Le teacht ar leagan PDF de leabhar oibre an dalta féadfaidh tú cliceáil ar an NASC SEO
Tá sé á chur ar fáil le híoslódáil ag lucht bunscoile atá i muinín na cianfhoghlama fad is a bheidh scoileanna dúnta le linn géarchéim Covid 19
Scéim bliana le haghaidh Rang 6 atá sa phacáiste Féach Thart: Tíreolaíocht.
Cuirtear 19 dtéama i láthair na ndaltaí, iad uile bunaithe ar cheann de shnáithaonaid an churaclaim OSIE. Is le sraitheanna sleamhnán Powerpoint a chuirtear na téamaí i láthair agus tá leabhar oibre ag gabháil leis an ábhar freisin. Nascanna beo atá leagtha amach thíos – an leabhar oibre agus 19 sraith sleamhnán. Is féidir cliceáil orthu le dul díreach chuig an ábhar atá uait.
Mura n-éiríonn leat na sleamhnáin a íoslódáil, moltar duit malairt brabhsálaí a thriail.