Siompóisiam Foclóireachta – 27 Márta 2021

Foclóireacht na Gaeilge agus Pobal na Gaeilge: Cá bhfuil ár dtriall?

Anois agus tionscadal an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge i gcrích, tá Foras na Gaeilge ag iarraidh riachtanais phobal na Gaeilge i leith na foclóireachta Gaeilge a iniúchadh agus a fhiosrú. Sa siompóisiam seo, beidh painéal cainteoirí ag caint ar a dtaithí féin i réimsí ar leith i saol na Gaeilge. Beidh seisiún plé agus ceisteanna ag an deireadh ina dtabharfar deis don lucht féachana ceisteanna a chur faoi bhráid na gcainteoirí.  

Dáta

    Dé Sathairn 27 Márta 10:00-12:30

    Áit

      https://zoom.us/j/97851771692

      Cainteoirí

      • Dónal Ó hAiniféin (An Gaeloideachas)
      • Máirín Ní Ghadhra (Na Meáin)
      • Máire Ní Fhinneadha (Pobal na Gaeltachta)
      • Dónall Ó Braonáin (An tOideachas 3ú Leibhéal)
      • Sorcha Ní Mhonacháin (Ag Tógáil Páistí le Gaeilge)
      • Pádraig Ó Mianáin (Eagarthóir Foclóireachta FnaG)
      • Áine Ní Chiaráin (Cathaoirleach)
      Saor in aisce. Fáilte roimh chách.

Cuir d'ainm ar ár liosta poist

Cuir d'ainm ar ár liosta poist leis an nuacht is déanaí maidir le Foras na Gaeilge a fháil.