach
An Dr. Seán Ó Cearnaigh (Clárbhainisteoir)
Sadhbh Ní Ógáin
ÁIS
Cáipéisí Corporáideacha
Brúigh anseo do cháipéisí corporáideacha Fhoras na Gaeilge.
Sonraí Teagmhála
Oifig Átha Cliath:
Teil: +353 1 639 8400 Facs: +353 1 639 8401 eolas@forasnagaeilge.ie